COSTAIS TAISTIL 

Is ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla iad Comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. I gcuid de na Ballstáit, faigheann siad luach saothair de chineál éigin óna gcomhlacht réigiúnach nó áitiúil. Ní fhaigheann siad aon luach saothair, áfach , ó CnaR.

Ábhar

Glacann na comhaltaí páirt i gcruinnithe CnaR, amhail seisiúin iomlánacha, cruinnithe de na coimisiúin agus de na grúpaí polaitiúla, a dhéantar a reáchtáil sa Bhruiséil den chuid is mó, cé go gcuirtear ar siúl iad ó am go chéile in áiteanna eile freisin. Uaireanta, údaraítear do na comhaltaí páirt a ghlacadh chomh maith i gcruinnithe nach é CnaR a chuireann ar siúl iad ach a bhfuil baint nach beag acu lena gcuid oibre, ar a shon sin.

Ar chur isteach na ndoiciméad tacaíochta dóibh, aisíoctar leis na comhaltaí costas iarbhír a dticéad iompair as freastal ar na cruinnithe sin, más den ghrád gnó, nó faoina bhun sin, an ticéad i gcás aeriompair agus den chéad ghrád, nó faoina bhun sin, i gcás taisteal d’iarnród nó ar bhád. Más i gcarr a thaistil na comhaltaí, aisíoctar a gcostais leo de réir ráta comhréidh EUR 0.30 in aghaidh an chiliméadair. De ghrá na héascaíochta, féadfaidh na comhaltaí a dticéid iompair a chur in áirithe trí ghníomhaireacht taistil an Choiste, agus sa chás sin íocann CnaR go díreach astu.

Chomh maith le haisíocaíocht a fháil ar a speansais taistil, tá comhaltaí i dteideal liúntas cruinnithe ar ráta comhréidh dar luach EUR 340 in aghaidh an lae cruinnithe a fháil chun a speansais uile ag ionad an chruinnithe (sa Bhruiséil de ghnáth), amhail béilí, táillí óstáin, etc. a ghlanadh. Cuirtear san áireamh sa liúntas seo na praghsanna cóiríochta an-ard atá i réim sa Bhruiséil ar laethanta oibre.

Faigheann na comhaltaí liúntas taistil ar ráta comhréidh atá bunaithe ar achar iomlán an turais agus a chlúdaíonn na costais uile a thagann i gceist le linn an turais. Áirítear orthu sin, mar shampla, dolaí mótarbhealaí nó greamáin, na córais iompair phoiblí sa Bhruiséil, táillí páirceála ag an aerfort amach nó ag an stáisiún traenach amach, béilí, deochanna agus táillí breise óstáin le linn an turais nó mar gheall ar fhanacht breisithe ag ionad an chruinnithe. Ní íoctar an liúntas seo ach amháin nuair is sia ná 200 km achar an turais agus is ionann é agus EUR 185 in aghaidh an aonaid tagartha (íocaíocht aonair amháin in aghaidh an turais fillte).

Ba cheart a thabhairt faoi deara go measann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go dtéitear i muinín córas liúntas ar ráta comhréidh, ar cleachtas coiteann in institiúidí an Aontais é, i ngeall ar imní atá ann gur gá laghdú a dhéanamh ar na costais agus na hualaí riaracháin atá de dhlúth agus d’inneach córais faoina gcaitear gach mír chaiteachais ar leith a fhíorú agus, dá bhrí sin, gur den dea-riarachán a leithéid a dhéanamh (Breithiúnas an 15 Meán Fómhair 1981 i gcás C-208/80, Lord Bruce of Donington v Eric Gordon Aspden ).

Tá an caiteachas thuasluaite uile cumhdaithe faoi bhuiséad an Aontais agus déantar iniúchadh cuí air.

Cianchruinnithe le linn phaindéim COVID-19

Ghlac CnaR roinnt bearta sealadacha d’fhonn cumas oibríochtúil an Choiste a áirithiú le linn phaindéim COVID-19, go háirithe a ról comhairleach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, agus d’fhonn rioscaí sláinte do na comhaltaí agus do bhaill foirne a sheachaint ag an am céanna. Chuige sin, cuireadh cruinnithe neamhriachtanacha ar ceal agus déantar cruinnithe riachtanacha amhail cruinnithe de chomhchomhlachtaí an Choiste a reáchtáil ar bhonn cianda, a mhéid is féidir, trí mhodhanna leictreonacha a úsáid (i gcásanna áirithe, déantar cruinnithe hibrideacha a reáchtáil le grúpa de chomhaltaí atá lonnaithe le chéile san ionad fisiciúil céanna). Sna cúinsí speisialta sin agus formhór na gcomhaltaí ag obair ón mbaile, íocann CnaR liúntas cianchruinnithe ar ráta comhréidh leo, dar luach EUR 200 in aghaidh an lae cruinnithe chun a speansais oifige agus a speansais ghinearálta a ghlanadh agus iad á n-ullmhú féin le haghaidh cruinnithe agus ag glacadh páirte iontu.

Na príomhrialacha atá i bhfeidhm

Rialachán Uimh. 8/2017 maidir le haisíocaíocht speansas taistil agus íocaíocht liúntas taistil agus cruinnithe ar ráta comhréidh le comhaltaí agus comhaltaí malartacha (PDF)

Rialachán Uimh. 20/2020 lena leasaítear Rialachán Uimh. 8/2017 (PDF)

Rialachán Uimh. 3/2021 maidir le híocaíocht liúntas cianchruinnithe ar ráta comhréidh le comhaltaí, saineolaithe agus cainteoirí (PDF)

Cinneadh Uimh. 5/2021 maidir le liúntais ar ráta comhréidh do chomhaltaí agus do chomhaltaí malartacha (PDF)

Doiciméid

Roinn:
 
Back to top