Apostolos Tzitzikostas 

An Chéad Leas-Uachtarán 

​Rugadh Apostolo​​s Tzitzikostas ar an 2 Meán Fómhair 1978. Rinne sé staidéar ar Léann an Rialtais agus ar an gCaidreamh Idirnáisiúnta in Ollscoil Georgetown, Washington DC. Tar éis dó céim a bhaint amach in 2000, fuair sé taithí oibre den chéad uair in oifig uachtarán an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe. Bhain sé máistreacht sa Bheartas Poiblí Eorpach amach ó Choláiste na hOllscoile, Londain in 2002. Tar éis dó a chuid staidéir a chríochnú, bhunaigh sé comhlacht dá chuid féin, arbh iad táirgeadh, próiseáil agus caighdeánú táirgí bainne, bunaithe ar chaighdeáin orgánacha, ba shainchúram dó.

Toghadh é ina theachta de Pharlaimint na Gréige thar ceann an pháirtí Nea Demokratia (EPP) i gCéad Cheantar Thessaloniki in 2007. Toghadh é ina leas-ghobharnóir ar réigiún na Macadóine Láir agus ina cheann ar Limistéar Cathrach Thessaloniki sna toghcháin réigiúnacha i mí na Samhna 2010. I mí na Bealtaine 2014, toghadh é ina ghobharnóir ar réigiún na Macadóine Láir sna toghcháin réigiúnacha, agus i mí na Bealtaine 2019, atoghadh é ina ghobharnóir ar réigiún na Macadóine Láir sna toghcháin réigiúnacha. Toghadh é ina uachtarán ar Chomhlachas Réigiúin na Gréige i mí na Samhna 2019.

Tá sé ina chomhalta de Choiste Eorpach na Réigiún ó 2015. Toghadh é ina cheann ar thoscaireacht na Gréige agus ina leas-uachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún i mí Iúil 2017. Tá Béarla agus Fraincis ar a thoil aige agus foilsítear ailt dá chuid go rialta i nuachtáin agus in irisí na Gréige agus i nuachtáin agus in irisí thar lear chomh maith.​

Ábhar

M'Fhoireann

Roinn:
 
Back to top