eTranslation 

córas aistriúcháin iontaofa ar líne an Aontais Eorpaigh faoi do réir 

​​​​​​​​​​​​​​​​​​​​Do you need to be able to instantly translate texts and documents? Do you wish you could use a safe and secure EU-wide translation tool and keep an overview of your translations anytime, anywhere?

The wait is over. Nothing could be simpler. The solution is a machine translati on tool. Machine translation uses software or artificial neural network instead of human translators to translate text or documents from one language to another.​

Ábhar

Is éard atá sa mheaisínaistriúchán uirlis áisiúil agus phraiticiúil a chabhraíonn leat éirim téacs a thuiscint am ar bith agus áit ar bith. Cé go bhfuil feabhas ollmhór tagtha ar an teicneolaíocht seo thar na blianta, ní mór a bheith ar an eolas go gcuirtear ar fáil léi aistriúcháin gharbha. Féadfaidh cáilíocht agus cruinneas na n-aistriúchán a bheith éagsúil, ag brath ar an gcineál téacs agus ar an bpéire teangacha atá i gceist.

Tá roinnt réiteach den sórt seo ar an margadh cheana féin. Roghnaigh Coiste Eorpach na Réigiún eTranslation, an aip atá oiriúnaithe don Aontas, agus tá úsáid rathúil á baint aige as ó shin chun meaisínaistriúcháin arNuacht agus Imeachtaí a chur ar fáil nuair nach ann d’aistriúchán oifigiúil.

Léigh ar aghaidh le fáil amach conas is féidir leat eTranslation a úsáid go héasca agus go sábháilte agus tú ag obair go laethúil.

Cad is eTranslation ann?

Is uirlis meaisínaistriúcháin néaraigh atá saor in aisce, soláimhsithe agus slán é eTranslation, arb é is aidhm di an rochtain atá ag saoránaigh ar eolas a bhaineann leis an Aontas Eorpach a éascu agus a chur ar fáil ina rogha teanga. Leis an uirlis seo, beidh tú in ann téacsanna agus doiciméid iomlána a aistriú go huathoibríoch. Níl ach cúpla clic i gceist. Agus is féidir é sin go léir a dhéanamh i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus i roinnt teangacha eile chomh maith.

Tá an aip eTranslation a d’fhorbair an Coimisiún Eorpach ar cheann de na haipeanna meaisínaistriúcháin is cruinne agus is éifeachtúla ar an margadh. I mí Lúnasa 2021, bhí thart ar 90 tionscadal nasctha go gníomhach le eTranslation, líon atá ag dul i méid ó shin i leith.

​​

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Tá na teicniúlachtaí taobh thiar den aip an-chasta, ach tá sé thar a bheith simplí agus éasca úsáid a bhaint aisti.

​Beidh an méid seo a leanas ag teastáil uait:

Tá tú réidh anois le tús a chur le do chéad aistriúchán.

Mura bhfuil cuntas EU Login agat, is féidir leat ceann a chruthú ar an leathanach gréasáin tiomnaithe EU Login agus an aip EU Login a íoslódáil ar App Store agus ar Google Play .

Cé a bhainfidh úsáid as?

Is féidir le haon duine ag a bhfuil próifíl EU Login é a úsáid. Is toradh é an aip seo ar iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh, ar mhian leis eolas níos fearr maidir lena bhfuil ar bun aige a chur ar fáil do dhaoine ar fud an Aontais, tríd an eolas sin a chur ar fáil i rogha teanga na ndaoine sin.

Thairis sin, tá an aip ar fáil d’fhostaithe riaracháin phoiblí eile ar fud an Aontais. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an leathanach gréasáin ‘An meaisínaistriúchán do riaracháin phoiblí’ .

Cé mhéad a chosnaíonn sé?

Níl aon chostas ag baint le eTranslation a úsáid.

Cén áit ar féidir liom é a úsáid agus cathain?

Is uirlis ar líne é eTranslation agus beidh fáil agat air i gcónaí.

Conas is féidir liom rochtain a fháil air?


  1. EU Login

    Cruthaigh cuntas nua nó bain úsáid as ceann atá agat cheana​

  2.  
    próifíl eTranslation

    Cruthaigh do phróifíl leis an seoladh ríomhphoist céanna agus a úsáideann tú le do chuntas EU Login

  3.  
    Regional and Local Authorities

    Roghnaigh an cineál úsáideora seo ar an leathanach baile

  4.  
    Cur tús le ​do chuid aistriúchán

    Aistrigh téacsanna simplí nó doiciméid iomlána

Séanadh

Is le haghaidh faisnéis amháin an t-eolas ar an leathanach seo agus ní ráthaíonn Coiste Eorpach na Réigiún cáilíocht ná cruinneas aon torthaí aistriúcháin a fhaightear ó eTranslation. Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar ár m Beartas teanga agus ár bh fógra dlíthiúil.




Roinn :
 
Back to top