Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Seomra Ambasadóirí Náisiúnta Chúnant na Méaraí seolta ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Coiste Eorpach na Réigiún  

Is éard is Cúnant na Méaraí ann an ghluaiseacht is mó cathracha agus réigiún ar domhan atá dírithe ar ghníomhaíocht a dhéanamh i leith na haeráide agus an fhuinnimh

Sheol an Coimisiún Eorpach Cúnant na Méaraí in 2008 chun tacú le cathracha agus le réigiúin spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2020 a bhaint amach. Tá an Cúnant i mbun a ról a threisiú anois trína ghealltanas maidir leis an aeráid a chur i gcomhréir le cuspóir an Aontais Eorpaigh aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus trí Sheomra nua Ambasadóirí Náisiúnta a sheoladh chun tacú le cur i bhfeidhm an Chúnaint i ngach Ballstát. Tá níos mó ná 10,000 sínitheoir le Cúnant na Méaraí agus faigheann siad tacaíocht theicniúil agus treoir airgeadais chun pleananna fuinnimh agus aeráide a dhearadh agus a chur chun feidhme, rud a chuidíonn leis an ardú teochta domhanda a choinneáil faoi bhun 1.5 , arb é an uaillmhian is mó i gComhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide é.

An 21 Aibreán, ghlac méaraí agus ceannairí áitiúla ó gach cearn den Aontas Eorpach páirt i seoladh Chúnant na Méaraí nua. Le linn searmanas ar líne, chuir an Bord Polaitiúil fís an Chúnaint ‘ar son Eoraip níos cothroime agus aeráidneodrach’ i láthair, ar gealltanas nua é dírithe ar chathracha agus réigiúin a bhfuil sé mar aidhm acu cur lena n - uaillmhianta maidir leis an aeráid. Gabhfaidh sínitheoirí nua orthu féin a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030 a laghdú oiread céanna lena sprioc náisiúnta féin ar a laghad agus a bheith i gcomhréir le cuspóir an Aontais laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 chomh maith le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Agus í ag iarraidh ar na hionadaithe áitiúla uile a síniú a chur leis an gCúnant nua, dúirt Kadri Simson , an Coimisinéir Eorpach um Fhuinneamh, an méid seo a leanas: “ Is príomhphointe tagartha don ghníomhaíocht áitiúil ar son an fhuinnimh agus na haeráide é Cúnant na Méaraí le trí bliana déag. Ba bhliain chrua í an bhliain seo caite dúinne uile. B’éigean dúinn go léir aghaidh a thabhairt ar éigeandáil na paindéime ach, ag an am céanna, níor éiríomar as bheith ag obair ar son todhchaí níos glaine, níos glaise agus níos fearr. Tá gealltanas tugtha ag an Aontas Eorpach a bheith ar an gcéad réigiún aeráidneodrach ar domhan faoi 2050 ar a dhéanaí agus gheallamar freisin ár n - astaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030. Is mithid anois tús a chur le caibidil nua de Chúnant na Méaraí. Cuirimis le chéile agus tugaimis céim chun tosaigh i dtreo an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Eoraip aeráidneodrach, athléimneach agus chothrom, ar áiteanna a cathracha inar féidir le saoránaigh maireachtáil faoi dhea-shláinte agus inar féidir le gnólachtaí áitiúla saothrú faoi rath, sin é a theastaíonn. Déanaimis den Chúnant áit inar féidir le cathracha uile an Aontais dúshlán a chur rompu féin agus na tréithe is fearr dá gcuid a léiriú.”

Rinneadh Seomra Ambasadóirí Náisiúnta Chúnant na Méaraí a sheoladh le linn an imeachta. Chuir Apostolos Tzitzikostas , Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, béim ar an méid seo a leanas: Inniu féin, tá céim chun tosaigh tugtha ag an Aontas Eorpach trí ghealltanas dlíthiúil a thabhairt an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Chuige sin, is gá oibriú i gcomhar lenár saoránaigh agus inár bpobail féin. Murach sin, ní éireoidh linn ar chor ar bith. Beidh brath an Aontais ar na milliúin polaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha atá sna Ballstáit má tá rath le bheith ar an gComhaontú Glas. Trína gcuid gealltanas a thabhairt arís agus trí líonra Ambasadóirí Náisiúnta Chúnant na Méaraí a sheoladh, tá na réigiúin, na cathracha agus na sráidbhailte tar éis sprioc níos uaillmhianaí don aeráid a leagan síos le gur féidir freastal ar éilimh na ndaoine agus ár bpláinéad a chosaint.”

