Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Rabhadh tugtha ag an gCoimisinéir Kadri Simson nach n-éireoidh leis na pleananna maidir leis an téarnamh glas mura mbeidh tacaíocht iomlán na gcathracha agus na réigiún acu  

Plé idir an Coimisinéir Eorpach um Fhuinneamh agus na ceannairí áitiúla i dtaobh an Chomhaontaithe Ghlais agus chur chun cinn an aistrithe go fuinneamh glan; d’iarr siad ar na Ballstáit páirt iomlán a ghlacadh sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta

I ndíospóireacht le Kadri Simson, an Coimisinéir Eorpach um Fhuinneamh, cuireadh béim ar ról na gcathracha agus na réigiún sa téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 agus dúradh go mbeadh an téarnamh sin ríthábhachtach chun dlús a chur leis an aistriú go geilleagar glas. D’athdhearbhaigh comhaltaí an Choimisiúin um an gComhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh (ENVE) i gCoiste Eorpach na Réigiún (CnaR) go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach i sainiú agus i gcur chun feidhme infheistíochtaí tosaíochta, lena n-áirítear an ciste Next Generation EU agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ar na míreanna eile ar an g clár oibre bhí an tionscnamh athchóirithe foirgneamh, an bhithéagsúlacht, an geilleagar ciorclach agus an t-oiriúnú don athrú aeráide.

Tháinig Coimisiún ENVE le chéile arís den chéad uair tar éis shaoire an tsamhraidh agus bhí grúpa comhad tosaíochta agus dhá mhórsprioc rompu ar an gclár oibre. Ba é an chéad mhórsprioc a chinntiú go bhfuil na cathracha agus na réigiúin i gcroílár straitéis téarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an dara mórsprioc a ráthú gurb é an toradh a bheidh ar phleananna téarnaimh COVID-19 ná tionscadail ghlasa inbhuanaithe i ngach ceantar agus réigiún.

Ghlac an Coimisinéir um Fhuinneamh, Kadri Simson, páirt i ndíospóireacht inar díríodh ar ghnéithe fuinnimh a bhaineann le téarnamh na hEorpa, lena n-áirítear an ról atá ag foinsí in-athnuaite fuinnimh, an éifeachtúlacht fuinnimh agus an t-iompar glan chun an téarnamh go geillegar glas a chur chun cinn.

Is é Méara Sevilla agus Cathaoirleach ENVE, Juan Espadas (ES/PSE) , a chuir tús leis an díospóireacht agus dúirt “go raibh ríthábhacht san Eoraip leis go mbeadh ról gníomhach ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha sa straitéis maidir leis an aistriú go fuinneamh glan. Sinne na hionadaithe polaitiúla is fearr a bhfuil eolas againn ar an saol mar atá sé dáiríre inár gceantair agus réigiúin féin agus ar na riachtanais atá ag ár bpobail. Sinne is fearr atá in ann cabhrú go praiticiúil leis na tionscadail infheistíochta sin is fearr a roghnú a bheidh in ann fíorú na straitéise atá sainithe ag an gCoimisiún Eorpach a léiriú.”

Seo mar a labhair an Coimisinéir um Fhuinneamh, Kadri Simson : “Táimid ag obair go dlúth le Coiste na Réigiún chun fís an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a fhíorú ar an leibhéal áitiúil san Eoraip. Is comhpháirtithe ríthábhachtacha iad na réigiúin ó thaobh ár mbeartais aeráide agus fuinnimh a chur chun feidhme agus teacht ar réitigh phraiticiúla. Ní fhéadfaí an tionscnamh nua maidir le hathchóiriú foirgneamh a chur i bhfeidhm, mar shampla, gan páirt a bheith ag ár gcathracha agus ár réigiúin ann toisc gur leo a lán de na foirgnimh phoiblí agus chónaithe.” Thagair an Coimisinéir Simson don idirphlé il-leibhéil faoi fhuinneamh agus faoin aeráid mar eiseamláir chun comhar breise a chur chun cinn idir na réigiúin agus an Coimisiún agus dúirt sé gur céim úsáideach chun cinn do thionscnamh an Choiste a bheadh san idirphlé i dtaobh an tionscnaimh athchóirithe foirgneamh.

Labhair Uachtarán Réigiún na Toscáine agus rapóirtéir na tuairime maidir leis an tionscnamh athchóirithe foirgneamh, Enrico Rossi (IT/PSE) , le linn na díospóireachta agus dúirt: “Tá sé léirithe ag géarchéim COVID-19 nach mór do na húdaráis phoiblí níos mó airgid a infheistiú i dtithíocht shóisialta, ospidéil, ionaid chúraim, scoileanna agus ionaid lae, agus in athnuachan ceantar uirbeach, chun córas slándála níos fearr agus caighdeáin mhaireachtála níos fearr a chruthú inár gcathracha. Tugann an tionscnamh athchóirithe foirgneamh deis dúinn ár gcathracha agus ár réigiúin a dhéanamh níos glaise agus níos inbhuanaithe, 4 mhilliún post a chruthú agus Aontas atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de a thógáil faoi 2050”. Is tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach é an tionscnamh athchóirithe foirgneamh a bhfuiltear ag súil leis an fómhar seo agus atá beartaithe chun tacú le céim nua athchóirithe in earnáil na bhfoirgneamh. Is as foirgnimh a thagann 40 % de na hastaíochtaí CO 2 san Aontas Eorpach.

