An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus ról réigiúin agus chathracha an Aontais Eorpaigh 

Ós rud é gurb é an comhlacht AE a dhéanann ionadaíocht ar an leibhéal rialtais is gaire do na saoránaigh é, tá Coiste Eorpach na Réigiún tiomanta do ról suntasach polaitiúil a ghlacadh.

Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Ábhar

Maidir leis an gComhdháil

Is é ‘An Eoraip a thabhairt níos gaire do na saoránaigh’ príomhthosaíocht pholaitiúil Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), agus is í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an ócáid is tábhachtaí chun é sin a bhaint amach. Cuireann ardán digiteach ilteangach na Comhdhála ar chumas daoine teagmháil a bheith acu le chéile agus a gcuid moltaí maidir le naoi dtopaic beartais i 24 theanga oifigiúla an Aontais a phlé.

Ós rud é gurb é an comhlacht AE a dhéanann ionadaíocht ar an leibhéal rialtais is gaire do shaoránaigh é, tá Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) tiomanta do ról suntasach polaitiúil a bheith aige sa Chomhdháil trí rannpháirtíocht ghníomhach a ionadaithe sa  Bhord Feidhmiúcháin agus i Seisiún Iomlánach na Comhdhála . Thairis sin, reáchtálfar breis agus 120 comhphlé áitiúil agus trasteorann leis na saoránaigh, agus déanfar na smaointe agus na moltaí uathu sin a uaslódáil chuig an ardán.

Is é is cuspóir do  thoscaireacht CnaR i seisiúin iomlánacha na Comhdhála teagmháil a dhéanamh leis an 420 toscaire eile chun ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i bhfeidhmiú daonlathach an Aontais Eorpaigh a neartú agus chun gné chríochach bheartais an Aontais a chur chun cinn. Seo forléargas ar na nithe a bhaineann le réigiúin agus cathracha an Aontais i dtaca leis na naoi dtopaic a phléifear ag an gComhdháil.

An t-athrú aeráide agus an comhshaol

Cén fáth a bhfuil an téama seo tábhachtach do réigiúin agus do chathracha an Aontais?

An cuspóir atá ann an chéad mhór-roinn aeráidneodrach a dhéanamh den Eoraip faoi 2050 tríd an ‘gComhaontú Glas don Eoraip’ , is gá é a chur in oiriúint don leibhéal áitiúil. Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chuireann 70 % de na bearta um maolú ar an athrú aeráide agus 90 % de na beartais um oiriúnú don athrú aeráide chun feidhme. Tá críocha éagsúla an Aontais éagsúil agus, dá bhrí sin, tá gá le cur chuige ón mbun aníos chun prionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh, agus ag an am céanna an tsolúbthacht is gá a thabhairt chun gur féidir oiriúnú do na riachtanais éagsúla. Tá tús áite ag na réigiúin agus na cathracha ós rud é go n-oibríonn siad go díreach le daoine agus go gcothaíonn siad athrú iompraíochta na saoránach i dtreo na hinbhuanaitheachta.

Cad atá á mholadh ag CnaR?

Cuireann CnaR comhairle ar institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le reachtaíocht agus beartais trí thuairimí a chuireann staid agus riachtanais ar leith na riarachán áitiúil agus réigiúnach san áireamh. Is é an Coimisiún um an gComhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh (ENVE) a dhéileálann le saincheisteanna a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol. Ar thosaíochtaí polaitiúla Choiste Eorpach na Réigiún 2020-2025 , áirítear ‘Pobail acmhainneacha a chothú’ mar cheann de na trí phríomhthopaic. Tá sé bunaithe ar thionscnamh, a bunaíodh le déanaí, ar a dtugtar ‘An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil’ – mar atá, meitheal ina bhfuil trí ionadaí dhéag a toghadh go háitiúil agus go réigiúnach.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Tuilleadh eolais:  https://futureu.europa.eu/processes/GreenDeal?locale=ga

Sláinte

Cén fáth a bhfuil an téama seo tábhachtach do réigiúin agus do chathracha an Aontais?

