Eolas fúinne  

Is é Coiste Eorpach na Réigiún guth réigiúin agus chathracha an Aontais Eorpaigh. Déanann sé ionadaíocht ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais Eorpaigh agus tugann sé comhairle maidir le dlíthe nua a mbíonn tionchar acu ar réigiúin agus ar chathracha (70 % de reachtaíocht iomlán an Aontais Eorpaigh).

Is tionól polaitiúil é Coiste na Réigiún atá comhdhéanta de 329 gcomhalta agus 329 gcomhalta mhalartacha ó gach Ballstát (arna ngrúpáil de réir páirtí polaitiúil agus faoi cheannaireacht an Uachtaráin), ar toghadh iad ar an leibhéal áitiúil nó polaitiúil (mar shampla mar mhéaraí nó mar uachtaráin ar réigiúin). Tagann siad chun na Bruiséile sé huaire sa bhliain chun a gcuid tuairimí ar reachtaíocht atá molta a phlé agus chun teacht ar chomhaontú maidir le rúin le haghaidh tuilleadh gníomhaíocht ón Aontas Eorpach.

Faigheann comhaltaí Choiste na Réigiún tacaíocht ó aonad riaracháin faoi cheannas an Ardrúnaí.


Ábhar

​Príomhphrionsabail

Bíonn Coiste na Réigiún ag obair chun saoránaigh an Aontais Eorpaigh a thabhairt níos gaire don Aontas. Cuidíonn an Coiste leis an mbearna idir obair institiúidí an Aontais agus saoránaigh an Aontais a dhúnadh, trí pháirt a thabhairt d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla a bhíonn ar an eolas ó lá go lá faoi ábhair imní a dtoghthóirí, ach freisin trí chuireadh a thabhairt do shaoránaigh a bheith rannpháirteach in imeachtaí éagsúla agus díospóireachtaí éagsúla.

Ráiteas misin

Is é an misean atá againn páirt a thabhairt d'údaráis réigiúnacha agus áitiúla sa phróiseas cinnteoireachta Eorpach agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht níos mó a chothú i measc ár saoránach.

Rialachas il-leibhéil

Is colún eile d'obair an Choiste é a bheith ag obair i gcomhpháirt le chéile. Is é sin le rá, go gcreideann Coiste na Réigiún sa ghníomhaíocht chomhordaithe idir an leibhéal Eorpach agus na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.

Coimhdeacht

Ní mór prionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh ar fud phróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh, rud a chiallaíonn nach mór cinntí a ghlacadh ar an leibhéal rialtais is fearr a fhónann do leas an phobail, go mór mór ar an leibhéal áitiúil, más féidir.

Cén sórt reachtaíochta a phléitear?

Ní mór don Choimisiún Eorpach agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh dul i gcomhairle leis an gCoiste aon uair a dhéantar tograí nua i réimsí a mbíonn tionchar acu ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil: comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, Cistí Struchtúracha, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, oideachas, an t-aos óg, gairmoiliúint, cultúr agus spórt, an comhshaol, fuinneamh agus athrú aeráide, iompar, gréasáin thras-Eorpacha, agus sláinte phoiblí.

Lasmuigh de na réimsí sin, is ar bhonn roghnach a théann an Coimisiún, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i gcomhairle leis an gCoiste.

Glacann an Coiste moltaí maidir le dréachtdlíthe de chuid an Aontais Eorpaigh agus molann sé freisin beartais nua ar bhonn taithí agus saineolas áitiúil agus réigiúnach. Féadfaidh sé dlíthe nua a mholadh agus saincheisteanna nua a chur ar chlár oibre an Aontais.

Rinneadh ról Choiste na Réigiún a aithint agus a neartú le Conradh Liospóin in 2009. Ní foláir dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún ag gach céim de phróiseas reachtach an Aontais agus is féidir leis reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais má mheastar dó go bhfuil faillí déanta i gcearta institiúideacha an Choiste nó i leasanna na rialtas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Dá bhrí sin, cuireadh dlús leis an gcaidreamh atá ag Coiste na Réigiún leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

An chaoi a n-oibríonn Coiste na Réigiún?

