Iar-Uachtaráin 

Gach dhá bhliain go leith, toghann an tionól iomlánach Uachtarán Choiste na Réigiún agus an Chéad Leas-Uachtarán ar an gCoiste. Déanann an tUachtarán ionadaíocht ar an gCoiste agus stiúrann sé obair an Choiste. Mura bhfuil an tUachtarán i láthair nó mura bhfuil sé/sí in ann a bheith i láthair, déanfaidh an Chéad Leas-Uachtarán nó duine eile de na leas-uachtaráin ionadaíocht thar a cheann.
  1. portrait of Apostolos Tzitzikostas

    Apostolos Tzitzikostas

    An Ghréig
     
    2020 - 2022An Ghréig, PPE (Páirtí an Phobail Eorpaigh)

    Feabhra 2020: toghadh Apostolos Tzitzikostas (PPE), Gobharnóir na Macadóine Láir sa Ghréig, ina Uachtarán. Agus é ag labhairt os comhair 329 gcomhalta, leag an tUachtarán amach na trí phríomhthosaíocht a leanas dá théarma oifige: ‘Ar an gcéad dul síos, ní mór don Aontas Eorpach a bheith ag freastal ar na saoránaigh agus ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu ina sráidbhailte, cathracha agus réigiúin. Ní mór dúinn tacú leis an gcomhtháthú críochach, leis an nuálaíocht, leis an bhfiontraíocht, agus ní mór dúinn freisin teacht ar réitigh inchreidte chun an imirce a bhainistiú faoi stiúir na dlúthpháirtíochta. Ar an dara dul síos, ní mór do na réigiúin agus do na cathracha tuiscint a fháil ar na claochluithe móra atá sa siúl faoi láthair, mar atá na réabhlóidí glasa, digiteacha agus déimeagrafacha, agus dul i ngleic leo. Ar an tríú dul síos, ní mór dúinn daonlathas na hEorpa a neartú, agus na réigiúin agus na cathracha a chur i gcroílár an daonlathais, d’fhonn an Eoraip a thabhairt níos gaire do na saoránaigh.’

    Léigh a thuilleadh
  2. portrait of Karl-Heinz Lambertz

    Karl-Heinz Lambertz

    An Bheilg
     
    2017 - 2019An Bheilg, PSE (Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha)

    Iúil 2017: toghadh Karl-Heinz Lambertz (PSE, BE), comhalta de Sheanad na Beilge thar ceann Phobal Labhartha na Gearmáinise, ina Uachtarán. Tá Karl-Heinz ina chomhalta de CnaR ó 2001 i leith agus bhí sé ina Uachtarán ar Ghrúpa Pháirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE) in CnaR (2011-2015). Ó 2000 i leith, tá sé ina chomhalta den Chomhdháil um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha na hEorpa i gComhairle na hEorpa.

  3. portrait of Markku Markkula

    Markku Markkula

    An Fhionlainn
     
    2015 - 2017An Fhionlainn, PPE (Páirtí an Phobail Eorpaigh)

    Feabhra 2015: toghadh Markku Markkula, comhalta de Bhord Chomhairle Réigiúnach Heilsincí agus Cathaoirleach Bhord Pleanála Chathair Espoo, ina Uachtarán. Is iarchomhalta de Pharlaimint na Fionlainne é (1995-2003). Le linn an ama sin, bhí sé ina bhall de dhá bhuanchoiste pharlaiminteacha: an Coiste Eolaíochta, Oideachais agus Cultúir, agus an Coiste don Todhchaí. Le linn a thréimhse mar Fheisire, bhí ról idirnáisiúnta aige in Uachtaránacht Chomhairle EPTA, Líonra um Measúnú Teicneolaíochta Pharlaimint na hEorpa.