Déanann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha seirbhís cúraim sláinte a eagrú agus a chur ar fáil ar an láthair. I roinnt mhaith áiteanna, déanann siad bainistiú, cigireacht agus maoiniú ar ghairmithe cúraim sláinte agus ar réadmhaoin cúraim sláinte. Le linn na paindéime bhí brú as cuimse ar na bonneagair agus córais cúraim sláinte sin agus ní mór athmhachnamh a dhéanamh orthu chun go mbeidh teacht aniar níos fearr iontu. Is bunchloch de chuid Aontas Sláinte na hEorpa iad, ina n - ullmhaíonn gach tír san Aontas iad féin do ghéarchéimeanna sláinte agus ina bhfreagraíonn siad le chéile dóibh, ina mbíonn soláthairtí leighis ar fáil ar phraghas réasúnta agus nuálach, agus ina n - oibríonn siad go léir le chéile chun feabhas a chur ar chosc, cóireáil agus iarchúram galar amhail ailse.

Cad atá á mholadh ag CnaR?

Tá an Coiste ag iarraidh go mbeadh díospóireacht oscailte ann maidir le struchtúr bheartas sláinte an Aontais. I gcomhréir le héilimh shaoránaigh na hEorpa, thacaigh an Coiste le buiséad sláinte neamhspleách an Aontais agus mhol sé na córais sláinte a dhíonadh ar ghéarchéimeanna. Is éard atá i gceist leis sin cumas monaraíochta an Aontais a neartú chomh maith le stoc-charn straitéiseach a thógáil chun rochtain ar chógais a chosaint faoi ghnáthchúinsí agus le linn géarchéime. Is mian leis an gCoiste go ndéanfaí dul chun cinn níos tapa maidir le cúram sláinte coisctheach agus ríomhShláinte, agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí athruithe ar chomhar cúraim sláinte trasteorann d’fhonn é a dhéanamh níos inrochtana agus níos athléimní mar phríomhghné d’ullmhacht agus de fhreagairt na réigiún teorann.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Tuilleadh eolais:  https://futureu.europa.eu/processes/Health?locale=ga

Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist

Cén fáth a bhfuil an téama seo tábhachtach do réigiúin agus do chathracha an Aontais?

Tá difríochtaí móra idir réigiúin agus cathracha an Aontais, agus laistigh díobh, ó thaobh feidhmíocht eacnamaíoch agus fostaíochta de, agus sin an fáth a bhfuil beartas comhtháthaithe agus cistí curtha i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach chun na héagothromaíochtaí sin a laghdú. Ina theannta sin, tá an ghéarchéim sláinte, chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta is tromchúisí dar bhuail riamh í san Eoraip faoi láthair, géarchéim a mbíonn tionchar éagsúil aici ar chríocha an Aontais agus tá an baol ann go leathnófaí a thuilleadh na héagothromaíochtaí atá ann faoi láthair. Ní leor gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais amháin: tá rath na gníomhaíochta ag brath ar na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus ar na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí ábhartha ar gach leibhéal. I bhfianaise ról lárnach na n-údarás réigiúnach agus áitiúil i bhfeidhmiú beartas fostaíochta agus sóisialta, tá sé ríthábhachtach ionadaíocht leordhóthanach a áirithiú don ghné áitiúil agus réigiúnach i gceapadh agus i gcur chun feidhme bheartais an Aontais.

Cad atá á mholadh ag CnaR?

De ghnáth, cuireann CnaR comhairle ar institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le reachtaíocht agus beartais trí thuairimí a chuireann staid agus riachtanais ar leith na n-údarás riaracháin áitiúil agus réigiúnach san áireamh. Is é an Coimisiún um Beartas Sóisialta, Oideachas, Fostaíocht, Taighde agus Cultúr (SEDEC) a dhéileálann le saincheisteanna a bhaineann le ceartas sóisialta agus poist. Ar thosaíochtaí polaitiúla Choiste Eorpach na Réigiún 2020-2025 , áirítear ‘Comhtháthú: ár mbunluach’ mar cheann de na trí phríomhthopaic. Baineann sé le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta , ar príomhréimse tosaíochta é don Choiste, agus a áiríodh mar cheann de thosaíochtaí chlár oibre 2021. Tá sé ríthábhachtach freisin do CnaR ós rud é go bhféadfadh sé sruth oibre nua a shainiú do na hInstitiúidí Eorpacha, trína n-aistreofaí ó chur chuige idir-rialtasach i dtreo próiseas cinnteoireachta Eorpach.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Tuilleadh eolais: Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist – An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (europa.eu)

An tAontas Eorpach sa domhan

Cén fáth a bhfuil an téama seo tábhachtach do réigiúin agus do chathracha an Aontais?

