Toscaireachtaí náisiúnta 

Ábhar

Tá na toscaireachtaí náisiúnta comhdhéanta de chomhaltaí de Choiste na Réigiún ó gach ceann de na 27 mBallstát. Léiríonn siad an chothromaíocht fhoriomlán pholaitiúil, gheografach agus áitiúil/réigiúnach atá i ngach Ballstát.

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a cheapann comhaltaí Choiste na Réigiún go hoifigiúil, ar thogra ó na Ballstáit.

I dteannta a chéile, is ionann iad agus tionól Choiste na Réigiún a bhfuil 329​ gcomhalta ann, tionól a thagann i gceann a chéile sa Bhruiséil roinnt uaireanta sa bhliain chun tosaíochtaí polaitiúla a phlé agus chun tuairimí a ghlacadh maidir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

Toghann gach toscaireacht náisiúnta cathaoirleach agus ceapann siad comhordaitheoir. Is é ról an chomhordaitheora idirchaidreamh a dhéanamh idir údarás riaracháin Choiste na Réigiún agus comhaltaí a thoscaireachta náisiúnta.

Séanadh: is iad comhordaitheoirí na dtoscaireachtaí náisiúnta a chuir inneachar na leathanach seo ar fáil.

Ní ghlacann Coiste na Réigiún freagracht ar bith ná dliteanas ar bith i leith na faisnéise atá iontu.

Roinn :
 
Back to top