Fógra dlíthiúil tábhachtach 

Tá an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo faoi réir séanadh, fógra cóipchirt agus rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Ábhar

Séanadh

Déanann Coiste Eorpach na Réigiún cothabháil ar an suíomh gréasáin seo sa chaoi agus go bhfuil teacht níos fearr ag an bpobal ar fhaisnéis faoi thionscnaimh an Choiste agus faoi bheartais an Aontais Eorpaigh i gcoitinne. Is é an cuspóir atá againn go mbeadh an fhaisnéis sin tráthúil agus cruinn. Aon bhotúin a chuirtear in iúl dúinn, déanaimid gach iarracht iad a cheartú.

Ní ghlacann Coiste Eorpach na Réigiún freagracht ar bith ná dliteanas ar bith i leith na faisnéise ar an suíomh seo, áfach.

Maidir leis an bhfaisnéis sin:

  • is de chineál ginearálta amháin í agus níl sé i gceist léi go dtabharfaí aghaidh ar chúinsí sonracha duine ar leith ná eintitis ar leith;
  • ní gá go mbeadh sí cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta;
  • bíonn nasc idir í, uaireanta, agus suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon smacht ag seirbhísí Choiste Eorpach na Réigiún orthu agus nach nglacann an Coiste aon fhreagracht air féin ina leith;
  • ní comhairle ghairmiúil ná dhlíthiúil atá inti (más comhairle shonrach atá uait, ba cheart dul i gcomhairle le duine gairmiúil atá cáilithe go cuí).

Tabhair faoi deara nach féidir a ráthú gur macasamhail chruinn de théacs a glacadh go hoifigiúil é doiciméad atá ar fáil ar líne. Is í reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus í sin amháin, atá barántúil.

Tá sé mar aidhm againn an cur isteach a tharlaíonn de bharr earráidí teicniúla a laghdú. D'fhéadfadh sé tarlú go gcruthófaí roinnt sonraí nó roinnt faisnéise ar ár suíomh, áfach, nó go ndéanfaí struchtúrú orthu, i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí agus nach féidir linn a ráthú, dá bhrí sin, nach gcuirfeadh fadhbanna den sórt sin isteach ar ár seirbhís ná nach gcuirfí as di ar dhóigh eile. Ní ghlacann Coiste Eorpach na Réigiún aon fhreagracht air féin i leith fadhbanna den sórt sin a tharlódh mar thoradh ar an suíomh seo a úsáid nó mar thoradh ar shuíomhanna seachtracha a bhfuil nasc ar an suíomh seo leo a úsáid.

Níl sé i gceist leis an séanadh seo teorainn a chur le dliteanas Choiste Eorpach na Réigiún, de shárú ar aon cheanglas atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme, ná dliteanas an Choiste a eisiamh maidir le hábhair nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.

Fógra cóipchirt

© An tAontas Eorpach, 1995-2022

Mura luaitear a mhalairt, tá cead an t-ábhar a atáirgeadh, ar choinníoll go ndéanfar an fhoinse a admháil.

I gcás ar gá cead a fháil roimh ré chun faisnéis théacsach ilmheán (fuaim, íomhánna, bogearraí, etc.) a atáirgeadh, nó chun an fhaisnéis sin a úsáid, cealóidh an cead sin an cead ginearálta thuasluaite agus déanfar aon srian ar úsáid na faisnéise sin a thabhairt le fios go soiléir.

Beartas modhnóireachta i ndáil leis na meáin shóisialta

Táimid ar na meáin shóisialta!
Is é an t-ardán atá ag Coiste Eorpach na Réigiún ardán atá dírithe ar réigiúin agus ar chathracha san Aontas Eorpach agus bíonn an Coiste gníomhach ar na meáin shóisialta, mar atá Facebook, Twitter, LinkedIn, Instagram agus YouTube. Fáiltímid roimh gach dearcadh, tuairim agus smaoineamh polaitiúil, agus ba bhreá linn dá nglacfá páirt sa phlé ar líne linn. Ná bíodh aon leisce ort trácht a fhágáil agus ár n-ábhar a scaipeadh.