  4. portrait of Michel Lebrun

    Michel Lebrun

    An Bheilg
     
    2014 - 2015An Bheilg, PPE (Páirtí an Phobail Eorpaigh)

    Meitheamh 2014: toghadh Michel Lebrun, comhairleoir áitiúil in Viroinval (an Bheilg), ina Uachtarán. Tar éis dó céim a bhaint amach san Fhealsúnacht agus sa Litríocht in Ollscoil Chaitliceach Louvain in 1970, cuireadh tús lena ghairmréim pholaitiúil in 1977 nuair a toghadh é mar leasmhéara ar chomhairle baile Viroinval (an Bheilg). Ó 1992 go 1999 bhí sé ina Aire Ardoideachais, Taighde agus Caidrimh Idirnáisiúnta i bPobal Labhartha na Fraincise, sula raibh sé ina Aire Pleanála, Bonneagair, Iompair agus Teileachumarsáide i Rialtas na Vallúine.

  5. portrait of Ramón Luis Valcárcel Siso

    Ramón Luis Valcárcel Siso

    An Spáinn
     
    2012 - 2014An Spáinn, PPE (Páirtí an Phobail Eorpaigh)

    Iúil 2012: toghadh Ramón Luis Valcárcel Siso, Uachtarán Phobal Féinrialaithe Murcia, ina Uachtarán. Tar éis dó céim a bhaint amach sna hEalaíona agus san Fhealsúnacht in Ollscoil Murcia, mhúin sé stair na healaíne agus é i mbun taighde a bhain le healaín agus le stair Réigiún Murcia. Ina óráid don seisiún iomlánach, leag sé amach mar thosaíochtaí aige an chaibidlíocht leanúnach don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020, an chéim nua de na cistí struchtúracha agus de bheartas an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh.

  6. portrait of Mercedes Bresso

    Mercedes Bresso

    An Iodáil
     
    2010 - 2012An Iodáil, PSE (Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha)

    Mercedes Bresso Feabhra 2010: toghadh Mercedes Bresso, comhalta de Chomhairle Réigiúnach Phíodmant, ina hUachtarán ar CnaR an 10 Feabhra 2010 agus deimhníodh a téarma oifige an 9 Meitheamh 2010. Bhí an méid seo le rá ag Bresso: ‘Is féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha feidhmiú mar phointe tagartha don Eoraip i ngach ceann de na réimsí seo. Bíonn siad ar an líne thosaigh le linn géarchéime agus b’iadsan i gcónaí a bhí chun cinn sa nuálaíocht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil.’ Go nuige seo, is í Mercedes Bresso an t-aon bhean a toghadh riamh chuig Uachtaránacht CnaR.

  7. portrait of Luc Van den Brande

    Luc Van den Brande

    An Bheilg
     
    2008 - 2010An Bheilg, PPE (Páirtí an Phobail Eorpaigh)

    Feabhra 2008: toghadh Luc Van den Brande, Seanadóir i bParlaimint na Beilge agus comhalta (Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE/BE)) de CnaR ó bunaíodh é, ina Uachtarán ar an gCoiste. San óráid a thug sé don tionól iomlánach bhí an méid seo le rá aige: ‘Ní mór dúinn droim láimhe a thabhairt do choincheap ordlathach na pirimide nuair a smaoinímid ar an Eoraip, pirimid ina bhfuil an tAontas os cionn na mBallstát, na Ballstáit os cionn na réigiún, agus na réigiúin os cionn na gcathracha agus na n-údarás áitiúil’.

  8. portrait of Michel Delebarre

    Michel Delebarre

    An Fhrainc
     
    2006 - 2008An Fhrainc, PSE (Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha)

    Feabhra 2006: toghadh Michel Delebarre, Méara Dunkerque (Réigiún Nord-Pas de Calais) agus comhalta de Pharlaimint na Fraince, ina Uachtarán ar CnaR. Chuir sé in iúl gur mhian leis tionól Eorpach fíor-pholaitiúil a dhéanamh de Choiste na Réigiún, tionól a bheadh in ann cabhrú le díospóireacht faoin Eoraip a chur ar bun arís, agus d’aithin sé Straitéis Liospóin mar cheann de thosaíochtaí straitéiseacha CnaR.

