Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Comhar níos dlúithe idir CnaR agus an Coimisiún Eorpach chun borradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach  

Sa Phlean Gníomhaíochta a síníodh le seirbhísí an Choimisinéara Gabriel (EAC, RTD agus JRC), tugtar aghaidh ar imirce daoine oilte agus ar éagothromaíochtaí san oideachas

D’fhonn bonn eolais na hEorpa a neartú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus chun tacú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19, cuirfidh Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) dlús leis an gcomhar idir é féin agus seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh i réimse an taighde agus na nuálaíochta, an oideachais agus an chultúir. Seo roinnt de na cuspóirí atá luaite sa Phlean Gníomhaíochta nua a shínigh an dá institiúid: na sonraí agus an t-eolas is déanaí atá ar fáil a thabhairt do na réigiúin agus na cathracha, cabhrú leis na réigiúin agus na cathracha dul i ngleic leis an mbearna nuálaíochta, le himirce daoine oilte agus le héagothromaíochtaí san oideachas, agus tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, ar nós an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, a bhaint amach.

Agus í ag labhairt an 25 Samhain i gcruinniú de chuid Choimisiún SEDEC in CnaR, is é a dúirt Mariya Gabriel , an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige: “Tá ról ríthábhachtach ag na réigiúin agus na cathracha maidir leis an aistriú a dhéanamh go geilleagar glas agus digiteach. Is iad an Plean Comhpháirteach Gníomhaíochta agus an plean oibre maidir leis an Ardán um Malartú Eolais nuasheolta atá á nglacadh ag Coiste na Réigiún agus ag an gCoimisiún inniu na píosaí is tábhachtaí den Straitéis Eorpach um an Eolas agus dírítear iontu ar réitigh phraiticiúla chun feabhas a chur ar shaol mhuintir na hEorpa.”

Seo mar a labhair Apostolos Tzitzikostas , Uachtarán CnaR: “An Eoraip a thabhairt níos gaire don saoránach, pobail áitiúla agus réigiúnacha atá inbhuanaithe, buanseasmhach agus nuálach a fhorbairt, agus ár luachanna a chur chun cinn tríd an oideachas agus tríd an gcultúr: sin iad na príomhthosaíochtaí atá againn. An Plean Gníomhaíochta seo eadrainn féin agus an Coimisinéir Gabriel, cabhróidh sé linn na spriocanna sin a bhaint amach.”

Nuair a labhair Anne Karjalainen (FI/PSE), Cathaoirleach Choimisiún SEDEC in CnaR, dúirt sí: “Tá sé ríthábhachtach do chomhtháthú na hEorpa, don téarnamh inbhuanaithe agus don aistriú réidh go geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de na gníomhaíochtaí i réimse an oideachais, an taighde, na nuálaíochta agus an chultúir a leabú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Is léiriú gach cuid den Phlean Comhpháirteach Gníomhaíochta ar an toil pholaitiúil atá ann gníomhaíochtaí comhpháirteacha a thabhairt chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus sineirgí láidre a chothú idir beartais agus ionstraimí ionas nach bhfágfar aon duine ná aon áit ar gcúl.”

De thoradh phaindéim COVID-19 tá an-bhéim á cur ar thaighde agus ar réitigh nuálacha sa chúram sláinte, agus in earnálacha eile den tsochaí freisin. Chun borradh breise a chur faoi éiceachórais réigiúnacha sa nuálaíocht, is cuid lárnach den Phlean Gníomhaíochta é tionscnamh níos láidre a bheith ann idir CnaR agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an Ardán um Malartú Eolais (KEP), ar tionscnamh é ar éirigh leis go nuige seo. Déanfar an tionscnamh sin a uasghrádú go dtí leibhéal straitéiseach agus déanfar é a chur ag luí go hiomlán le tosaíochtaí an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET), rud a d’fhógair an Coimisiún sa Teachtaireacht a d’fhoilsigh sé le déanaí maidir le LET nua.