Prionsabail
Iarraimid ort cloí le bunphrionsabal na dea-iompraíochta. Ní ghlacaimid le barúlacha maslacha ná le teanga mhaslach ná mhíchuí. Iarraimid ort meas a léiriú d'úsáideoirí eile agus do na prionsabail bhunúsacha atá i gcoiteann againn. Níl aon ghlacadh againn leis an gciníochas, leis an tseineafóibe, ná le hidirdhealú bunaithe ar reiligiún, ar bhunadh eitneach, ar inscne ná ar ghnéaschlaonadh. Ní ghlacaimid le haon ghríosú chun foréigin ná fuathchainte. De réir ár gcuid rialacha tá cosc freisin ar thuairimí atá clúmhillteach, neamhdhleathach nó ina bhfuil sáruithe ar chóipcheart. Scriosfaimid na tuairimí sin agus is féidir linn toirmeasc a chur ar úsáideoirí a bhaineann úsáid arís agus arís eile as teanga mhaslach, chomh maith le daoine a dhéanann pearsanú ar phearsana poiblí nó a úsáideann cuntais bhréige. Forchoimeádaimid an ceart postálacha atá ró-athráiteach, an-fhada nó a chuireann isteach ar an bpobal, chomh maith le fógraí gan iarraidh, a scriosadh. Molaimid duit tuairimí a phostáil a chloíonn leis an ábhar agus a chuireann leis na díospóireachtaí atá ar siúl faoi láthair.

Bainistiú
Is é an tAonad um na Meáin Shóisialta agus Dhigiteacha agus Foilseacháin i gCoiste Eorpach na Réigiún atá freagrach as na hardáin sin, agus faigheann an tAonad tacaíocht maidir le hábhair áirithe ó chomhghleacaithe i ranna eile. Ní léiriú iad na cuntais a leanaimid go dtacaímid leis na cuntais sin ná leis an ábhar a scaipeann siad. Úsáidimid roinnt haischlibeanna (#) nua nó reatha chun páirt a ghlacadh i gcomhráite grúpaí agus le go mbeimid in ann páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ábhartha. Mar sin féin, ní féidir linn freagracht a ghlacadh as aon ábhar nár fhorbraíomar muid féin agus atá luaite faoi na haischlibeanna sin.
Aon bhotúin a chuirtear ar ár súile dúinn, déanaimid gach iarracht iad a cheartú. Ní ghlacaimid freagracht as ábhar ná as gníomhaíochtaí aon tríú páirtí nó aon suíomhanna seachtracha.
Tá sé mar aidhm againn freagra a thabhairt ar an oiread sin ceisteanna agus is féidir a luaithe agus is féidir. Mura bhfuair tú freagra ar do cheist go fóill, cuir sin in iúl dúinn ag an seoladh ríomhphoist thíos.

Grianghraif
Mura dtugtar a mhalairt le fios, is ag an Aontas Eorpach atá an cóipcheart ar gach aon ghrianghraf a fhoilsítear ar ár mbealaí cumarsáide. Is féidir grianghraif a ngabhann an lipéad "©An tAontas Eorpach" leo a úsáid gan srian ar choinníoll go ndéantar an fhoinse a thabhairt le fios. Ní féidir iad a úsáid chun críoch tráchtála nó go maslach. Déanaimid ár ndícheall a áirithiú go bhfuil an t-ábhar ar fad a phostáiltear ar ár mbealaí cumarsáide i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Má cheapann tú, áfach, gur sáraíodh do chearta príobháideachais nó do chearta maoine intleachtúla, ba cheart ríomhphost a sheoladh chugainn.

Sonraí pearsanta
Is chun críoch staidrimh a dhéanaimid sonraí comhiomlánaithe faoinár n-úsáideoirí a bhailiú ar ardáin na meán sóisialta. Bainimid leas as Talkwalker chun sonraí comhiomlánaithe a bhailiú agus a amharcléiriú le haghaidh taighde staitistiúil agus ní dhéanaimid sonraí pearsanta ár lucht leanúna a phróiseáil i gcás ar bith. Tá bailiú na sonraí cumhdaithe faoi na téarmaí úsáide agus faoin gcomhaontú ceadúnais atá ag gach aon cheann de na hardáin meán sóisialta faoi seach.

