Chun go mbeidh an tacaíocht is fearr ó thaobh faisnéise de le fáil ag na rapóirtéirí agus na comhaltaí, is féidir le Coiste Eorpach na Réigiún cúnamh a iarraidh ar shaineolaithe seachtracha chun staidéir eolaíocha a dhéanamh ar ábhair suime faoi leith.
Sa bhreis ar na staidéir a fhoilsítear faoi choimirce an Choiste, cuireann Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa bileoga eolais agus anailísí ar fáil a bhaineann le hobair chomhairliúcháin an Choiste, agus a thacaíonn léi, tar éis an Chomhaontaithe um Chomhar idir Coiste Eorpach na Réigiún agus Parlaimint na hEorpa an 5 Feabhra 2014.
Browse studies by year: