Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha 

event logo

Le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha 2023, tugadh le chéile breis agus 8 000 rannpháirtí. I measc na rannpháirtithe sin bhí ionadaithe ó riaracháin áitiúla agus réigiúnacha, ó údaráis áitiúla, polaiteoirí óga, acadóirí agus ionadaithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ón earnáil phríobháideach. Ghlac breis agus 500 cainteoir ón Eoraip agus níos faide i gcéin, agus breis agus 150 iriseoir páirt i gcainteanna ar ábhair a bhain leis an mbeartas comhtháthaithe ar feadh ceithre lá dhiana. Más mian leat féachaint arís ar na buaicphointí ón eagrán seo, seo iad na taifeadtaí agus an gailearaí grianghraf.

Tá súil againn go mbeidh tú páirteach sa chéad eagrán eile de Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha in 2024!

Ábhar

Cén chaoi a reácht​​áiltear an t-imea​cht?

Is í Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha (#EURegionsWeek) an t‑imeacht bliantúil is mó atá tiomnaithe don bheartas réigiúnach. Le linn an imeachta bhliantúil seo a mhaireann ceithre lá, léiríonn cathracha agus réigiúin a gcumas chun fás agus poist a chruthú, chun beartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, agus chun a thábhachtaí atá an leibhéal áitiúil agus réigiúnach do dhea‑rialachas Eorpach a chur in iúl.

Ó bunaíodh é in 2003, tá méadú tagtha ar an imeacht seo de réir a chéile agus is ardán uathúil anois é don chumarsáid agus don líonrú, áit a dtugtar le chéile ionadaithe polaitiúla, oifigigh, saineolaithe agus an lucht acadúil ó réigiúin agus ó chathracha ar fud na hEorpa. Tá an-obair déanta, a bhuí le Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, chun aird a tharraingt ar an gcaoi a n‑úsáideann na réigiúin agus na cathracha cistí AE chun feabhas a chur ar shaol laethúil na saoránach.

I mí Dheireadh Fómhair, glacfaidh os cionn 10 000 duine – ina measc níos mó ná 1 000 cainteoir ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin – páirt i gclár fairsing ina bhfuil comhdhálacha, taispeántais agus imeachtaí líonraithe atá dírithe ar an bhforbairt réigiúnach agus áitiúil. Déantar an clár a oiriúnú gach bliain do chomhthéacs sonrach Chlár Oibre an Aontais. Is féidir páirt a ghlacadh san imeacht saor in aisce.

Cén fáth a bhfuil ​​seachtain tiomnaithe do na réigiúin agus na cathracha?

Tá baint ag na réigiúin agus na cathracha le ceapadh fhormhór bheartais an Aontais. Tá na húdaráis phoiblí fhonáisiúnta san Aontas freagrach as aon trian den chaiteachas poiblí (EUR 2 100 billiún in aghaidh na bliana) agus as dhá thrian den infheistíocht phoiblí (thart ar EUR 200 billiún) agus is minic a bhíonn gá leis an infheistíocht phoiblí sin a chaitheamh i gcomhréir le forálacha dhlí an Aontais.

Conas a tháinig ann don imeacht?

In 2003, d'iarr Coiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla an Aontais, ar na hionadaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha chuig an Aontas Eorpach atá lonnaithe sa Bhruiséil a ndoirse a oscailt do chuairteoirí ar an lá céanna, mar chuid d'imeacht comhpháirteach 'Laethanta Oscailte'. Tháinig forbairt ar an tionscnamh i gcaitheamh na mblianta agus tá sé ina phríomhimeacht bliantúil anois ina bhfuil an Coimisiún Eorpach agus páirtithe leasmhara eile páirteach. In 2016, athainmníodh an tionscnamh mar 'Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha' agus fuarthas réidh leis an gceannteideal 'Laethanta Oscailte'. Rinneadh é sin chun a sheachaint go ndéanfaí an tionscnamh a mheascadh suas leis na himeachtaí 'Doirse Oscailte/Lá Oscailte' a reáchtálann institiúidí uile an Aontais sa Bhruiséil i mí na Bealtaine gach bliain, i dtrátha Lá na hEorpa, nó le himeachtaí comhchosúla a reáchtálann ionadaíochtaí de chuid an Choimisiúin sna Ballstáit le chéile.