Má tá tuilleadh ceisteanna agat, is féidir teagmháil a dhéanamh le:
socialmedia@cor.europa.eu
An nuashonrú is déanaí: Meitheamh 2019

Cosaint sonraí pearsanta

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do chaomhnú phríobháideachas an úsáideora. Tá an beartas maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí an Aontais Eorpaigh bunaithe ar Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE.

Baineann an beartas ginearálta sin le suíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu.

Cé gur féidir brabhsáil tríd an gcuid is mó de na suíomhanna gréasáin sin gan aon fhaisnéis fút féin a thabhairt, iarrtar ort, i gcásanna áirithe, faisnéis phearsanta a thabhairt chun na ríomhsheirbhísí atá uait a chur ar fáil.

Más gá faisnéis phearsanta a thabhairt chun rochtain a fháil ar shuíomh gréasáin, próiseálfar an fhaisnéis sin i gcomhréir leis an mbeartas a bhfuil cur síos air sa Rialachán thuas agus beidh eolas faoi úsáid na sonraí le fáil i sainráiteas príobháideachais an tsuímh sin.

I ndáil leis sin:

  • i gcás gach ríomhsheirbhíse ar leith, socraíonn rialaitheoir cuspóirí próiseála agus modh próiseála na sonraí pearsanta agus cinntíonn sé go bhfuil an ríomhsheirbhís sin ag teacht leis an mbeartas príobháideachais;
  • tá Oifigeach Cosanta Sonraí i ngach institiúid a chinntíonn go gcuirtear forálacha an Rialacháin i bhfeidhm agus tugann sé comhairle do na rialaitheoirí maidir leis na dualgais a leagtar orthu (féach Airteagal 43 go hAirteagal 45 den Rialachán);
  • maidir leis na hinstitiúidí go léir, gníomhaíonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar údarás maoirseachta neamhspleách (féach Airteagal 52 go hAirteagal 60 den Rialachán).

Is minic a bhíonn naisc chuig suíomhanna tríú páirtithe ar shuíomhanna gréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Toisc nach bhfuil smacht againn ar ábhar na suíomhanna sin, molaimid duit beartais phríobháideachais na suíomhanna sin a léamh.

Cad is ríomhsheirbhís ann?

Is éard is ríomhsheirbhís de chuid EUROPA ann seirbhís nó acmhainn atá curtha ar fáil ar an idirlíon chun an chumarsáid a bhíonn ag na hinstitiúidí Eorpacha leis an bpobal agus le gnólachtaí a fheabhsú.

Tá, nó beidh, 3 ríomhsheirbhís éagsúla le fáil ó EUROPA:

  • Seirbhísí faisnéise a thugann rochtain éasca éifeachtach ar fhaisnéis don phobal, do na meáin chumarsáide, do ghnólachtaí, do chomhlachtaí rialtais agus do chinnteoirí eile agus, mar thoradh air sin, a chuireann leis an trédhearcacht agus an tuiscint ar bheartais agus gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
  • Seirbhísí cumarsáide idirghníomhacha a chuireann feabhas ar an teagmháil a dhéantar leis an bpobal, le gnólachtaí, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí poiblí, rud a éascaíonn an próiseas comhairliúcháin beartas, agus an chaoi le haiseolas a thabhairt, chun cabhrú le beartais, gníomhaíochtaí agus seirbhísí an Aontais a mhúnlú.
  • Seirbhísí a thugann rochtain ar na cineálacha teagmhála is coitianta a dhéantar leis an Aontas Eorpach, amhail soláthar poiblí, idirbhearta airgeadais, earcaíocht, clárú imeachtaí, doiciméid a fháil nó a cheannach, etc.

