Ráiteas ar an gcomhshaol 

EMAS logo
Is dhá chomhlacht comhairliúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh iad Coiste Eorpach na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. I dtaca leis an obair chomhairliúcháin a dhéanann siad, tá na Coistí tiomanta, le fada an lá, don fhorbairt inbhuanaithe agus don chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide. An féidir a rá, áfach, go bhfuil na moltaí atá déanta againn á gcur i bhfeidhm i ndáiríre inár n-oifigí féin?

Ó 2008 i leith táimid i mbun córas bainistíochta comhshaoil atá i gcomhréir le EMAS a bhunú lena chinntiú go bhfeidhmíonn na Coistí ar an dóigh is tairbhí don chomhshaol.
Roinn :
 
Back to top