Tá Coiste na Réigiún comhdhéanta de 329 gcomhalta agus de 329 gcomhalta mhalartacha ó na Ballstáit uile. Déanann gach rialtas náisiúnta a chuid ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla (comhaltaí agus comhaltaí malartacha) a mholadh agus is iad sin na toscaireachtaí náisiúnta. Tá téarma oifige cúig bliana ag comhaltaí Choiste na Réigiún, ag tosú ar dháta a gceaptha go hoifigiúil ag an gComhairle.

Déanann sé choimisiún (fochoistí), comhdhéanta de chomhaltaí agus á ngrúpáil de réir réimsí polaitiúla, na téacsanna reachtacha arna ndréachtú ag an gCoimisiún Eorpach a anailísiú agus tuairimí a tharraingt suas, a ndéantar plé orthu ina dhiaidh sin agus a ghlactar ag seisiúin iomlánacha Choiste na Réigiún.

Gach dhá bhliain go leith, toghann an tionól iomlánach Uachtarán Choiste na Réigiún agus an Chéad Leas-Uachtarán ar ​an gCoiste. Déanann an tUachtarán ionadaíocht ar an gCoiste agus stiúrann sé obair an Choiste. Mura bhfuil an tUachtarán i láthair nó mura bhfuil sé/sí in ann a bheith i láthair, déanfaidh an Chéad Leas-Uachtarán nó duine eile de na leas-uachtaráin ionadaíocht thar a cheann.

An bhfuil comhaltaí Choiste na Réigiún cleamhnaithe le haon ghrúpaí polaitiúla?

Tá comhaltaí Choiste na Réigiún grúpáilte de réir a gcleamhnachtaí polaitiúla:

Is gnách go dtagann na grúpaí le chéile roimh gach seisiún iomlánach. Féadfaidh siad dhá chruinniú urghnácha a thionól (lasmuigh den Bhruiséil) gach bliain.

Cad é buiséad bliantúil Choiste na Réigiún?

Is amuigh agus istigh ar EUR 96 milliún atá i mbuiséad bliantúil Choiste na Réigiún, lena gcumhdaítear speansais na mball foirne chomh maith le speansais taistil na gcomhaltaí, ateangaireacht agus gníomhaíochtaí cumarsáide.

Féach anseo le haghaidh faisnéis mhionsonraithe ar bhuiséid institiúidí uile an Aontais Eorpaigh.

Cén tionchar atá ag Coiste na Réigiún?

Níl an tAontas Eorpach faoi oibleagáid tuairimí Choiste na Réigiún a chur san áireamh, agus déanann sé amhlaidh i ndáiríre, a bheag nó a mhór (féach tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin Eorpaigh ar an obair leantach a dhéanann sé ar thuairimí Choiste na Réigiún, chomh maith le tuarascálacha tionchair Choiste na Réigiún féin).

Cé mhéad a íoctar leis na comhaltaí?

Ní íoctar le comhaltaí ach amháin a gcuid speansas as freastal ar chruinnithe agus déantar taifead ar an tinreamh i miontuairiscí na gcruinnithe uile, atá ar fáil ar Thairseach na gComhaltaí chomh maith lena sonraí pearsanta agus a ngníomhaíocht ag cruinnithe.

Fíricí lárnacha

  • bíonn éifeacht dhíreach, ar bhonn réigiúnach agus ar bhonn áitiúil, ag 70 % de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh
  • 27 mBallstát
  • 329 gcomhalta arna dtoghadh go háitiúil agus go réigiúnach
  • 6 choimisiún
  • 6 ghrúpa pholaitiúla
  • suas le 6 sheisiún iomlánacha in aghaidh na bliana
  • níos mó ná 50 tuairim arna nglacadh gach bliain


Doiciméid

Na hilmheáin

Ever wondered what is the European Committee of the Regions? Take a virtual tour!

 

Tuilleadh físeán

  • Ever wondered what is the European Committee of the Regions? Take a virtual tour!
    Ever wondered what is the European Committee of the Regions? Take a virtual tour!
Roinn :
 
Back to top