Faisnéis a chuirtear sa sainráiteas príobháideachais

Beidh an fhaisnéis seo a leanas i dtaobh úsáid sonraí sa sainráiteas príobháideachais:

  • an fhaisnéis a bhailítear, an cuspóir atá leis sin agus na modhanna teicniúla trína mbailíonn an tAontas faisnéis phearsanta a mhéid is gá chun cuspóir ar leith a chomhlíonadh. Ní athúsáidfear an fhaisnéis ar chuspóir eile atá ar neamhréir leis an gcuspóir sin;
  • an té a nochtfar an fhaisnéis dó. Ní nochtfaidh an tAontas Eorpach faisnéis do thríú páirtithe ach amháin más gá sin chun an cuspóir thuas a chomhlíonadh agus is do na (catagóirí) faighteoirí atá luaite, agus dóibh sin amháin, a nochtfar í. Ní nochtfaidh an tAontas Eorpach sonraí pearsanta chun críoch margaíochta dírí;
  • an chaoi chun d'fhaisnéis a rochtain, a cruinneas a fhíorú agus í a cheartú, más gá. Mas tú an t‑ábhar sonraí, tá sé de cheart agat cur i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta ar chúiseanna dlisteanacha ach amháin má bhailítear na sonraí sin chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh nó más gá na sonraí sin chun conradh a bhfuil tú páirteach ann a chur i bhfeidhm, nó má úsáidtear iad ar chuspóir áirithe ar thoiligh tú leis go glan soiléir;
  • an tréimhse a choimeádfar do shonraí. Coimeádfaidh an tAontas Eorpach na sonraí chomh fada agus is gá chun an cuspóir bailiúcháin nó próiseála breise a chomhlíonadh, agus don tréimhse sin amháin;
  • na bearta slándála a dhéantar chun faisnéis a chosaint ar mhí-úsáid nó rochtain neamhúdaraithe;
  • an té lena ndéanfar teagmháil má bhíonn ceisteanna nó gearáin agat.

Conas a dhéileálaimid le ríomhphoist a chuirtear chugainn?

Tá cnaipe “Teagmháil" ar fáil ar chuid mhór de leathanaigh ghréasáin EUROPA lenar féidir leat do bhogearraí ríomhphoist a ghníomhachtú agus tabharfar cuireadh duit do thuairimí a sheoladh chuig bosca poist feidhmiúil ar leith.

Nuair a sheolann tú a leithéid sin de theachtaireacht, ní bhailítear ach na sonraí pearsanta sin is gá chun freagra a thabhairt. Mura mbeidh foireann bainistíochta an bhosca ríomhphoist in ann do cheist a fhreagairt, cuirfear do ríomhphost ar aghaidh chuig seirbhís eile. Cuirfear ar an eolas thú, trí ríomhphost, faoin tseirbhís ar cuireadh do cheist ar aghaidh chuici.

Má bhíonn aon cheist agat a bhaineann le próiseáil do ríomhphoist nó na sonraí pearsanta gaolmhara, is féidir an cheist sin a chur sa teachtaireacht.

Doiciméid

  • Privacy statement (Recording of the Bureau, Plenary session and the Conference of Presidents)

  • Privacy statement (Recording of external meetings of the Bureau)