Cé hiad na heagraithe?

Is iad Coiste Eorpach na Réigiún agus Ard‑Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh sa Choimisiún Eorpach (DG REGIO) a eagraíonn Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha i gcomhpháirt le chéile. Seoltar glao ar chomhpháirtithe go luath sa bhliain, i mí Eanáir de ghnáth. Tar éis an ghlao sin, roghnaítear comhpháirtithe ó gach cearn den Eoraip, agus ina measc tá: réigiúin agus cathracha, atá grúpáilte le chéile de réir ábhair atá i gcoiteann acu (comhpháirtíochtaí réigiúnacha), cuideachtaí, institiúidí airgeadais, comhlachais idirnáisiúnta agus eagraíochtaí acadúla. Bíonn ar na comhpháirtithe seimineáir a reáchtáil ar ábhair leasa choitinn, seimineáir a mbíonn baint acu go minic le cur chun feidhme Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus clár eile de chuid an Aontais.

Cén struchtúr atá ar​​​​​ an gclár?

Bunaítear an clár ar mhana lárnach agus ar roinnt fothopaicí. Bíonn na seisiúin á n‑eagrú ag trí chatagóir de chomhpháirtithe: 1) Réigiúin nó cathracha; 2) Comhpháirtithe institiúideacha de chuid an Aontais; agus 3) Cuideachtaí, institiúidí airgeadais agus comhlachais áitiúla agus Eorpacha. ​

Cé a fhreastalaíonn ar ​​Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha?

Bíonn suim ar leith ag na daoine a fhreastalaíonn ar an imeacht seo sa bheartas réigiúnach agus uirbeach; mar sin, is iad na hoifigigh a oibríonn ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach a théann chuige den chuid is mó. Is é an gnáth‑rannpháirtí a bhíonn againn, go hiondúil, duine ó údarás réigiúnach nó áitiúil atá ag freastal ar an imeacht.

Cén tionchar a bhíonn​​ ag Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha?

Ó bunaíodh é, rinneadh measúnú córasach ar thionchar an imeachta. Tá béim ar leith curtha ag rannpháirtithe ar a úsáidí atá an fhaisnéis a chuireann institiúidí an Aontais ar fáil agus an líonrú a dhéantar le comhghleacaithe ó thíortha eile chun cuidiú leo cistí AE a bhainistiú ar bhealach proifisiúnta. Is léir ón tionchar suntasach atá ag an imeacht ar na meáin go bhfuil an-tábhacht ag baint leis. Le roinnt blianta anuas, tháinig suas le 300 iriseoir nuachtáin, raidió, teilifíse agus iriseoirí ó na meáin ar líne ó gach cearn den Eoraip chun na Bruiséile chun tuairisc a dhéanamh ar an imeacht.

Conas iarratas a dhé​anamh mar chomhpháirtí.

De ghnáth, is féidir iarratas a dhéanamh ó dheireadh mhí Eanáir gach bliain. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa roinn 'Partners' ar shuíomh gréasáin Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha faoi conas iarratas a dhéanamh.

Conas iarratas a dhéanamh m​​ar rannpháirtí.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha faoi conas clárú le bheith i do rannpháirtí san imeacht; beidh tú in ann clárú dó sa samhradh.

Conas clárú chun​​ an nuachtlitir a fháil.

