Tionchar Covid-19 agus na bearta chun déileáil leis
Ní beag an dochar atá déanta ag paindéim Covid-19 do gheilleagair na hEorpa. Cuireann an Coimisiún um Beartas Eacnamaíoch (ECON) i gCoiste Eorpach na Réigiún feasacháin eacnamaíocha rialta le chéile ina dtugtar an taighde, na hailt agus an t-eolas is déanaí i dtaobh an tionchair shocheacnamaíoch atá ag an bpaindéim san Eoraip agus ina luaitear na bearta éagsúla eacnamaíocha atá beartaithe chun déileáil leis an ngéarchéim agus atá á ndéanamh ar leibhéal na hEorpa, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.
Cuirtear leideanna agus ábhar don fheasachán chuig:
econ@cor.europa.eu.