Is é is aidhm do KEP 2.0 cabhrú le cathracha agus le réigiúin athruithe a chur chun cinn go gníomhach, a bheith ina gceannairí i réimse na nuálaíochta, luach a chur ar an eolas nua a cruthaíodh faoin gclár Fís Eorpach , agus an teacht ar LET a uasmhéadú agus na príomhchoincheapa agus na príomhtheachtaireachtaí ann a thabhairt níos gaire don saoránach. Beidh CnaR rannpháirteach i mapáil na n-éiceachóras eolais sin ar fud an Aontais chun na Moil LET , is é sin struchtúir ina dtabharfar le chéile geallsealbhóirí réigiúnacha, a chruthú.

“Is deis atá sna moil LET aitheantas iomlán institiúideach a thabhairt d’éiceachórais réigiúnacha agus do mhoil nuálaíochta agus a cheart féin a thabhairt do chur chuige áitiúil i leith na heolaíochta agus na nuálaíochta. Ach, ní caoi chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh amháin ba cheart a bheith iontu; is féidir leo a bheith ina gcreat sármhaith chun comhthionscadail taighde agus nuálaíochta a spreagadh, tionscadail a mbeadh baint ag níos mó ná éiceachóras réigiúnach amháin agus mol nuálaíochta amháin leo i gcur chuige ón mbonn aníos”, arsa an rapóirtéir Christophe Clergeau (FR/PSE), Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Pays de la Loire. Pléadh an dréacht-tuairim ar an Teachtaireacht maidir le LET nua i gcruinniú de chuid SEDEC.

Tá sé beartaithe sa Phlean Gníomhaíochta freisin ról tábhachtach a thabhairt do CnaR ar mhaithe leis na cúig mhisean faoin gclár Fís Eorpach , mar shampla, trí chomhpháirtíochtaí agus líonraí a bhunú idir réigiúin agus cathracha. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir gur féidir leis na réigiúin agus na cathracha gníomhú chun sineirgí a spreagadh agus a chur chun cinn idir an maoiniú faoin gclár Fís Eorpach agus an maoiniú faoin mBeartas Comhtháthaithe.

Ar an gcuma chéanna, cuirfear síneadh leis an treoirthionscadal An Eolaíocht sna Réigiúin chun tacú le ceapadh beartas eolaíochtbhunaithe ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, agus leis an gcomhar agus an malartú dea - chleachtas idir na réigiúin. Cabhróidh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh leis na réigiúin agus na cathracha trí níos mó sonraí fonáisiúnta a chur ar fáil dóibh.

I réimse an oideachais agus an chultúir, tá gealltanas tugtha ag an dá institiúid go ndéanfaidh siad éagothromaíochtaí san oideachas a mhapáil, go háirithe maidir leis an teacht atá ar an ríomhfhoghlaim. Tá sé beartaithe sa phlean go mbeadh rannpháirtíocht dhlúth ag na cathracha agus ag na réigiúin sa Chomhghuaillíocht “Oideachas ar mhaithe leis an Aeráid” lena bhfuil sé d’aidhm an t-oideachas ar mhaithe leis an inbhuaine comhshaoil a chur chun cinn, agus i gcur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta nua don Oideachas Digiteach . Tá sé beartaithe freisin luachanna agus féiniúlachtaí Eorpacha agus an tsaoránacht Eorpach a chur chun cinn i dteannta a chéile tríd an oideachas agus tríd an gcultúr ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil.

Tuilleadh eolais:

Is éard is SEDEC ann an Coimisiún um Beartas Sóisialta, Oideachas, Fostaíocht, Taighde agus Cultúr in CnaR. Is go cianda a eagraíodh an cruinniú iomlán an 25 Samhain mar gheall ar an ngéarchéim sláinte san Eoraip. Sa bhreis ar an tuairim maidir le LET a d’ullmhaigh Christophe Clergeau, cuireadh na trí dhréacht-tuairim a leanas i láthair freisin lena nglacadh:

An Clár Oibre Eorpach Scileanna don Iomaíochas Inbhuanaithe, don Chothroime Shóisialta agus don Athléimneacht

Is é a dúirt rapóirtéir na tuairime sin, Csaba Borboly (RO/PPE), Uachtarán Chomhairle Contae Harghita: “Tá ról tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtaca leis an oideachas, le lánpháirtiú an lucht saothair agus le tionscnaimh a chuireann le scileanna ar an leibhéal áitiúil. Ní mór a aithint, áfach, nach bhfuil an “cur chuige céanna do chách” inbhuanaithe toisc an oiread sin bearnaí digiteacha agus eacnamaíocha a bheith ann ó réigiún go chéile. Beidh orainn, dá bhrí sin, comhoibriú go dlúth le hinstitiúidí an Aontais, le FBManna agus leis na geallsealbhóirí uile, agus ní mór maoiniú a chur ar fáil go tapa do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus do ghníomhaithe áitiúla le go bhféadfar straitéisí áitiúla agus pleananna gníomhaíochta atá in oiriúint mar is ceart a ullmhú.”

