Cad is fianán ann?
Is comhad beag téacs é an fianán a shábhálann suíomh gréasáin ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste le linn duit cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin sin. Fágann sé gur féidir leis an suíomh gréasáin do chuid gníomhaíochtaí agus do roghanna (m.sh. logáil isteach, teanga, clómhéid agus roghanna eile taispeána) a choinneáil i gcuimhne ar feadh tréimhse ama, le nach mbeidh ortsa iad a chur isteach arís is arís eile nuair a fhilleann tú ar an suíomh sin nó nuair a dhéanann tú brabhsáil ó leathanach go leathanach.
Conas a úsáidtear fianáin?
Úsáidtear fianáin tríú páirtí i roinnt d'ár leathanaigh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- staitisticí anaithnid a bhailiú maidir leis na leathanaigh ar thug tú cuairt orthu agus leis an méid ama a chaith tú orthu
- ábhar leabaithe a chur ar fáil duit, m.sh. físeáin YouTube nó taispeántais sleamhnán Flickr
- cur ar do chumas na leathanaigh a thaitníonn leat a roinnt ar na meáin shóisialta is fearr leat
- cuimhneamh ar aontaigh tú (nó nár aontaigh) lenár n‑úsáid d'fhianáin ar an láithreán seo
Níl sé iomlán riachtanach na fianáin seo a chumasú i dtreo is go bhfeidhmeoidh an láithreán gréasáin ach cuirfear taithí brabhsála níos fearr ar fáil duit dá bharr. Is féidir leat na fianáin seo a scriosadh nó a bhlocáil ach má dhéanann tú amhlaidh féadfaidh nach n‑oibreoidh roinnt gnéithe den láithreán seo mar atá beartaithe.
Tabhair faoi deara le do thoil gur i gcás ina gcuireann tú físeán YouTube ar siúl ar an láithreán, gheobhaidh tú fianán ó
www.youtube.com. Trí chliceáil chun an físeán a chur ar siúl, glactar leis go dtoilíonn tú le húsáid an fhianáin seo.
Ní úsáidtear an fhaisnéis a bhaineann leis an bhfianán chun tú a shainaithint go pearsanta, agus ní bhaineann Coiste na Réigiún úsáid aisti chun críche ar bith eile seachas na cinn a thuairiscítear anseo.
An mbainimid úsáid as fianáin ar bith eile?
Féadfaidh sé go n‑úsáidfear fianáin bhreise nó dhifriúla ó na cinn a thuairiscítear thuas ar roinnt d'ár leathanaigh nó d'ár bhfoláithreáin. Más ea, cuirfear na sonraí i ndáil leo siúd ar fáil ina leathanach sonrach d'fhógraí faoi fhianáin. Féadfar iarraidh ort comhaontú leis na fianáin seo a stóráil.
Conas a choinnítear smacht ar na fianáin?
Is féidir leat fianáin
a rialú agus/nó a scriosadh de réir mar is mian leat – féach an t-eolas ag
aboutcookies.org. Is féidir leat na fianáin uile atá ar do ríomhaire cheana a scriosadh agus is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe a shocrú le bac a chur orthu. Má dhéanann tú sin, ámh, b'fhéidir go mbeadh ort roinnt de na roghanna a athrú gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh agus b’fhéidir nach n-oibreodh seirbhísí ná feidhmiúlachtaí áirithe.
Do shocruithe ríomhaire a athrú
Féadfaidh tú do shocruithe a athrú thíos.