Beartas teanga 

Is é is aidhm dúinn eolas a chur ar fáil duit i do theanga féin – nó i dteanga eile a thuigeann tú – ag brath ar an gcineál eolais atá uait.​
Ábhar

Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh 

Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvacais, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris. 

Na teangacha ina bhfoilsítear cineálacha éagsúla eolais ar shuíomh gréasáin Choiste na Réigiún 

  • Struchtúr na nascleanúna ar an suíomh gréasáin: foilsítear é i dteangacha oifigiúla an Aontais. 
  • Eolas ginearálta: foilsítear é i dteangacha oifigiúla an Aontais de réir mar a bheidh aistriúchán le fáil air. 
  • Doiciméid oifigiúla, doiciméid a bhfuil tábhacht pholaitiúil leo, eolas agus doiciméid faoi na seisiúin iomlánacha: foilsítear iad i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. 
  • Eolas atá práinneach nó a bhfuil saolré ghearr aige (nuacht, imeachtaí,...): ní fhoilsítear é i ngach teanga. Braitheann rogha na teanga/na dteangacha ar spriocléitheoirí an eolais. 
  • Eolas speisialaithe (eolas teicniúil, obair idir lámha, glaonna ar thairiscintí): foilsítear é go príomha i mBéarla. 
  • Eolas spriocdhírithe náisiúnta agus réigiúnach (An Eoraip i mo Réigiún): foilsítear é i dteanga na tíre lena mbaineann. 
  • ​Foirmeacha teagmhála agus freagraí ar do theachtaireachtaí: is féidir teachtaireachtaí a chur isteach in aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus tabharfar freagraí orthu sa teanga chéanna, más féidir. Iarrtar ort freisin teanga eile (an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis) a roghnú d'fhonn freagra tapa a chinntiú. ​

An bhfuil ionadh ort nach bhfuil eolas áirithe ar fáil i do theanga? 

Uaireanta cuireann sé ionadh ar dhaoine a théann ar shuíomh gréasáin Choiste na Réigiún nach bhfuil leathanach áirithe le fáil ina dteanga féin. Go hiondúil, bíonn na teangacha atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choiste ag brath ar na srianta seo a leanas: 

  • tábhacht (dhlíthiúil) – ní mor teacht a bheith ag an bpobal ar na doiciméid oifigiúla ar fad, mar sin cuirtear ar fáil iad sna teangacha oifigiúla uile. I gcás doiciméid eile, ní aistrítear iad ach amháin go dtí na teangacha sin a bhfuil gá leo (cuir i gcás, chun cumarsáid a dhéanamh le húdaráis náisiúnta, eagraíochtaí náisiúnta nó daoine aonair); 
  • práinn – ní mór cineálacha áirithe eolais a fhoilsiú go tapa toisc baint a bheith acu lena bhfuil ag tarlú ag an am sin. Toisc go dtógann an t-aistriúchán roinnt mhaith ama, is fearr linn ábhar a fhoilsiú go tapa sna teangacha a thuigeann an líon is mó Eorpach, seachas a bheith ag feitheamh ar aistriúchán go dtí gach teanga; 
  • cost-éifeachtacht​ – i gcás leathanaigh ríspeisialaithe nach bhféachann ach líon fíorbheag daoine orthu, is é an príomhchúram atá orainn a chinntiú go dtuigfidh formhór na ndaoine éirim an eolais sin agus airgead a spáráil ar na cáiníocóirí ag an am céanna; 
  • srianta teicniúla – tá sé thar a bheith casta suíomh gréasáin atá ar fáil i níos mó ná 20 teanga a bhainistiú, agus teastaíonn a lán acmhainní daonna agus airgeadais chuige sin; 
  • aistriúchán – níl (rochtain) againn ach (ar) líon teoranta aistritheoirí agus níl ach buiséad teoranta againn le haghaidh an aistriúcháin (airgead na gcáiníocóirí a íocann as sin). 

Ar líon áirithe leathanach, áfach, is féidir leat meaisínaistriúchán uathoibríoch a iarraidh tríd an tSeirbhís eTranslation de chuid an Choimisiúin Eorpaigh:

  • Tabharfaidh an meaisínaistriúchán tuiscint gharbh duit ar ábhar an téacs i dteanga a thuigeann tú. Ba cheart a choinneáil i gcuimhne, áfach, nach mbíonn aon lámh ag an duine ina leithéid sin d'aistriúchán agus go bhféadfadh cáilíocht agus cruinneas an mheaisínaistriúcháin a bheith an-éagsúil ó théacs go chéile agus ó phéire teangacha go chéile. 

Ba mhór againn aiseolas a fháil uait faoi aon mheaisínaistriúchán a d'iarr tú! Is féidir an t aiseolas a chur chugainn anseo​.​

Roinn :
 
Back to top