Cláraigh chun nuachtlitir Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha a fháil.​

Imeachtaí atá thart

Imeachtaí atá thart


An nuacht is déanaí

Podcasts

Episode 6: Fund thy Neighbour: EU Support for Ukraine

 

​Regio Waves is back! With our new host Fiorella Lavorgna, dive into the many ways in which Cohesion Policy adapts to ever-changing circumstances and new crises. In our first episode, we'll delve into the power of the EU in tackling global threats, starting from the war in Ukraine and looking beyond to the security of the continent. How does the war affect the EU budget and the path to a greener future? European Commission experts Kadri Uustal and Antonia Battaglia lend their voices to unravel these complex issues.​

Tuilleadh físeán

  • Episode 6: Fund thy Neighbour: EU Support for Ukraine
    Episode 6: Fund thy Neighbour: EU Support for Ukraine
  • Episode 7: Border regions: the final frontier of cooperation
    Episode 7: Border regions: the final frontier of cooperation
  • Episode 8: OK Doomer: cooling the green transition
    Episode 8: OK Doomer: cooling the green transition
  • Episode 10: Unhitching the coal engine from the Just Transition Train
    Episode 10: Unhitching the coal engine from the Just Transition Train
  • Episode 9: Growing pains and Cohesion policy
    Episode 9: Growing pains and Cohesion policy
  • #4 European Citizens Ask - Cross-border regioins w/ Pavel Branda
    #4 European Citizens Ask - Cross-border regioins w/ Pavel Branda
  • #1 European Citizens Ask - Small urban areas w/ Kieran McCarthy
    #1 European Citizens Ask - Small urban areas w/ Kieran McCarthy
  • Episode 5: EU stands with refugees
    Episode 5: EU stands with refugees
  • Episode 4: Voices of You(th)
    Episode 4: Voices of You(th)
  • Episode 3: The EU's geography of discontent
    Episode 3: The EU's geography of discontent
  • "Local Solutions - Rural Depopulation w/ Angela Gimeno, Stefania Crotta & Enda Stenson"
    "Local Solutions - Rural Depopulation w/ Angela Gimeno, Stefania Crotta & Enda Stenson"
  • Episode 2: Green EUtopia VS Energy Crisis (07/11/2022)
    Episode 2: Green EUtopia VS Energy Crisis (07/11/2022)
  • Episode 1: Cohesion Policy - Put the money where EU’s mouth is (26/10/2022)
    Episode 1: Cohesion Policy - Put the money where EU’s mouth is (26/10/2022)

Na hilmheáin

Opening Session - 2023

 

Tuilleadh físeán

  • Opening Session - 2023
    Opening Session - 2023
  • Opening Session  - 2022
    Opening Session - 2022
  • Europe's cohesion: building together the future of the EU
    Europe's cohesion: building together the future of the EU
  • Europe's cohesion: making the EU deliver for people
    Europe's cohesion: making the EU deliver for people
  • Europe's cohesion: a key for social progress
    Europe's cohesion: a key for social progress
  • Good morning regions: episode #1
    Good morning regions: episode #1
  • Good morning regions: episode #2
    Good morning regions: episode #2
  • Good morning regions: episode #3
    Good morning regions: episode #3
  • Good morning regions: episode #4
    Good morning regions: episode #4
  • EU Regions Week - Be part of it - Register!
    EU Regions Week - Be part of it - Register!
  • Framing the Circular Economy as an EU recovery opportunity
    Framing the Circular Economy as an EU recovery opportunity
  • Cohesion & Recovery to improve citizens daily lives
    Cohesion & Recovery to improve citizens daily lives
  • A summer street programme to give back the streets to citizens
    A summer street programme to give back the streets to citizens
  • Improving public health services in cross-border territories
    Improving public health services in cross-border territories
  • How green cities lead the way to European recovery?
    How green cities lead the way to European recovery?
  • Putting citizens first: EU cities & regions boosting digital solutions in recovery
    Putting citizens first: EU cities & regions boosting digital solutions in recovery

Liveblog

Lean sinn

Pointe Teagmhála

Roinn :
 
Back to top