Ghlac comhaltaí choimisiún ENVE dhá dhréacht-tuairim:

  • Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach . Seo mar a labhair an rapóirtéir Tjisse STELPSTRA (NL/ECR) , Comhalta de Chomhairle Cúige Drenthe: “Ní hacmhainn dúinn tuilleadh leithscéalta. Tá sé in am dlús a chur leis an ngeilleagar ciorclach agus spriocanna nithiúla a leagan síos. Léirigh géarchéim COVID-19 go bhfuilimid leochaileach agus spleách ar amhábhair. Is ceart deireadh a chur leis an gcaint faoi dhramhaíl; athúsáid an gnáthnós ba cheart a bheith againn! Chuige sin, tá géarghá le Beartas Eorpach maidir le hAmhábhair. Ní hamháin chun léargas a fháil ar shreabhadh ábhar, ach chun a chinntiú freisin go mbeidh rochtain chothrom ag gach réigiún ar na hamhábhair sin atá gann ach fíor-riachtanach”. Déanfar an tuairim sin a ghlacadh i seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair 2020. Tá an t-agallamh is déanaí le Tjisse Stelpstra le léamh anseo .

Rinne na comhaltaí tosaíochtaí Uachtaránacht na Gearmáine a phlé i gcomhar le Nina Alsen as an Aireacht Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche.

Roinn na comhaltaí a smaointe faoi na tuairimí seo a leanas:

Cheap Coimisiún ENVE Gunārs ANSIŅŠ (LV/Renew Europe) , leasmhéara Liepāja, ina rapóirtéir ar an tuairim atá ar na bacáin maidir le straitéis AE le haghaidh chomhtháthú na hearnála fuinnimh.

Faisnéis bhreise:

Dé Máirt, an 8 Meán Fómhair, d’eagraigh CnaR agus an Coimisiún Eorpach an 16ú cruinniú den Ardán Teicniúil le haghaidh Comhar maidir leis an gComhshaol. Ba é téama an chruinnithe “Conas is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an geilleagar ciorclach a úsáid chun téarnamh inbhuanaithe a éascú?” . Roinn comhaltaí CnaR, oifigigh an Aontais Eorpaigh agus mórpháirtithe leasmhara an t-eolas atá acu ar na huirlisí atá ann cheana – agus ar na bearnaí atá ann – maidir leis an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Seoladh an tArdán Teicniúil in 2012. Is fóram atá ann a bhunaigh Coimisiún ENVE in CnaR agus DG ENV sa Choimisiún Eorpach. Is é is aidhm dó idirphlé a chothú faoi fhadhbanna agus réitigh áitiúla agus réigiúnacha a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí Eorpach an chomhshaoil. Beidh an chéad chruinniú eile den Ardán Teicniúil ar siúl an 22 Deireadh Fómhair 2020 le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha agus le linn sheoladh an Chomhaontaithe um Chathracha Glasa .

Páirt a ghlacadh sa Chomhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil: glao ar dhea-chleachtais. Is é an 21 Meán Fómhair an spriocdháta d’iarratais .

Cliceáil anseo chun clárú le Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha 2020 .

Teagmháil:

David Crous

david.crous@cor.europa.eu

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EU-ORGANIC-AWARD-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/COMMISSIONER-KADRI-SIMSON-WARNS-GREEN-RECOVERY-PLANS-WILL-ONLY-SUCCEED-WITH-CITIES-AND-REGIONS-FULLY-ON-BOARD.ASPX

Burgenland, Vienna and Idanha-a-Nova (Portugal) honoured by EU Organic Awards 2023
Burgenland, Vienna and Idanha-a-Nova (Portugal) honoured by EU Organic Awards 2023
25.09.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CP90-REACTION-SOTEU.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/COMMISSIONER-KADRI-SIMSON-WARNS-GREEN-RECOVERY-PLANS-WILL-ONLY-SUCCEED-WITH-CITIES-AND-REGIONS-FULLY-ON-BOARD.ASPX

State of the EU: involving the local and regional level will make Europe stronger, fairer and more democratic
State of the EU: involving the local and regional level will make Europe stronger, fairer and more democratic
13.09.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREEN-DEAL-FUNDING-ALERT-AUGUST-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/COMMISSIONER-KADRI-SIMSON-WARNS-GREEN-RECOVERY-PLANS-WILL-ONLY-SUCCEED-WITH-CITIES-AND-REGIONS-FULLY-ON-BOARD.ASPX

Green Deal Funding Alert - August 2023
Green Deal Funding Alert - August 2023
31.08.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREEN-DEAL-FUNDING-ALERT-JULY-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/COMMISSIONER-KADRI-SIMSON-WARNS-GREEN-RECOVERY-PLANS-WILL-ONLY-SUCCEED-WITH-CITIES-AND-REGIONS-FULLY-ON-BOARD.ASPX

Green Deal Funding Alert – July 2023
Green Deal Funding Alert – July 2023
31.07.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CP83-PRESIDENT-VASCO-ALVES-CORDEIRO-MEETS-UN-SECRETARY-GENERAL-ANTONIO-GUTERRES.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/COMMISSIONER-KADRI-SIMSON-WARNS-GREEN-RECOVERY-PLANS-WILL-ONLY-SUCCEED-WITH-CITIES-AND-REGIONS-FULLY-ON-BOARD.ASPX

President Vasco Alves Cordeiro meets UN Secretary-General António Guterres to discuss regions' and cities' contribution to the Sustainable Development Goals
President Vasco Alves Cordeiro meets UN Secretary-General António Guterres to discuss regions' and cities' contribution to the Sustainable Development Goals
18.07.2023