Comhaltaí 

329 gcomhalta ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR). Is ionadaithe iad as údaráis áitiúla agus réigiúnacha 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh. Tagann siad le chéile i suí iomlánach sa Bhruiséil 5 go 6 huaire sa bhliain chun tosaíochtaí polaitiúla a phlé agus chun tuairimí a ghlacadh maidir le reachtaíocht AE.

Ní mór do na comhaltaí a bheith tofa go daonlathach agus/nó sainordú polaitiúil óna dtír dhúchais a bheith acu. Déanann gach rialtas náisiúnta a chuid ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla (comhaltaí agus comhaltaí malartacha) – toscaireachtaí náisiúnta – a mholadh agus bíonn ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh iad a fhormheas.

I mí Aibreáin 2019, ghlac an Biúró straitéis le go mbeadh rannpháirtíocht na gcomhaltaí in CnaR cothrom ó thaobh inscne de .

Ní fhaigheann na comhaltaí aon luach saothair ó Choiste na Réigiún. Mar sin féin, i gcás chruinnithe an Choiste nó i gcás misin atá formheasta go cuí, aisíoctar leis na comhaltaí costas iarbhír a dticéad iompair agus tugtar liúntais dóibh chun na costais uile a tharraingíonn siad orthu féin le linn an turais agus ag ionad an chruinnithe a ghlanadh. Gheofar tuilleadh eolais anseo​.

Tá comhaltaí an Choiste roinnte de réir cleamhnacht pholaitiúil –  – agus de réir réimse spéise (coimisiúin).

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, caith súil ar Thairseach na gComhaltaí, an Cód Iompair do Chomhaltaí CnaR, Rialacha Nós Imeachta CnaR, agus an Treoir.

Tugann Líonra na nIar-Chomhaltaí​ iarchomhaltaí agus iarchomhaltaí malartacha Choiste Eorpach na Réigiún le chéile, rud a thugann deis dóibh obair pholaitiúil agus gníomhaíochtaí polaitiúla de chuid an Choiste a leanúint fós. Tá sé oscailte freisin do dhaoine aonair eile agus do chairde CnaR ar mian leo a dtaithí agus a gcuid eolais a chur ar fáil le gur féidir leis an gCoiste agus an Eoraip leas a bhaint astu.

Roinn :
 
Back to top