Bíonn tionchar ag caidreamh seachtrach an Aontais agus ag beartais ghaolmhara amhail trádáil, slándáil, imirce, agus comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe agus ECFE, ar na réigiúin agus na cathracha. Bíonn comhpháirtíochtaí acu freisin le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lasmuigh den Aontas agus bíonn siad rannpháirteach go gníomhach i gcláir an Aontais le tíortha is iarrthóirí, Beartas Comharsanachta na hEorpa, comhar um fhorbairt agus an caidreamh leis an Ríocht Aontaithe. Cothaítear obair CnaR, agus a chuid tuairimí, trí mheán na bpléití agus na n-idirghníomhaíochtaí polaitiúla sna comhchomhlachtaí a bhunaigh CnaR le comhpháirtithe seachtracha agus i meithleacha tiomnaithe. Cuireann na comhlachtaí sin ar chumas CnaR cur go héifeachtach le beartais mhéadaithe agus chomharsanachta an Aontais ó thaobh cúrsaí áitiúla agus réigiúnacha de.

Cad atá á mholadh ag CnaR?

Is féidir le CnaR idirphlé agus comhar a éascú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtríú tíortha trí shaineolas agus malartuithe idir piaraí a chur ar fáil chun tacú le forbairt a gcumas agus a rialachais il-leibhéil. Agus an méid sin á dhéanamh, úsáideann CnaR fóraim amhail Comhchoistí Comhairliúcháin agus Meithleacha , Comhdháil na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil le haghaidh Chomhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP) , an  Comhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara (ARLEM) agus an  Grúpa Teagmhála idir Coiste Eorpach na Réigiún agus an Ríocht Aontaithe .

Tá CnaR ag iarraidh go mbeadh páirt níos láidre ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcaidreamh an Aontais le tríú tíortha, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh údaráis riaracháin phoiblí, laistigh agus lasmuigh den Aontas.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Tuilleadh eolais:  https://futureu.europa.eu/processes/EUInTheWorld?locale=ga

Luachanna agus cearta, an smacht reachta, an tslándáil

Cén fáth a bhfuil an téama seo tábhachtach do réigiúin agus do chathracha an Aontais?

Tá ról ríthábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le cearta bunúsacha a chosaint i gcóras rialachais il-leibhéil. Ach deimhin a dhéanamh de go mbainfear tairbhe níos fearr as a gcearta, imríonn sin tionchar dearfach ar an bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta, agus is é an bealach is fearr é chun muinín na saoránach a chothú agus chun a rannpháirtíocht i gceapadh beartais a fheabhsú ar gach leibhéal rialachais. Dá bhrí sin, freagracht chomhroinnte ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil is ea é cultúr na hurraime don smacht reachta a chur chun cinn. Maidir le ‘slándáil’, is cuid de choincheap níos leithne an Aontais Slándála Eorpaigh , é an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus leagtar béim ar ról lárnach na gcathracha i gcosaint spásanna poiblí agus i gcosc an radacaithe, mar shampla i nGealltanas an Aontais maidir le Slándáil Uirbeach agus Athléimneacht .

Cad atá á mholadh ag CnaR?

Molann CnaR gur cheart do na réigiúin agus cathracha a bheith rannpháirteach i gcur chun cinn cultúir maidir le hurraim do na cearta bunúsacha, do luachanna an Aontais agus don smacht reachta. Go háirithe, tá sé ríthábhachtach úinéireacht daoine óga ar na gnéithe sin den Aontas Eorpach a neartú. Tá ról tábhachtach ag dearcthaí sibhialta i bhforbairt cineálacha neamhliobrálacha pobalachais, agus ag an am céanna is féidir leis an oideachas rannchuidiú go dearfach chun dul i ngleic leis an mbaol a bhaineann leis an gcúlú daonlathach. Mar shampla, maidir le cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh , d’fhéadfaí pointí teagmhála a bhunú ar an leibhéal áitiúil mar threoir do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le conas a mbeartais a mhúnlú, i gcomhréir iomlán leis an gCairt, agus aird a tharraingt ar dhea-chleachtais. Sampla eile a bhí ann le déanaí is ea gur glacadh tuairim ó Choiste na Réigiún maidir leis an gClár Oibre Frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach .

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Tuilleadh eolais:  https://futureu.europa.eu/processes/ValuesRights?locale=ga

An claochlú digiteach

Cén fáth a bhfuil an téama seo tábhachtach do réigiúin agus do chathracha an Aontais?

