Dearbhú maidir le “Ról na réigiún in ollstruchtúr an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa” 

Ábhar

Tá sé léirithe ag an bpaindéim reatha athuair á thábhachtaí atá na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla i gcosaint shaoránaigh na hEorpa, bíodh sin trí sholáthar cúraim sláinte agus seirbhísí sóisialta, nó trí chuidiú le téarnamh eacnamaíoch gnólachtaí. Tá cur chuige rialachais il-leibhéil ar cheann de na príomhthosca chun déileáil go rathúil leis na dúshláin atá ann faoi láthair. Ba cheart an cur chuige sin a léiriú go beacht i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. Leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tugtar an deis machnamh a dhéanamh ar ról na réigiún in ollstruchtúr an Aontais Eorpaigh d’fhonn dlisteanacht dhaonlathach an róil sin a threisiú agus níos mó muiníne a chothú i measc na saoránach.

Tá éagsúlacht shuntasach idir na 27 mBallstát maidir le conas a roinntear cumhachtaí reachtacha agus riaracháin idir na leibhéil éagsúla rialachais. Tá córais aonadacha láraithe ag roinnt mhaith acu. Mar sin féin, tá cumhachtaí láidre reachtacha agus leibhéal áirithe neamhspleáchais ag na réigiúin i seacht mBallstát. Ar an iomlán, is iad na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a chuireann 70   % de reachtaíocht an Aontais chun feidhme agus a ghineann aon trian de chaiteachas poiblí agus leath d’infheistíocht phoiblí. Ba cheart Comhghuaillíocht na Réigiún don Daonlathas Eorpach a bhunú, lena gcuirtear na leibhéil pharlaiminteacha agus feidhmiúcháin san áireamh. De réir a chéile, ba cheart go gcuirfear san áireamh leis an gComhghuaillíocht sin réigiúin agus aonaid chríochacha choibhéiseacha uile an Aontais agus ba cheart di oibriú i ndlúthchomhar le comhlachtaí ionadaíocha na réigiún agus na gcríoch sin, d’fhonn an tionchar dlisteanach atá acu ar chinnteoireacht an Aontais a mhéadú agus a n-inniúlachtaí agus leasanna coiteanna a léiriú chomh maith.

I bhfianaise an chuspóra dhlisteanaigh ról na réigiún a neartú i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, aontaíonn na rialtais, parlaimintí agus comhairlí réigiúnacha gur cheart leas níos fearr a bhaint as Coiste Eorpach na Réigiún agus as a gcuid cúraimí a leagtar amach sna Conarthaí, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn riachtanais na ndaoine a chomhlíonadh níos fearr sna háiteanna ina gcónaíonn siad. Dá bhrí sin, déanaimid, ionadaithe réigiúin 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh, an méid seo a leanas a fhógairt:

1.  Táimid lánchinnte gurb í muinín na saoránach bunchloch an daonlathais agus go ndéantar an mhuinín sin a léiriú trí na vótaí a chaitheann na saoránaigh sin i dtoghcháin áitiúla, réigiúnacha agus Eorpacha. Tá freagracht dhlithiúil agus pholaitiúil ag na réigiúin, go háirithe na réigiúin a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu, i múnlú agus i gcur chun feidhme reachtaíocht an Aontais agus cuireann siad breisluach ar fáil don Aontas. Tá dlúthchaidreamh ag na réigiúin agus a gceannairí polaitiúla lena bpobail. Cuidíonn na réigiúin agus na ceannairí polaitiúla sin le muinín na saoránach sa daonlathas Eorpach a neartú. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, tá ról ríthábhachtach ag na réigiúin laistigh de Bhallstáit an Aontais. Dá bhrí sin, is díol sásaimh iad na tionscnaimh fianaise-bhunaithe atá ann faoi láthair, amhail an líonra RegHub de chuid Choiste Eorpach na Réigiún lena ndéantar faireachán ar chur chun feidhme na reachtaíochta Eorpaí agus an t-ardán “Fit for Future” de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Ba cheart na tionscnaimh sin a fhorbairt tuilleadh le tacaíocht ó acmhainní an Aontais.

2.  Táimid tiomanta do leas a bhaint as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun idirphlé leis na saoránaigh a bhunú agus táimid den tuairim gur deis í an Chomhdháil plé a bheith againn ar ról na réigiún in ollstruchtúr daonlathach an Aontais Eorpaigh agus muinín a chothú i measc na saoránach Eorpach. Is é ár gcuspóir polaitiúil fadtéarmach tionchar polaitiúil na réigiún maidir le hábhair a bhaineann go díreach le hobair n - údarás réigiúnach agus áitiúil a neartú ar an leibhéal Eorpach.

3.  Táimid lánchinnte gur idirghabhálaí luachmhar é Coiste Eorpach na Réigiún d’ionadaíocht ár gcuspóirí institiúideacha agus polaitiúla. Laistigh den chreat sin, táimid ag obair le chéile mar Chomhghuaillíocht pholaitiúil na Réigiún don Daonlathas Eorpach , i measc nithe eile. Táimid tiomanta d’úsáid a bhaint as ár gcuid saineolais agus ár sainordú daonlathach chun a chinntiú go gcloisfear guthanna agus go n-aithneofar riachtanais ár saoránach níos fearr agus go ngníomhófaí ina leith ar an leibhéal Eorpach de bharr an róil níos láidre a bheidh againn.

Cuirimis le chéile chun tacú le Teach Eorpach an Daonlathais ina bhfuil an tAontas mar dhíon cosantach an Tí, na Ballstáit mar na ballaí láidre agus na húdaráis áitiúla, idirmheánacha agus réigiúnacha ina mbunchlocha daingne. Cruthaímis nasc níos láidre idir an tAontas, na saoránaigh agus na háiteanna ina gcónaíonn siad.

 

*Sa dhearbú seo, tagraítear leis an téarma “údaráis réigiúnacha agus áitiúla” d’institiúidí poiblí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu, ar comhpháirteanna de struchtúr an Stáit iad, atá faoi bhun leibhéal an rialtais lárnaigh agus atá freagrach do na saoránaigh. De ghnáth, is éard atá in údaráis áitiúla comhlacht breithniúcháin nó comhlacht ceaptha beartais (comhairle nó tionól) agus comhlacht feidhmiúcháin (an Méara nó oifigeach eile feidhmiúcháin), a thoghtar go díreach nó go hindíreach ar an leibhéal áitiúil. Cuimsítear leis an téarma leibhéil éagsúla rialtais, e.g. sráidbhailte, bardasachtaí, ceantair, contaetha, cúigí, réigiúin, etc. Cuirtear údaráis idirmheánacha san áireamh leis sin chomh maith.

Más mian le do réigiún nó do chomhlachas an dearbhú seo a fhormhuiniú, agus a lógó a chur leis thíos, cuir sonraí isteach tríd an bhfoirm seo ar líne​.

_____________

Comhpháirtithe

Roinn :
 
Back to top