Seo mar a labhair Kieran McCarthy (IE/EA), comhalta de Chomhairle Cathrach Chorcaí: “ Ó chuaigh sí isteach i gCúnant na Méaraí in 2016, tá bearta misniúla déanta ag cathair Chorcaí, a bhuí le pleananna gníomhaíochta an Chúnaint maidir le fuinneamh inbhuanaithe, agus é curtha roimpi aici astaíochtaí a laghdú 40 % ar a laghad faoi 2030, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cuspóirí aeráide domhanda a bhaint amach. Is iad an éifeachtúlacht fuinnimh agus an caomhnú na príomhthéamaí atá aitheanta againn a bhaineann le Pleananna Náisiúnta na hÉireann. Táimid i mbun infheistiú mór a dhéanamh in athchóiriú foirgneamh agus i bhfoirgnimh chliste. Is tosaíocht dúinn freisin pleanáil a dhéanamh ar úsáid inbhuanaithe talún ós rud é go bhféadfaí tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí a ísliú ach tús áite a thabhairt d’úsáid spásanna glasa ar mhaithe leis an athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú don athrú sin, agus d’fhéadfaí caighdeán maireachtála ár saoránach a fheabhsú san am céanna. Ina theannta sin, tá gealltanas tugtha againn tuairisc a thabhairt gach re bliain ar an dul chun cinn a bheidh déanta chomh maith le fardal a thabhairt cothrom le dáta maidir le faireachán ar astaíochtaí. Measaimid go bhfuil tábhacht thar meán leis sin toisc nach mór iarrachtaí na n-údarás áitiúil a chur san áireamh sna rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (rannchuidithe arna gcinneadh go háitiúil).”

Is é príomhchuspóir Ambasadóirí Náisiúnta Chúnant na Méaraí tacú agus treisiú leis an tionscnamh i ngach Ballstát, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le tíortha ar leith agus naisc agus comhar le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus le Rialtais Náisiúnta a threisiú. Tá sé mar aidhm ag Seomra na nAmbasadóirí Náisiúnta freisin teagmháil a dhéanamh le cathracha agus bardais a d fhéadfadh tairbhe a bhaint as tacaíocht theicniúil agus treoir airgeadais, agus a d fhéadfadh páirt ghníomhach a ghlacadh sa ghníomhú ar son na haeráide.

Dúirt Juan Espadas (ES/PSE), Méara Sevilla agus Cathaoirleach Choimisiún ENVE agus na Meithle um an g Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil i gCoiste na Réigiún, an méid seo a leanas: “Tá Cúnant na Méaraí ar cheann de na tionscnaimh is mó rath ó thaobh comhar idir rialtais áitiúla chun gníomhú ar son na haeráide. Mar Mhéara, agus mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún um an gComhshaol i gCoiste Eorpach na Réigiún, is ábhar bróid dom páirt a ghlacadh i Seomra Ambasadóirí Náisiúnta Chúnant na Méaraí, a seoladh le tacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh. Agus Lá na Cruinne á cheiliúradh ar fud an domhain amárach, tá teachtaireacht láidir le roinnt ag na cathracha agus na réigiúin: táimid tiomanta don aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe a stiúradh ionas gur féidir ár dtodhchaí a chosaint agus chun nach bhfágfar aon duine ar gcúl.”

Is éard a dúirt Rafał Trzaskowski (PL/PPE), Méara Vársá agus ionadaí Choiste na Réigiún ar Bhord Polaitiúil an Chúnaint : “Tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gCoiste na Réigiún tiomanta go huile is go hiomlán d’aistriú glas agus téarnamh glas iar-COVID-19 a chur i gcrích. Tá tionscnaimh cosúil le Cúnant na Méaraí ríthábhachtach chun Eoraip aeráidneodrach a thógáil ón mbun aníos agus chun torthaí nithiúla a bhaint amach do gach saoránach. Leanfaimid de bheith ag cur an Chúnaint chun cinn, ag tacú le rialachas il-leibhéil, ag iarraidh go mbeadh cistí díreacha AE ann, ag oibriú i gcomhar le méaraí agus uachtaráin réigiúnacha eile maille le gnólachtaí agus ollscoileanna, ag lorg réitigh nuálacha, ag malartú dea-chleachtas agus ag cur leis an líonra. Mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún, cuirfidh ár nAmbasadóirí luach breise le Cúnant na Méaraí de thoradh a dtaithí polaitiúla. Is féidir brath air go bhfeidhmeoidh Coiste na Réigiún mar chomhpháirtí iontaofa tiomanta san fhiontar seo.”

Is iad seo a leanas na 27 gcomhalta de Choiste na Réigiún (duine amháin ó gach Ballstát), a dhéanann suas Seomra Ambasadóirí Náisiúnta Chúnant na Méaraí :

Cúlra:

Sheol an Coimisiún Eorpach Cúnant Eorpach na Méaraí don Aeráid agus don Fhuinneamh in 2008 agus é mar aidhm aige a áitiú ar mhéaraí tacú leis chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2020 a bhaint amach (laghdú 20 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990, laghdú 20 % ar an bhfuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh 20 % a bhaint amach). Leis an bhfís nua atá leagtha síos aige, tá Cúnant na Méaraí ag iarraidh déanamh de réir chuspóirí an Aontais laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus a chinntiú go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050. Chun páirt a ghlacadh sa Chúnant téigh go: https://www.cunantnamearai.eu/ .

Is féidir liosta d Ambasadóirí Náisiúnta Chúnant na Méaraí a íoslódáil anseo . Tá tuilleadh eolais le fáil ar ár d tairseach gréasáin .

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoina bhfuil i gceist leis an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil anseo .

Teagmháil:

Floriane Cappelletti // floriane.cappelletti@eumayors.eu

David Crous // david.crous@cor.europa.eu

Roinn :