An Réigiún Fiontraíochta Eorpach ‎ (RFE) 

Is éard atá sa Réigiún Fiontraíochta Eorpach tionscadal lena sainaithnítear agus lena dtugtar luach saothair do réigiúin agus do chathracha san Aontas Eorpach a léiríonn straitéis beartais fiontraíochta nuálach den scoth, beag beann ar a méid, a rachmas ná a n-inniúlachtaí. Na réigiúin agus na cathracha ag a bhfuil an plean físe is inchreidte, is fadbhreathnaithí agus is mó a bhfuil gealladh ann, bronntar an lipéad ‘Réigiún Fiontraíochta Eorpach’ orthu ar feadh bliain shonrach.

Ábhar

​​Eolas faoi RFE

Cuireadh an lipéad RFE ar bun i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le tacaíocht ó gheallsealbhóirí ar leibhéal an Aontais ar nós SME United, Eurochambres, Social Economy Europe agus EURADA​. Tá sé ar oscailt fós d’aon eagraíocht ar mian léi rannchuidiú lena chuspóirí.

Ó 2010 (tráth a bhunaithe) i leith, bronnadh an lipéad RFE ar 39 réigiún agus cathair as 17 mBallstát de chuid an Aontais.

Bronnadh an lipéad RFE don bhliain 2023 ar na réigiúin seo a leanas:

  • Barcelona (an Spáinn)
  • Penela (an Phortaingéil)
  • An Phomaráin Thiar (an Pholainn)

Conas cur isteach ar Dhuais RFE

Incháilitheacht

  • Tá an tionscadal ar oscailt do chríocha uile an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear pobail agus cathracha chomh maith le críocha trasteorann a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu, ar nós GECCanna (Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach) agus Eora-réigiúin
  • Beidh inniúlachtaí ar an leibhéal polaitiúil (ní gá gur ar an leibhéal reachtach é) ag na réigiúin incháilithe
  • Beidh ar a gcumas fís fiontraíochta fhoriomlán a chur chun feidhme
  • Ní chuirfear a méid, a rachmas ná a gcuid inniúlachtaí sonracha san áireamh
  • Beidh sé ar oscailt do na críocha a bhfuil ag éirí leo cheana féin agus do na críocha sin atá tiomanta na hathruithe is gá a chur chun feidhme

Moltar go háirithe do na réigiúin trasteorann iarratas a chur isteach.

Doiciméid riachtanacha

  • Foirm iarratais, ina bhfuil:
    • Bileog eolais maidir leis an gcríoch iarrthach
    • Achoimre ar fhís pholaitiúil an réigiúin
    • Tuairisc ar an sásra rialachais atá beartaithe chun a chinntiú go gcuirfear na gníomhaíochtaí RFE chun feidhme go héifeachtúil
    • Plean Gníomhaíochta
    • Plean cumarsáide
  • Dearbhú tiomantais pholaitiúil lena léirítear go dtacaíonn ceannairí polaitiúla na críche (cuir i gcás, an tionól réigiúnach, an rialtas réigiúnach nó comhlachtaí polaitiúla údaraithe eile) le straitéis RFE na críche

Nós imeachta iarratais

Déanann an giúiré cinntitheach an méid seo a leanas a chur san áireamh:

  • an buiséad atá ag gach iarratasóir, na dúshláin shonracha chríochacha nó struchtúracha atá rompu agus an pointe tosaigh eacnamaíoch
  • cur i láthair foriomlán Phlean Físe an iarrthóra RFE.

Gheofar tuilleadh eolais faoi conas iarratas a dhéanamh ach roinn na ndoiciméad thíos a cheadú.

Giúiré RFE

Tá dháréag comhaltaí ar an nGiúiré (saineolaithe ar an réimse i gceist agus polaiteoirí) agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ó na comhlachtaí seo a leanas:

Réigiúin RFE

Liosta na Réigiún Fiontraíochta Eorpach ó 2011 i leith:

  • 2011: Brandenburg (an Ghearmáin), Contae Chiarraí (Éire) agus Réigiún Murcia (an Spáinn)
  • 2012: An Chatalóin (an Spáinn), Heilsincí-Uusimaa (an Fhionlainn) agus Trnava (Poblacht na Slóvaice)
  • 2013: Nord-Pas-de-Calais (an Fhrainc), an Danmhairg Theas (an Danmhairg) agus Styria (an Ostair)
  • 2014: Flóndras (an Bheilg), Marche (an Iodáil) agus Brabant Thuaidh (an Ísiltír)
  • 2015: Liospóin (an Phortaingéil), Tuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) agus Réigiún Valencia (an Spáinn)
  • 2016: Glaschú (an Ríocht Aontaithe), an Lombaird (an Iodáil) agus Małopolska (an Pholainn)
  • 2017: Extremadura (an Spáinn), an Ostair Íochtarach (an Ostair), an Ghréig Thiar (an Ghréig)
  • 2018: An Mhacadóin Láir (an Ghréig), Île-de-France (an Fhrainc) agus Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair (Éire)
  • 2019: Asturias (an Spáinn), Gelderland (an Ísiltír), an Teasáil (an Ghréig)
  • 2020: Gdansk agus Pomorskie (an Pholainn), Göteborg (an tSualainn), Navarra (an Spáinn)
  • 2021   - 2022:  Bardas Castelo Branco (an Phortaingéil), Bardas Gabrovo (an Bhulgáir), Réigiún Heilsincí-Uusimaa (an Fhionlainn), Réigiún Mhaidrid (an Spáinn), Provence-Alpes-Côte d’Azur (an Fhrainc), Cúige na Siléise (an Pholainn)
  • 2023: Barcelona (an Spáinn), Penela (an Phortaingéil), an Phomaráin Thiar (an Pholainn)​

Doiciméid

An nuacht is déanaí

Na hilmheáin

Message by President Vasco Cordeiro at the launch of the EER awards 2025

 

Tuilleadh físeán

  • Message by President Vasco Cordeiro at the launch of the EER awards 2025
    Message by President Vasco Cordeiro at the launch of the EER awards 2025
  • Message by President Vasco Cordeiro at the launch of the EER awards 2024
    Message by President Vasco Cordeiro at the launch of the EER awards 2024
  • European Entrepreneurial Region 2023 : Spotlight on resilient communities
    European Entrepreneurial Region 2023 : Spotlight on resilient communities
  • Entrepreneurial societies make resilient regions - European Entrepreneurial Region 2021
    Entrepreneurial societies make resilient regions - European Entrepreneurial Region 2021
  • Gelderland, EER 2019
    Gelderland, EER 2019
  • Northern and Western Region of Ireland, EER 2018
    Northern and Western Region of Ireland, EER 2018
  • Central Macedonia Region, EER 2018
    Central Macedonia Region, EER 2018

Lean sinn

Pointe Teagmhála

Piotr Zajaczkowski, Coiste Eorpach na Réigiún
Tel: +32 (0)2/282.24.01 eer-cdr@cor.europa.eu 
Roinn :
 
Back to top