Ag Tacú leis an bhFostaíocht do Dhaoine Óga: Nasc leis an bhFostaíocht don Chéad Ghlúin Eile – An Ráthaíocht don Aos Óg a Neartú

Seo mar a labhair rapóirtéir na tuairime sin, Romy Karier , (LU/PPE), Comhalta de Chomhairle Bardais Clervaux: “I bhfianaise ghéarchéim COVID-19 a bhfuil tionchar díréireach aici ar dhaoine óga, tá tábhacht ar leith leis an togra le haghaidh an Ráthaíocht don Aos Óg a neartú. Is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha gníomhú mar nasc idir geallsealbhóirí éagsúla amhail na hinstitiúidí oideachais, na heagraíochtaí don óige agus na seirbhísí poiblí fostaíochta, rud a thacóidh le cur chun feidhme éifeachtach na Ráthaíochta don Aos Óg, scéim a bhfuil an chosúlacht uirthi go gcruthóidh sí fostaíocht sheasmhach inbhuanaithe.”

Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta a Athdhúiseacht

Bhí an méid seo le rá ag rapóirtéir na tuairime, Giuseppe Varacalli (IT/Renew Europe), Comhalta de Chomhairle Bardais Gerace: “Tagann 4.2 % d’olltáirgeacht intíre na hEorpa as earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus ardaíonn an céatadán sin go mór os cionn 5 % nuair a chuirtear na gníomhaíochtaí gaolmhara go léir san áireamh. Ainneoin na dteicneolaíochtaí nua atá in úsáid againn, tá formhór mór ghníomhaíochtaí na n-earnálacha sin ag brath ar dhaoine a bheith i láthair go fisiciúil in áit agus fágann sin nach bhfuil a lán de na daoine a oibríonn iontu in ann coinneáil lena ngníomhaíochtaí le linn ghéarchéim COVID-19. Iarrtar sa tuairim go spreagfadh an Eoraip na Ballstáit leas a bhaint as an maoiniú ar fad atá ar fáil agus as gach beart atá ar fáil chun tacú leis an gcultúr agus, trína bhíthin sin, gan aon duine a fhágáil ar lár.”

Déanfar gach ceann de na ceithre thuairim a phlé agus a ghlacadh ag seisiún iomlánach CnaR i mí Feabhra 2021.

Chun ullmhú do phróiseas téarnaimh cóir agus cuimsitheach ó ghéarchéim COVID-19, tá na réigiúin agus na cathracha ag cur leis an gcomhar a dhéanann siad leis an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (EMPL) sa Choimisiún Eorpach. I ndiaidh díospóireacht le hArd-Stiúrthóir EMPL, Joost Korte , ghlac comhaltaí SEDEC plean lena sainaithnítear réimsí sonracha den chomhar feabhsaithe mar ullmhúchán don Chruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto (Bealtaine 2021), agus maidir leis an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Chur Chun Feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus leis an g Clár Oibre Scileanna don Eoraip . Is féidir le CnaR an malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú, a mhéid a bhaineann leis an maoiniú ó REACT-EU agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus , maoiniú a chuirtear ar fáil chun tacú le bearta fostaíochta don aos óg. Is féidir leis freisin an t-idirphlé idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn ar mhaithe le coincheapa a fhorbairt, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, chun an dífhostaíocht i measc an aosa óig a chomhrac.

Tionóladh cruinniú SEDEC ar an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan. Is féidir an ráiteas ó Chathaoirleach SEDEC Anne Karjalainen agus ón rapóirtéir Concha Andreu a léamh anseo .

Teagmháil:

Lauri Ouvinen

Teil.: +32 473536887

lauri.ouvinen@cor.europa.eu

Roinn :