  9. portrait of Peter Straub

    Peter Straub

    An Ghearmáin
     
    2004 - 2006An Ghearmáin, PPE (Páirtí an Phobail Eorpaigh)

    Feabhra 2004: toghadh Peter Straub, Uachtarán Pharlaimint Réigiúnach Baden Württemberg, ina Uachtarán ar CnaR. Ar na príomhaidhmeanna a bhí aige, bhí an caidreamh idirinstitiúideach a neartú agus feasacht a ardú maidir le hobair an Choiste sna Ballstáit nua.

  10. portrait of Albert Bore

    Albert Bore

    United Kingdom
     
    2002 - 2004United Kingdom, PSE (Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha)

    Feabhra 2002: toghadh Albert Bore, ceannaire Chomhairle Cathrach Birmingham, mar Uachtarán ar CnaR. Shainaithin sé an dá phríomhaidhm a leanas dá théarma oifige: a áirithiú go mbeadh an beartas réigiúnach ina fhórsa tiomána i gcónaí i gclár oibre an Aontais; agus dul i ngleic leis an ‘easnamh daonlathach’, rud a d’fhág gur bhraith an pobal i gcoitinne nach raibh siad san áireamh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais.

  11. portrait of Jos Chabert

    Jos Chabert

    An Bheilg
     
    2000 - 2002An Bheilg, PPE (Páirtí an Phobail Eorpaigh)

    Feabhra 2000: toghadh Jos Chabert, an tAire Oibreacha Poiblí agus Iompair i Rialtas Réigiún na Bruiséile, ina Uachtarán ar CnaR. Agus é ag tathant ar an gCoiste naisc níos dlúithe a chruthú le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle na nAirí, d’iarr sé tuilleadh béime a chur ar thuairimí polaitiúla agus níos lú béime a chur ar thuairimí teicniúla. D’fhógair sé cúig thosaíocht pholaitiúla, i réimsí na fostaíochta, an bheartais uirbigh, na saoránachta Eorpaí, an chomhshaoil agus an mhéadaithe.

  12. portrait of Manfred Dammeyer

    Manfred Dammeyer

    An Ghearmáin
     
    1998 - 2000An Ghearmáin, PSE (Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha)

    Feabhra 1998: toghadh Manfred Dammeyer, Aire Gnóthaí Cónaidhme agus Eorpacha Stát na Réine Thuaidh-na Viostfáile ina Uachtarán ar CnaR. Mhol sé níos mó neamhspleáchais a thabhairt do réigiúin, stáit agus cúigí cónaidhme i mbainistiú na gcistí struchtúracha, chomh maith le beartas talmhaíochta níos iomaíche a bheith san Aontas. Dhaingnigh an tionól moladh ón mBiúró chun líon, comhdhéanamh agus téarmaí tagartha choimisiúin CnaR a athrú ionas go bhféadfaidís na réimsí nua freagrachta a tugadh don Choiste le Conradh Amstardam a láimhseáil ar bhealach níos éifeachtaí.

  13. portrait of Pasqual Maragall I Mira

    Pasqual Maragall I Mira

    An Spáinn
     
    1996 - 1998An Spáinn, PSE (Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha)

    Márta 1996: toghadh Pasqual Maragall I Mira, Méara Barcelona, ina Uachtarán ar CnaR. Gheall sé go ndíreofaí ar eagrúchán inmheánach trédhearcach agus dlisteanach a thógáil agus go dtabharfaí stádas institiúideach do CnaR.

  14. portrait of Jacques Blanc

    Jacques Blanc

    An Fhrainc
     
    1994 - 1996An Fhrainc, PPE (Páirtí an Phobail Eorpaigh)

    March 1994: Jacques Blanc, leader of the Languedoc-Roussillon regional council, is elected as the first President, with Pasqual Maragall I Mira (PES/ES) as First Vice-President.

Roinn:
 
Back to top