Na cuspóirí atá againn
Is é comhtháthú, ár mbunluach ceann de thrí mhórthionscnamh de chuid Choiste Eorpach na Réigiún (CESE) ,mar aon leis na feachtais ar Thodhchaí na hEorpa agus an Comhaontú Glas don Eoraip .
Is é an Chomhghuaillíocht um Chomhtháthú (#CohesionAlliance) a sheol Coiste na Réigiún agus príomhchomhlachais áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa in 2017 (AER, AEBR, CALRE, CEMR, CPMR, agus EUROCITIES), an bealach is mó agus is cumhachtaí trínar féidir leis an gCoiste:
- a léiriú nach mbaineann an comhtháthú le hairgead (amháin), ach gur bunluach de chuid an Aontais Eorpaigh é;
- an dearcadh a chur chun cinn go ndéanfar an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chothú agus go ndéanfar é seo a urramú i mbeartais uile an Aontais Eorpaigh;
- rannpháirtíocht réigiún agus cathracha a chur chun cinn maidir le pleananna téarnaimh náisiúnta a mhúnlú agus a chur i gcrích;
- comhtháthú an bheartais comhtháthaithe a chur chun cinn ar an talamh mar aon le gach ionstraim téarnaimh agus cistiúcháin eile an Aontais;
- comhar uirbeach-tuaithe agus téarnamh limistéar tuaithe a chothú.