Eolas faoi RFE
Cuireadh an lipéad RFE ar bun i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le tacaíocht ó gheallsealbhóirí ar leibhéal an Aontais ar nós SME United, Eurochambres, Social Economy Europe agus EURADA. Tá sé ar oscailt fós d’aon eagraíocht ar mian léi rannchuidiú lena chuspóirí.
Ó 2010 (tráth a bhunaithe) i leith, bronnadh an lipéad RFE ar 39 réigiún agus cathair as 17 mBallstát de chuid an Aontais.
Bronnadh an lipéad RFE don bhliain 2023 ar na réigiúin seo a leanas:
- Barcelona (an Spáinn)
- Penela (an Phortaingéil)
- An Phomaráin Thiar (an Pholainn)
Conas cur isteach ar Dhuais RFE
Incháilitheacht
- Tá an tionscadal ar oscailt do chríocha uile an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear pobail agus cathracha chomh maith le críocha trasteorann a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu, ar nós GECCanna (Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach) agus Eora-réigiúin
- Beidh inniúlachtaí ar an leibhéal polaitiúil (ní gá gur ar an leibhéal reachtach é) ag na réigiúin incháilithe
- Beidh ar a gcumas fís fiontraíochta fhoriomlán a chur chun feidhme
- Ní chuirfear a méid, a rachmas ná a gcuid inniúlachtaí sonracha san áireamh
- Beidh sé ar oscailt do na críocha a bhfuil ag éirí leo cheana féin agus do na críocha sin atá tiomanta na hathruithe is gá a chur chun feidhme
Moltar go háirithe do na réigiúin trasteorann iarratas a chur isteach.
Doiciméid riachtanacha
- Foirm iarratais, ina bhfuil:
- Bileog eolais maidir leis an gcríoch iarrthach
- Achoimre ar fhís pholaitiúil an réigiúin
- Tuairisc ar an sásra rialachais atá beartaithe chun a chinntiú go gcuirfear na gníomhaíochtaí RFE chun feidhme go héifeachtúil
- Plean Gníomhaíochta
- Plean cumarsáide
- Dearbhú tiomantais pholaitiúil lena léirítear go dtacaíonn ceannairí polaitiúla na críche (cuir i gcás, an tionól réigiúnach, an rialtas réigiúnach nó comhlachtaí polaitiúla údaraithe eile) le straitéis RFE na críche
Nós imeachta iarratais
Déanann an giúiré cinntitheach an méid seo a leanas a chur san áireamh:
- an buiséad atá ag gach iarratasóir, na dúshláin shonracha chríochacha nó struchtúracha atá rompu agus an pointe tosaigh eacnamaíoch
- cur i láthair foriomlán Phlean Físe an iarrthóra RFE.
Gheofar tuilleadh eolais faoi conas iarratas a dhéanamh ach roinn na ndoiciméad thíos a cheadú.
Giúiré RFE
Tá dháréag comhaltaí ar an nGiúiré (saineolaithe ar an réimse i gceist agus polaiteoirí) agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ó na comhlachtaí seo a leanas:
Réigiúin RFE
Liosta na Réigiún Fiontraíochta Eorpach ó 2011 i leith:
- 2011: Brandenburg (an Ghearmáin), Contae Chiarraí (Éire) agus Réigiún Murcia (an Spáinn)
- 2012: An Chatalóin (an Spáinn), Heilsincí-Uusimaa (an Fhionlainn) agus Trnava (Poblacht na Slóvaice)
- 2013: Nord-Pas-de-Calais (an Fhrainc), an Danmhairg Theas (an Danmhairg) agus Styria (an Ostair)
- 2014: Flóndras (an Bheilg), Marche (an Iodáil) agus Brabant Thuaidh (an Ísiltír)
- 2015: Liospóin (an Phortaingéil), Tuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) agus Réigiún Valencia (an Spáinn)
- 2016: Glaschú (an Ríocht Aontaithe), an Lombaird (an Iodáil) agus Małopolska (an Pholainn)
- 2017: Extremadura (an Spáinn), an Ostair Íochtarach (an Ostair), an Ghréig Thiar (an Ghréig)
- 2018: An Mhacadóin Láir (an Ghréig), Île-de-France (an Fhrainc) agus Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair (Éire)
- 2019: Asturias (an Spáinn), Gelderland (an Ísiltír), an Teasáil (an Ghréig)
- 2020: Gdansk agus Pomorskie (an Pholainn), Göteborg (an tSualainn), Navarra (an Spáinn)
- 2021 - 2022: Bardas Castelo Branco (an Phortaingéil), Bardas Gabrovo (an Bhulgáir), Réigiún Heilsincí-Uusimaa (an Fhionlainn), Réigiún Mhaidrid (an Spáinn), Provence-Alpes-Côte d’Azur (an Fhrainc), Cúige na Siléise (an Pholainn)
- 2023: Barcelona (an Spáinn), Penela (an Phortaingéil), an Phomaráin Thiar (an Pholainn)