Tionchar Covid-19 agus na bearta chun déileáil leis
Tá tionchar mór ag paindéim COVID-19 ar an domhan agus ar ár slí mhaireachtála trí chéile agus tá gach gné den saol laethúil curtha trína chéile agus thíos go mór leis. Cuireann an Coimisiún um Beartas Comhtháthaithe Chríochaigh agus um Buiséad AE (COTER) i gCoiste Eorpach na Réigiún feasacháin rialta le chéile maidir leis na réimsí beartais atá faoina shainchúram ina dtugtar an taighde, na hailt agus an t-eolas is déanaí i dtaobh an tionchair shocheacnamaíoch atá ag an bpaindéim san Eoraip agus ina luaitear na bearta éagsúla atá beartaithe chun déileáil leis an ngéarchéim agus atá á ndéanamh ar leibhéal na hEorpa, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.
Cuirtear leideanna agus ábhar don fheasachán chuig: coter@cor.europa.eu.