Ar aip mhóibíleach Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), gheobhaidh tú fógraí fíor-ama faoi nuacht, faoi imeachtaí agus faoi thuairimí i dtaobh na n-ábhar is ansa leat. De réir mar a théann tú ó chruinniú go cruinniú, beidh tú in ann na míreanna is fearr leat a shábháil agus ábhar a roinnt ar na meáin shóisialta agus ar bhealaí eile.
Is féidir sonraí teagmhála agus sonraí eile faoi chomhaltaí agus comhaltaí malartacha uile an Choiste a fheiceáil – e.g. an tUachtarán, an chéad Leas-Uachtarán, Uachtaráin na ngrúpaí polaitiúla, cathaoirligh choimisiúin éagsúla an Choiste. Cuirfidh tú eolas ar na réigiúin a ndéanann na comhaltaí éagsúla ionadaíocht orthu agus beidh tú in ann na tuairimí uile a raibh tionchar acu ar chinntí AE a léamh.

iPhone® and App Store® are trademarks of Apple Inc. IOS is a trademark or registered trademark of Cisco in the U.S. and other countries and is used under license. Google Play and the Google Play logo are trademarks of Google LLC