  • Accreditation privacy statement

    Teangacha atá ar fáil (22)
    1. български(86.91 KB - DOCX)Íoslódáil
      Декларация за поверителност
    2. Čeština(138.95 KB - DOCX)Íoslódáil
      PROHLÁŠENÍ O OCHRANĚ OSOBNÍCH ÚDAJŮ: AKREDITACE
    3. dansk(96.27 KB - DOCX)Íoslódáil
      Akkreditering databeskyttelseserklæring
    4. Deutsch(93.86 KB - DOCX)Íoslódáil
      DATENSCHUTZERKLÄRUNG: AKKREDITIERUNG
    5. eesti(99.52 KB - DOCX)Íoslódáil
      ISIKUANDMETE KAITSE AVALDUS: KÜLASTAJATE AKREDITEERIMINE
    6. ελληνικά(98.03 KB - DOCX)Íoslódáil
      Δήλωση απορρήτου σχετικά με τη διαπίστευση
    7. English(94.87 KB - DOCX)Íoslódáil
      Accreditation privacy statement
    8. español(92.57 KB - DOCX)Íoslódáil
      Declaración de confidencialidad: acreditación de visitantes
    9. français(90.05 KB - DOCX)Íoslódáil
      Déclaration de confidentialité - accréditation des visiteurs
    10. hrvatski(92.85 KB - DOCX)Íoslódáil
      Accreditation privacy statement
    11. italiano(88.39 KB - DOCX)Íoslódáil
      Accreditamento dati personali
    12. latviešu(92.87 KB - DOCX)Íoslódáil
      Paziņojums par privātumu: apmeklētāju akreditācija
    13. lietuvių(95.02 KB - DOCX)Íoslódáil
      Accreditation privacy statement
    14. magyar(89.67 KB - DOCX)Íoslódáil
      Akkreditáció adatvédelmi nyilatkozat
    15. Malti(85.5 KB - DOCX)Íoslódáil
      STQARRIJA TA PRIVATEZZA:AKKREDITAZZJONI
    16. Nederlands(86.93 KB - DOCX)Íoslódáil
      Privacyverklaring_accreditatie
    17. polski(143.33 KB - DOCX)Íoslódáil
      Oświadczenie o ochronie prywatności_Akredytacja
    18. português(94.99 KB - DOCX)Íoslódáil
      Declaração de privacidade_Acreditação
    19. română(81.7 KB - DOCX)Íoslódáil
      DECLARAȚIE DE CONFIDENȚIALITATE
    20. slovenčina(85.67 KB - DOCX)Íoslódáil
      Vyhlásenie o ochrane osobných údajov_Akreditácia
    21. slovenščina(73.61 KB - DOCX)Íoslódáil
      Izjava o varstvu osebnih podatkov: Akreditacija za obiskovalce
    22. suomi(80.68 KB - DOCX)Íoslódáil
      Tietosuojaseloste_Akkreditointi
    23. svenska(90.34 KB - DOCX)Íoslódáil
      Ackreditering av besökare
    An raibh teanga eile uait nach bhfuil ar an liosta?Eolas faoinár mbeartas teanga.
  • Video surveillance policy

    Teangacha atá ar fáil (22)
    1. български(89.03 KB - DOCX)Íoslódáil
      Политика на видеонаблюдение
    2. Čeština(92.96 KB - DOCX)Íoslódáil
      Prohlášení o ochraně osobních údajů získaných kamerovým dohledem
    3. dansk(91.42 KB - DOCX)Íoslódáil
      videoovervågningspolitik
    4. Deutsch(93.97 KB - DOCX)Íoslódáil
      Datenschutzerklärung: Videoüberwachung
    5. eesti(101.11 KB - DOCX)Íoslódáil
      Isikuandmete kaitse avaldus: videovalve
    6. ελληνικά(98.95 KB - DOCX)Íoslódáil
      Δήλωση περί απορρήτου: βιντεοεπιτήρηση
    7. English(69.39 KB - DOCX)Íoslódáil
      Video surveillance policy
    8. español(100.32 KB - DOCX)Íoslódáil
      Videovigilancia
    9. français(95.12 KB - DOCX)Íoslódáil
      Déclaration de confidentialité - vidéosurveillance
    10. hrvatski(97.59 KB - DOCX)Íoslódáil
      Izjava o zaštiti osobnih podataka: videonadzor
    11. italiano(94.57 KB - DOCX)Íoslódáil
      videosorveglianza
    12. latviešu(89.63 KB - DOCX)Íoslódáil
      Videonovērošanas politika
    13. lietuvių(91.02 KB - DOCX)Íoslódáil
      Pareiškimas dėl privatumo: stebėjimas vaizdo kameromis
    14. magyar(94.33 KB - DOCX)Íoslódáil
      Adatvédelmi nyilatkozat: videokamerás megfigyelés
    15. Malti(96.27 KB - DOCX)Íoslódáil
      Stqarrija ta privatezza: sorveljanza bil-video
    16. Nederlands(94.7 KB - DOCX)Íoslódáil
      Privacyverklaring: videobewaking
    17. polski(96.93 KB - DOCX)Íoslódáil
      Oświadczenie o ochronie prywatności monitoring wizyjny
    18. português(92.66 KB - DOCX)Íoslódáil
      Declaração de privacidade_Acreditação
    19. română(98.01 KB - DOCX)Íoslódáil
      supravegherea video
    20. slovenčina(85.66 KB - DOCX)Íoslódáil
      Pravidlá monitorovania kamerovým systémom
    21. slovenščina(73.13 KB - DOCX)Íoslódáil
      Izjava o varstvu osebnih podatkov: videonadzor
    22. suomi(99.44 KB - DOCX)Íoslódáil
      Tietosuojaseloste: videovalvonta
    23. svenska(93.45 KB - DOCX)Íoslódáil
      Videoövervakningspolicy
    An raibh teanga eile uait nach bhfuil ar an liosta?Eolas faoinár mbeartas teanga.
  • Privacy statement: Contact Management Database

