Tá 350 comhalta ag Coiste Eorpach na Réigiún a dhéanann ionadaíocht ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha ó gach ceann de 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh. Tagann siad le chéile i suí iomlánach sa Bhruiséil 5 go 6 huaire sa bhliain chun tosaíochtaí polaitiúla a phlé agus chun tuairimí a ghlacadh maidir le reachtaíocht AE.
Ní mór do na comhaltaí a bheith tofa go daonlathach agus/nó sainordú polaitiúil óna dtír dhúchais a bheith acu. Molann gach rialtas náisiúnta a chuid ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla (comhaltaí agus comhaltaí malartacha) – toscaireachtaí náisiúnta – nach mór a bheith formheasta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.
I mí Aibreáin 2019, ghlac an Biúró straitéis le go mbeadh rannpháirtíocht na gcomhaltaí i gCoiste na Réigiún cothrom ó thaobh inscne de.
Déantar comhaltaí an Choiste a ghrúpáil de réir a gcleamhnachta polaitiúla – PPE , PSE , ALDE , CE , nó ECR – agus réimsí spéise – coimisiúin.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach ar Thairseach na gComhaltaí agus Rialacha Nós Imeachta Choiste na Réigiún