Tá éagsúlacht mhór ann maidir le rochtain ar bhonneagar digiteach agus ar sheirbhísí digiteacha idir réigiúin agus cathracha an Aontais agus fiú laistigh díobh. Tá an claochlú digiteach ríthábhachtach don fhorbairt eacnamaíoch agus shochaíoch agus tá teicneolaíochtaí digiteacha tar éis éirí ríthábhachtach do gach gné dár saol. Ag an am céanna, léirigh paindéim COVID-19 scoilt dhigiteach atá ag dul i méid ar fud an Aontais, agus dheimhnigh sí go bhfuil tionchar tábhachtach ag infhaighteacht agus inrochtaineacht na ndeiseanna don chlaochlú digiteach ar an gcomhtháthú idir réigiúin agus cathracha an Aontais.

Cad atá á mholadh ag CnaR?

Tá CnaR ag moladh choincheap an ‘chomhtháthaithe dhigitigh’ ó glacadh an tuairim uaidh , in 2019. Meastar gur gné thábhachtach bhreise de choincheap an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh é an comhtháthú digiteach, mar a shainítear i gConradh an Aontais Eorpaigh é. Tá scrúdú á dhéanamh ag CnaR faoi láthair ar stádas an chlaochlaithe dhigitigh i réigiúin an Aontais maidir le héagothromaíochtaí a bhaineann le bonneagar, úsáid an idirlín agus infhaighteacht ríomhsheirbhísí rialtais.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Tuilleadh eolais:  https://futureu.europa.eu/processes/Digital?locale=ga

An daonlathas Eorpach

Cén fáth a bhfuil an téama seo tábhachtach do réigiúin agus do chathracha an Aontais?

Is bealach é feabhas a chur ar fheidhmiú daonlathach an Aontais Eorpaigh chun an tionscadal Eorpach a athsheoladh. Tá ról tábhachtach ag na réigiúin, na cathracha, na bardais agus níos mó ná aon mhilliún polaiteoirí, arna dtoghadh ar an leibhéal fonáisiúnta, chun daonlathas na hEorpa a dhéanamh níos athléimní. Dá mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus CnaR rannpháirteach níos mó i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, d’fhéadfaí an Eoraip a thabhairt níos gaire do na saoránaigh.

Cad atá á mholadh ag CnaR?

Tacaíonn Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar phrionsabail an Aontais maidir le ‘coimhdeacht agus comhréireacht’, lena n-áirithítear go ndéanfar cinntí chomh gar agus is féidir don saoránach agus go ndéanfar seiceálacha leanúnacha chun a fhíorú go bhfuil údar le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, i bhfianaise na bhféidearthachtaí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Thairis sin, molann CnaR go mbeadh rannpháirtíocht na saoránach, arna cur chun cinn ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ina gné bhuan agus go gcomhthiomsófaí saineolas i rannpháirtíocht na saoránach trí líonra réigiún agus cathracha ar fud an Aontais.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Tuilleadh eolais:  https://futureu.europa.eu/processes/processes/Democracy?locale=ga

An imirce

Cén fáth a bhfuil an téama seo tábhachtach do réigiúin agus do chathracha an Aontais?

Bhí tionchar mór ag an imirce ar réigiúin agus ar chathracha an Aontais, go háirithe ar na réigiúin agus ar na cathracha sin atá ar thúslíne na sreabh imirce. Is minic a bhíonn na réigiúin agus na cathracha sin freagrach as glacadh agus lánpháirtiú imirceach, agus cuireann siad bonneagar agus seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil dóibh. Ina theannta sin, is suntasach é staid dhéimeagrafach réigiúin agus chathracha uile an Aontais, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn aici ar mhargaí saothair agus ar sheirbhísí poiblí, agus beidh ról níos mó acu i mbeartais a bhainfear amach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach.

Cad atá á mholadh ag CnaR?

Tá Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) ag iarraidh go mbeadh beartas cuimsitheach imirce ann ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear taithí agus tuairimí na réigiún agus na gcathracha maidir le dearadh agus cur chun feidhme an bheartais sin. Ba cheart an t-ionchur réigiúnach agus áitiúil a chur san áireamh ann, agus ba cheart a áireamh ann freisin lánpháirtiú, nósanna imeachta cothroma maidir le filleadh agus beartais tearmainn a bheidh in ann freagairt go leordhóthanach do threochtaí imirce atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Ina theannta sin, ní mór dó aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, i gcomhar le tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais, dóibh siúd a bhfuil cosaint dhaonnúil de dhíth orthu, agus teorainneacha seachtracha an Aontais á gcosaint ag an am céanna.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Tuilleadh eolais:  https://futureu.europa.eu/processes/Migration?locale=ga

Oideachas, cultúr, an óige agus spórt

Cén fáth a bhfuil an téama seo tábhachtach do réigiúin agus do chathracha an Aontais?