    Teangacha atá ar fáil (22)
    1. български(52.27 KB - DOCX)Íoslódáil
      Декларация за поверителност: База данни за управление на контактите
    2. Čeština(69.32 KB - DOCX)Íoslódáil
      Prohlášení o ochraně osobních údajů: databáze pro správu kontaktů
    3. dansk(79.54 KB - DOCX)Íoslódáil
      Databeskyttelseserklæring: database til forvaltning af kontakter
    4. Deutsch(67.12 KB - DOCX)Íoslódáil
      Datenschutzerklärung: Datenbank für die Kontaktverwaltung
    5. eesti(87.11 KB - DOCX)Íoslódáil
      Isikuandmete kaitse avaldus: kontaktihalduse andmebaas
    6. ελληνικά(72.11 KB - DOCX)Íoslódáil
      Δήλωση περί απορρήτου: Βάση δεδομένων διαχείρισης επαφών
    7. English(87.82 KB - DOCX)Íoslódáil
      Privacy statement: Contact Management Database
    8. español(66.33 KB - DOCX)Íoslódáil
      Declaración de confidencialidad: base de datos de gestión de contactos
    9. français(65.67 KB - DOCX)Íoslódáil
      Déclaration de confidentialité: Base de donnée de gestion des contacts
    10. hrvatski(65.07 KB - DOCX)Íoslódáil
      Izjava o zaštiti osobnih podataka: Baza podataka za upravljanje kontaktima
    11. italiano(70.69 KB - DOCX)Íoslódáil
      Informativa sulla protezione dei dati personali: banca dati per la gestione dei contatti
    12. latviešu(70.87 KB - DOCX)Íoslódáil
      Paziņojums par privātumu: kontaktinformācijas pārvaldības datubāze
    13. lietuvių(116.06 KB - DOCX)Íoslódáil
      Pareiškimas dėl privatumo: kontaktų valdymo duomenų bazė
    14. magyar(65.9 KB - DOCX)Íoslódáil
      Adatvédelmi nyilatkozat: kapcsolatkezelési adatbázis
    15. Malti(76.89 KB - DOCX)Íoslódáil
      Stqarrija ta Privatezza: Bażi ta Data ta Ġestjoni tal-Kuntatti
    16. Nederlands(72.08 KB - DOCX)Íoslódáil
      Privacyverklaring: gegevensbank voor het beheer van contacten
    17. polski(118.14 KB - DOCX)Íoslódáil
      Oświadczenie o ochronie prywatności: Baza danych do zarządzania kontaktami
    18. português(72.95 KB - DOCX)Íoslódáil
      Declaração de privacidade: base de dados de gestão de contactos
    19. română(67.73 KB - DOCX)Íoslódáil
      Declarație de confidențialitate: baza de date pentru gestionarea datelor de contact
    20. slovenčina(66.41 KB - DOCX)Íoslódáil
      Vyhlásenie o ochrane osobných údajov: Databáza pre správu kontaktov
    21. slovenščina(65.54 KB - DOCX)Íoslódáil
      Izjava o varstvu osebnih podatkov - upravljanje zbirke kontaktnih podatkov
    22. suomi(72.51 KB - DOCX)Íoslódáil
      Tietosuojalauseke: yhteystietojen hallintatietokanta
    23. svenska(68.67 KB - DOCX)Íoslódáil
      Meddelande om skydd av personuppgifter: kontakthanteringsdatabas
    An raibh teanga eile uait nach bhfuil ar an liosta?Eolas faoinár mbeartas teanga.
  • CINNEADH Uimh. 00152018 maidir le taifeadadh gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Coiste Eorpach na Réigiún

