Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Tabhair cuairt ar theach na sochaí sibhialta eagraithe le haghaidh cur i láthair idirghníomhach. Cuir eolas ar na trí ghrúpa a bhaineann leis – fostóirí, oibrithe agus grúpaí gníomhaíochtaí éagsúla (amhail eagraíochtaí gairmiúla, eagraíochtaí pobail, eagraíochtaí don óige, grúpaí ban, tomhaltóirí agus feachtasóirí ar son an chomhshaoil) – agus faoin gcaoi a dtugtar aird ar chearta na ngrúpaí sin san Aontas Eorpach.
Léigh a thuilleadh
Parlaimint na hEorpa
Is í Parlaimint na hEorpa croílár an daonlathais san Aontas Eorpach, agus déanann sí ionadaíocht thar ceann breis agus 500 milliún duine. Cuir tuilleadh eolais ar Pharlaimint na hEorpa trí chuairt a thabhairt uirthi saor in aisce in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Buail isteach chuig an
Seomra díospóireachta, breathnaigh thart sa seomra sin, breathnaigh thart in ionad na gcuairteoirí sa
Parlamentarium (agus tabhair faoina
chluiche rólimeartha ) nó tabhair cuairt ar
Áras Stair na hEorpa chun eolas a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa agus an tionchar atá aici ar an Eoraip agus ar chúrsaí níos faide i gcéin.
Féach
suíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa le haghaidh cuairteanna le heolas a fháil faoi mhéid na ngrúpaí, na huaireanta oscailte, coinníollacha áirithinte agus srianta aoise, nó buail isteach chuig
Stáisiún na hEorpa ar Place du Luxembourg.
Léigh a thuilleadh
An Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh
In Ionad na gCuairteoirí beidh seans agat léargas a fháil ar eispéaras ar leith amhail is gur shiúil tú isteach i "dTeach na mBallstát". Beidh tú in ann do thuiscint ar ról an dá institiúid – an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh – a thástáil ar bhealach dinimiciúil, idirghníomhach. Bíonn Ionad na gCuairteoirí oscailte ó Luan go hAoine óna 10.30 go dtí 16.00. Tá tuilleadh sonraí maidir leis an dóigh le do chuairt a chur in áirithe
anseo.
Léigh a thuilleadh
An Coimisiún Eorpach
Cuireann Ionad Cuairteoirí an Choimisiúin Eorpaigh fáilte roimh ghrúpaí cuairteoirí (ar a bhfuil 15 dhuine ar a laghad) agus déantar cur i láthair agus plé ar ról an Choimisiúin mar fheidhmeannas polaitiúil an Aontais.
Ní mór cuairteanna a chur in áirithe ar a laghad 10 seachtaine roimh ré agus is féidir cuairteanna a chur in oiriúint d’eolas an ghrúpa agus do na hábhair is spéis leis.
Léigh a thuilleadh