Rochtain ar dhoiciméid  

​​​​​​​​​​

Le Conradh Amstardam, tugadh isteach Airteagal 255 nua isteach, ina ndéantar foráil do cheart rochtana na saoránach ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún. Tá na trí hinstitiúid seo tar éis Rialachán (CE) 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún a ghlacadh, agus dá éis sin, iarrtar i ndearbhú comhpháirteach ar na gníomhaireachtaí agus ar na comhlachtaí Eorpacha eile rialacha comhchosúla a ghlacadh ar an ábhar.

Laistigh dár gCoiste, d'eascair beartas nua maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid as an iarrtas seo, lena dtugtar an t-uasmhéid trédhearcacht dár gcuid oibre. Níl aon amhras ann ná go dtreisíonn an trédhearcacht seo rannpháirteachas an phobail i bpróiseas cinnteoireachta an Chomhphobail agus go neartaíonn sí prionsabail an daonlathais agus na gceart bunúsach mar atá siad leagtha síos in Airteagal 6 de Chonradh AE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Le Conradh Liospóin (2009), rinneadh leathnú go foirmiúil ar cheart rochtana na saoránach, a leagtar síos in Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go dtí gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh.


Ábhar

​Cin​​neadh Uimh. 18/2020 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Choiste na Réigiún

I gCinneadh Uimh. 18/2020 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Choiste na Réigiún cumhdaítear go sainráite na prionsabail agus na teorainneacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus leagtar síos freisin an nós imeachta maidir le rochtain ar dhoiciméid de chuid an Choiste a iarraidh.

Maidir le doiciméid an Choiste atá luaite sa liosta atá i gceangal le Cinneadh Uimh. 18/2020, beidh rochtain dhíreach ag saoránaigh orthu i gclár leictreonach na ndoiciméad. D'fhéadfaí doiciméid eile a chur san áireamh i gclár na ndoiciméad seo freisin.

Féadann saoránaigh rochtain ar aon doiciméid eile a iarraidh, faoi réir na dteorainneacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Ní mór iarratais a dhéanamh ar bhealach sách beacht agus ní mór go mbeidh iontu, go háirithe, faisnéis lenar féidir an doiciméad nó na doiciméid arna n-iarraidh a shainaithint mar aon le hainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra. Níl sé d'oibleagáid ar an iarratasóir, áfach, na cúiseanna leis an iarratas a lua (ach amháin i gcásanna áirithe a bhaineann le rochtain ar shonraí pearsanta). Ní mór don Choiste a admháil go bhfuarthas an t-iarratas a luaithe a chláraítear é agus freagra a thabhairt laistigh de 15 lá oibre ón tráth a cláraíodh é (d'fhéadfaí 15 lá oibre a chur leis an spriocdháta seo ar bhonn eisceachtúil).

Má dhiúltaíonn an Coiste rochtain ar an doiciméad a iarrtar go hiomlán nó go páirteach, ní mór dó forais an diúltaithe sin a lua. Beidh 15 lá oibre ag an iarratasóir chun iarratas daingniúcháin a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, beidh 15 lá oibre ag an gCoiste arís (agus féadfar 15 lá oibre eile a chur leis an tréimhse sin) chun freagra a thabhairt.

Má dhiúltaíonn an Coiste rochtain iomlán a dheonú fós ar an doiciméad a iarradh tar éis iarratas daingniúcháin a fháil, féadfaidh an t-iarratasóir imeachtaí cúirte a thionscnamh i gcoinne an Choiste agus/nó gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach.

Mura bhfuil tú in ann doiciméad a aimsiú i gclár leictreonach na ndoiciméad, is féidir leat iarratas ar rochtain ar an doiciméad sin a chur isteach tríd an nasc thíos.

​Doiciméad a iarraidh

Chun rochtain ar dhoiciméad a iarraidh, líon isteach an fhoirm seo a leanas agus roghnaigh 'Rochtain ar Dhoiciméid'.

Teagmhálaithe

Tá an Roinn um Thrédhearcacht agus Rochtain ar Dhoiciméid réidh chun do cheisteanna a fhreagairt agus chun cabhrú leat le do chuid taighde.

Ná bíodh aon leisce ort ríomhphost a sheoladh chugainn​​​​ nó seol litir chugainn chuig:

Coiste Réigiúin an Aontais Eorpaigh
An tseirbhís cartlainne (oifig JDE 4253)
Rue Belliard/Belliardstraat 99
1040 Bruxelles/Brussel​


Roinn :
 
Back to top