    Teangacha atá ar fáil (23)
    1. български(98.64 KB-DOCX)Íoslódáil
      РЕШЕНИЕ 0015/2018 относно записването на дейностите на Европейския комитет на регионите
    2. Čeština(151.98 KB-DOCX)Íoslódáil
      ROZHODNUTÍ č. 0015/2018 o záznamu činností vykonávaných Evropským výborem regionů
    3. dansk(148.68 KB-DOCX)Íoslódáil
      AFGØRELSE nr. 0015/2018 om optagelse af aktiviteter i Det Europæiske Regionsudvalg
    4. Deutsch(90.23 KB-DOCX)Íoslódáil
      BESCHLUSS Nr. 0015/2018 über die Aufzeichnung von Tätigkeiten des Europäischen Ausschusses der Regionen
    5. ελληνικά(102.82 KB-DOCX)Íoslódáil
      ΑΠΟΦΑΣΗ αριθ. 0015/2018 σχετικά με την εγγραφή των δραστηριοτήτων της Ευρωπαϊκής Επιτροπής των Περιφερειών
    6. English(221.09 KB-PDF)Íoslódáil
    7. español(95.33 KB-DOCX)Íoslódáil
      DECISIÓN No 00152018 sobre la grabación de actividades efectuadas por el Comité Europeo de las Regiones
    8. eesti(148.31 KB-DOCX)Íoslódáil
      Juhatuse otsus nr0015/2018 Euroopa Regioonide Komitee tegevuse salvestamise kohta
    9. suomi(89.59 KB-DOCX)Íoslódáil
      PÄÄTÖS N:o 0015/2018 Euroopan alueiden komitean toiminnan tallentamisesta
    10. français(225.39 KB-PDF)Íoslódáil
    11. hrvatski(90.67 KB-DOCX)Íoslódáil
      ODLUKA br. 0015/2018 o snimanju aktivnosti Europskog odbora regija
    12. magyar(89.44 KB-DOCX)Íoslódáil
      0015/2018. sz. HATÁROZAT a Régiók Európai Bizottsága tevékenységeiről történő felvételkészítésről
    13. italiano(99.47 KB-DOCX)Íoslódáil
      Decisione n. 0015/2018 concernente la registrazione delle attività svolte dal Comitato europeo delle regioni
    14. lietuvių(146.33 KB-DOCX)Íoslódáil
      SRENDIMAS Nr. 0015/2018 dėl Europos regionų komiteto vykdomos veiklos įrašų
    15. latviešu(89.42 KB-DOCX)Íoslódáil
      LĒMUMS Nr.0015/2018 par Eiropas Reģionu komitejas rīkoto pasākumu ierakstiem
    16. Malti(96.77 KB-DOCX)Íoslódáil
      DEĊIŻJONI Nru 0015/2018 dwar ir-reġistrazzjoni ta' attivitajiet imwettqa mill-Kumitat Ewropew tar-Reġjuni
    17. Nederlands(94.25 KB-DOCX)Íoslódáil
      BESLUIT nr. 0015/2018 betreffende het maken van opnamen van activiteiten van het Europees Comité van de Regio's
    18. polski(145.69 KB-DOCX)Íoslódáil
      DECYZJA nr 0015/2018 w sprawie nagrywania działań podejmowanych przez Europejski Komitet Regionów
    19. português(95.33 KB-DOCX)Íoslódáil
      DECISÃO n.º 15/2018 sobre a gravação das atividades do Comité das Regiões Europeu
    20. română(100.41 KB-DOCX)Íoslódáil
      DECIZIA nr. 0015/2018 privind înregistrarea activităților realizate de Comitetul European al Regiunilor
    21. slovenčina(133.5 KB-DOCX)Íoslódáil
      Rozhodnutie Európskeho výboru regiónov č. 0015/2018 o zaznamenávaní činností Európskeho výboru regiónov
    22. slovenščina(87.75 KB-DOCX)Íoslódáil
      SKLEP št. 0015/2018 o snemanju dejavnosti Evropskega odbora regij
    23. svenska(95.76 KB-DOCX)Íoslódáil
      BESLUT nr 00152018 om ljud- eller bildupptagning av Europeiska regionkommitténs aktiviteter
    An raibh teanga eile uait nach bhfuil ar an liosta?  Eolas faoinár mbeartas teanga.
  • Privacy statement Network for former members

Roinn:
 
Back to top