Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Níor cheart do bheartas iomaíochta an Aontais srian a chur le tacaíocht áitiúil agus réigiúnach  

Ba é ábhar tuairime a glacadh ag seisiún iomlánach mhí na Nollag i gCoiste Eorpach na Réigiún ná tionchar bheartas iomaíochta an Aontais ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Le linn díospóireacht idir comhaltaí den Choiste agus Margrethe Vestager, Coimisinéir an Aontais um Iomaíocht, mhol na comhaltaí go tréan go gceadódh na rialacha do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta agus eacnamaíocha ach gan sin a bheith á mheas mar státchabhair.

A bhuí lena bheartas iomaíochta tá an tAontas Eorpach i gcumas an margadh inmheánach agus a thomhaltóirí a chosaint ar mhí-úsáid a d’fhéadfadh mórghnólachtaí a dhéanamh; murach sin, d’fhéadfadh na gnólachtaí céanna praghsanna iomarcacha a ghearradh nó coinníollacha míchothroma a bhrú chun cinn a mbeadh drochéifeachtaí acu ar shaoránaigh agus ar gheilleagair áitiúla agus réigiúnacha. Tagann den bheartas sin freisin srian a chur le hidirghabháil an stáit as a n-eascraíonn fadhbanna d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha atá i mbun seirbhísí poiblí a chur ar fáil nó atá i mbun tacaíocht a thabhairt dá ngnólachtaí áitiúla agus dá ngeilleagair áitiúla.

"D’fhéadfadh cinntí maidir le hiomaíocht, rialuithe cánach san áireamh, cur isteach ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha, óir is féidir leo tionchar mór a bheith acu ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach . Is soláthraithe seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (SGEI) iad, agus is misean tábhachtach é sin chun tacú le muintir na hEorpa ina ngnáthshaol ó lá go lá. I dtaca leis an gcúram seo, ní foláir tacaíocht a thabhairt do chathracha agus do réigiúin, a fhad a bhaineann le beartas iomaíochta an Aontais freisin", a dúirt Karl-Heinz Lambertz , Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, agus tús á chur aige leis an díospóireacht.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Margrethe Vestager, Coimisinéir an Aontais um Iomaíocht: "Táimid ar cóimheon le Coiste na Réigiún nach gá don Choimisiún Eorpach idirghabháil a dhéanamh i gcás nach bac ar an iomaíocht ar scála Eorpach an caiteachas poiblí. Is é an ról atá againn ná a chinntiú gur margadh oscailte cothrom é margadh na hEorpa. Is gá dúinn a chinntiú freisin nach gcoiscfidh comhlachtaí atá ag fáil státchabhrach, nach gcoiscfidh siad ar shaoránaigh agus ar fhiontraithe a bhfuil smaointe nuálacha acu bheith istigh a fháil sa mhargadh. Níor cheart státchabhair a thabhairt ach amháin mura féidir tionscadal a thabhairt i gcrích tríd an margadh. Is mór againn an deis a bhí againn inniu tuairimí a phlé le hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha a bhfuil réimsí sonraithe acu inar gá dúinn ár gcuid oibre a bhrú chun cinn.

Sa tuairim ó Choiste na Réigiún leagtar béim ar thionchar dearfach an bheartais iomaíochta Eorpaigh ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí, trí rogha níos leithne a thabhairt do shaoránaigh agus tríd an nuálaíocht a spreagadh, agus moltar an Coimisiún Eorpach as dul i ngleic le saincheisteanna na geobhlocála agus na ríomhthráchtála a dhéanann tairbhe do thomhaltóirí Eorpacha.

Os a choinne sin, dúirt Michael Murphy (IE/PPE), comhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann agus rapóirtéir thuairim Choiste na Réigiún, go raibh gá le cur chuige cothrom i dtaca le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta, cur chuige lena gcuirtear san áireamh difríochtaí maidir leis an suíomh geografach agus leis an staid shóisialta agus chultúrtha. Agus seo a raibh le rá aige: "Tá gá againn le tuilleadh simplithe agus rialacha státchabhrach á gcur i bhfeidhm le haghaidh seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne ionas gur féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ina gcáilíocht mar sholáthraithe seirbhísí, freagairt do dhúshláin eacnamaíocha áitiúla, go háirithe sna réigiúin fhorimeallacha, áit nach féidir i gcónaí dul i muinín an mhargaidh chun seirbhísí a chur ar fáil, agus fóirithint ar shaoránaigh leochaileacha, ar chomhlachtaí beaga atá ag streachailt agus ar choigilteoirí."

Leagtar béim sa tuairim freisin ar an ngá atá ann a chinntiú go mbeidh iomaíocht chóir agus trédhearcacht praghsanna sa slabhra soláthair bia chun feirmeoirí Eorpach a chosaint. Ag féachaint dó ar dhúshláin atá amach romhainn, mhol Coiste na Réigiún go mbeadh níos mó solúbthachta sna rialacha státchabhrach, rud a chiallaíonn go mbeadh udaráis áitiúla agus réigiúnacha in ann cuidiú ar bealach níos réamhghníomhaí le gnólachtaí Eorpacha na dúshláin eacnamaíocha a bhaineann le Brexit a shárú gan an cúnamh sin a bheith á mheas mar státchabhair.

Ardaíodh ceist na tithíochta sóisialta freisin i dtuairim eile ón gCoiste "I dtreo Clár Oibre Eorpach le haghaidh Tithíochta", a chuir Hicham Imane (BE/PSE), ball de Chomhairle Bhardasach Charleroi, le chéile agus a glacadh an lá céanna. Is é an t-áiteamh a rinne seisean ná nár chóir don bheartas iomaíochta srian a chur le tithíocht shóisialta i gcás na ndaoine is boichte nó i gcás grúpaí sóisialta nach bhfuil chomh maith sin as. I dtaca le pleanáil, soláthar agus maoiniú tithíochta sóisialta ba cheart an tsaoirse a bheith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha cuidiú a thabhairt dóibh siúd atá ina gcónaí i dtithe atá faoi bhun caighdeáin nó róphlódaithe nó dóibh siúd a bhfuil ceangal orthu an chuid is mó dá n-ioncam a chaitheamh chun íoc as tithíocht mhaith.

Tuairimí ó Choiste na Réigiún a bhaineann le hIomaíocht

• Tuairim: I dtreo Clár Oibre Eorpach le haghaidh Tithíochta

• Tuairim: Státchabhair agus Seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (Preaseisiúint)

• Tuairim: Athbhreithniú ar an Treoir maidir le hOibrithe a phostú (Preaseisiúint)

Teagmháil:
Carmen Schmidle
Tel. +32 (0)2 282 2366

carmen.schmidle@cor.europa.eu

Roinn :