Freastalaíonn an t-oideachas, an cultúr, an óige agus an spórt ar riachtanais bhunriachtanacha ár sochaithe, bíodh sin trí fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta a spreagadh trí oideachas, trí chomhthuiscint a chothú trí chultúr agus spórt, nó trí shaol daonlathach níos cuimsithí a chothú trí rannpháirtíocht na hóige. Tá ról na réigiún agus na gcathracha sna réimsí sin ríthábhachtach agus i roinnt mhaith Ballstát, is iad atá i gceannas ar na bonneagair ábhartha agus ar na seirbhísí ábhartha. Tá digiteáil an oideachais agus an chultúir, leibhéil arda dífhostaíochta i measc na n-óg i roinnt réigiún agus an géarú ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta i measc na ndúshlán is práinní atá roimh rialtais áitiúla agus réigiúnacha. D’fhéadfadh sé go n-éireoidh roinnt de na dúshláin sin agus na gnéithe réigiúnacha a bhaineann leo níos feiceálaí agus níos práinní mar gheall ar éifeachtaí phaindéim COVID-19.

Cad atá á mholadh ag CnaR?

De ghnáth, cuireann CnaR comhairle ar institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le reachtaíocht agus beartais trí thuairimí a chuireann staid agus riachtanais ar leith na n-údarás riaracháin áitiúil agus réigiúnach san áireamh. Is é an Coimisiún um Beartas Sóisialta, Oideachas, Fostaíocht, Taighde agus Cultúr (SEDEC) a dhéileálann le saincheisteanna a bhaineann le hoideachas, cultúr, an óige agus spórt . Ar thosaíochtaí polaitiúla Choiste Eorpach na Réigiún 2020-2025 , áirítear ‘An Eoraip a thabhairt níos gaire dá muintir’ agus ‘Pobail réigiúnacha agus áitiúla acmhainneacha a thógáil’ mar dhá cheann de na trí phríomhthopaic. Sa tuairim uaidh le déanaí ‘Limistéar Eorpach an Oideachais a bhaint amach faoi 2025’ , tá CnaR ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas níos fearr do riachtanais réigiúnacha agus molann sé aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí réigiúnacha i réimse an oideachais.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Tuilleadh eolais  Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr – An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (europa.eu)

Imeachtaí

Imeachtaí atá ar na bacáin

Imeachtaí atá thart

An nuacht is déanaí

Na hilmheáin

The future is in your hands

 

Tuilleadh físeán

  • The future is in your hands
    The future is in your hands
  • #TheFutureIsYours: "We need systemic changes to strengthen our health system"
    #TheFutureIsYours: "We need systemic changes to strengthen our health system"
  • #TheFutureIsYours: "I hope my son will harvest the fruits of digitalization"
    #TheFutureIsYours: "I hope my son will harvest the fruits of digitalization"
  • #TheFutureIsYours: "From climate change to migration, we want to make a change"
    #TheFutureIsYours: "From climate change to migration, we want to make a change"
  • #TheFutureIsYours: "Next generations will be even more European"
    #TheFutureIsYours: "Next generations will be even more European"
  • #TheFutureIsYours: "Europe was founded on the values of respect for freedom & equality"
    #TheFutureIsYours: "Europe was founded on the values of respect for freedom & equality"
  • #TheFutureIsYours: "The future of our planet concerns each & every one of us"
    #TheFutureIsYours: "The future of our planet concerns each & every one of us"
  • #TheFutureIsYours: "Today, so many people see their jobs become uncertain"
    #TheFutureIsYours: "Today, so many people see their jobs become uncertain"
  • #TheFutureIsYours: "I want Europe to be a welcoming place"
    #TheFutureIsYours: "I want Europe to be a welcoming place"
  • #TheFutureIsYours: "Today we take peace & justice for granted in Europe"
    #TheFutureIsYours: "Today we take peace & justice for granted in Europe"


Lean sinn

Pointe Teagmhála

Stiúrthóireacht na Cumarsáide – Foireann um Imeachtaí Áitiúla
Roinn :
 
Back to top