Is féidir a rá faoi phaindéim COVID-19 agus faoin méadú ar úsáid uirlisí digiteacha dá barr gur spreagadh í do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla iad féin a chur in oiriúint don aois dhigiteach. Sa tuairim dar teideal “An rialachas áitiúil agus an daonlathas ionadaíoch a neartú trí ionstraimí nua a bhaineann leis an teicneolaíocht dhigiteach” a thíolaic Rait Pihelgas (EE/Renew Europe), Cathaoirleach ar Chomhairle Bardais Järva, agus a glacadh ag seisiún iomlánach CnaR an 10 Nollaig, cuirtear i bhfáth go bhféadfadh teicneolaíochtaí agus uirlisí digiteacha nua cáilíocht na cinnteoireachta agus na trédhearcachta a fheabhsú, cumarsáid a chur chun cinn, saoránacht ghníomhach agus rannpháirtíocht sa saol polaitiúil a chothú agus, ar an dóigh sin, cur leis an daonlathas áitiúil ar bhonn buan.
Tá an t-aistriú chuig saol digiteach nua ar cheann den iliomad dúshlán atá roimh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Éilíonn an t-aistriú sin go ndéanfar athruithe tábhachtacha agus ba cheart an daonlathas áitiúil a chur in oiriúint do na hathruithe sin agus leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha nua agus le huirlisí TFC, mar shampla foirmeacha leictreonacha amháin a úsáid ar mhaithe le ham a shábháil ar shaoránaigh agus ar údaráis phoiblí.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag rapóirtéir CnaR, Rait Pihelgas : “ Cuireann forbairtí digiteacha deiseanna ar fáil chun timpeallacht nua a chruthú le haghaidh comhairliúcháin agus rannpháirtíochta, faisnéis ar ardcháilíocht a sholáthar, anailís a dhéanamh ar dhearcadh an phobail, iarrachtaí a leathnú chuig ceantair iargúlta, teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh is mó atá faoi mhíbhuntáiste, scileanna, eolas agus saineolas na saoránach a chur san áireamh agus beartais ‘a chomhchruthú’ de réir riachtanais agus ionchais na saoránach”.
Mar sin féin, d’fhéadfadh cuid mhór sonraí agus acmhainní a bheith ag teastáil chun athrú go geilleagar digiteach agus níor cheart aon duine a fhágáil ar leataobh le linn an phróisis sin. Ba cheart na deiseanna a thugtar do na saoránaigh chun bheith rannpháirteach sna seirbhísí poiblí a bheith bunaithe ar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis agus ar eolas. Ba cheart an bhearna dhigiteach a laghdú trí dhaoine a chumasú trí oideachas agus oiliúint a chur orthu, agus tús áite a thabhairt don oiliúint do dhaoine scothaosta agus do ghrúpaí leochaileacha nó imeallaithe eile. Chuige sin, tá bearta á n-ullmhú ag CnaR d’fhonn údaráis áitiúla agus réigiúnacha a ghríosú agus a chúiteamh le go spreagfar iad prionsabail an riaracháin oscailte agus chuimsithigh a chur i bhfeidhm.
Measann an Coiste gur deis atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun uirlisí digiteacha rannpháirtíochta a thriail ar mhaithe leis an daonlathas ionadaíoch a neartú, muinín na saoránach a fháil agus samplaí ó réigiúin agus ó bhardais de chásanna ina bhfuil na saoránaigh rannpháirteach i bpróisis bhreithniúcháin, agus de na sásraí aiseolais, a chomhtháthú. Chun na críche sin, mhol CnaR i mí Dheireadh Fómhair 2020 uirlis dhigiteach a fhorbairt darb ainm CitizEN – Rannpháirtíocht na Saoránach i Líonra an Aontais chun páirt a thabhairt do na saoránaigh sa phróiseas ceaptha beartais.
“Cuirimis an Eoraip in oiriúint don aois dhigiteach; tosaímis leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Trí chur lenár luachanna Eorpacha agus lenár láidreachtaí, is féidir linn ár ndaonlathas a athbheochan tríd an gclaochlú digiteach seo. Cé go bhfuil an-chuid ama ag teastáil chun úsáid uirlisí TFC nua-aimseartha agus rannpháirtíocht na saoránach a chinntiú, is fiú go mór infheistíocht a dhéanamh sa mhéid sin más rud é go bhfágfaidh sé go mbeidh sochaí níos comhtháite nó rialtas áitiúil trédhearcach ann dá thoradh” a dúirt Rait Pihelgas mar fhocal scoir.
Teagmháil:
Marie-Pierre Jouglain
Teil: (+32) 0473524115
mariepierre.jouglain@cor.europa.eu
Gailearaí Flickr CnaR