National Delegation 

Toscaireacht Náisiúnta na hÉireann

​Is comhaltaí tofa d'údarás áitiúil iad na comhaltaí Éireannacha uile (9 lánchomhalta agus 9 gcomhalta mhalartacha) agus fágann a gcomhaltas de Choiste na Réigiún gur comhaltaí ex officio de cheann de na Comhthionóil Réigiúnacha iad freisin. Iarrtar ar na comhaltaí na Comhthionóil Réigiúnacha a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí Choiste na Réigiún. Shocraigh Toscaireacht na hÉireann córas péireála agus sealaíochta chun go mbeadh rannpháirtíocht níos gníomhaí ag na comhaltaí malartacha in obair Choiste na Réigiún.

Reáchtáiltear toghcháin na n-údarás áitiúil gach cúig bliana in éineacht leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Ábhar

​An tosc​​aireacht a cheapadh

Ainmníonn an rialtas gach comhalta Éireannach de Choiste na Réigiún agus léirítear cothromaíochtaí inscne, polaitíochta agus geografacha leis an ainmniú sin. Cuirtear san áireamh sa chomhdhéanamh sin comhdhéanamh leathan polaitíochta chóras an rialtais áitiúil in Éirinn.

Rúnaíocht​​ Thoscaireacht na hÉireann

Feidhmíonn Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, mar rúnaíocht do Thoscaireacht na hÉireann agus tá freagracht air freisin i leith Oifig Eorpach Réigiúin na hÉireann sa Bhruiséil; i measc feidhmeanna eile, tugann na hoifigí sin tacaíocht do chomhaltaí Éireannacha Choiste na Réigiún.

Cuirtear faisnéis agus seisiúin eolais ar fáil do chomhaltaí na hÉireann roimh chruinnithe de Choiste na Réigiún. Cuireann an rúnaíocht cúnamh ar fáil freisin maidir le dréachtú tuairimí agus leasuithe agus maidir le hidirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe seachtracha agus obair na Toscaireachta á cur chun cinn.

​Leasa​​nna beartais a chur chun cinn

Is gnách do na lánchomhaltaí teacht le chéile in Éirinn roimh na seisiúin iomlánacha chun saincheisteanna beartais a phlé agus chun cuidiú le comhsheasaimh a fhorbairt. Déantar sealaíocht ar na cruinnithe seo idir na réigiúin d'fhonn feabhas a chur ar an nasc idir na Comhthionóil Réigiúnacha agus an Toscaireacht. Bíonn cruinnithe bliantúla ann freisin ina mbíonn na lánchomhaltaí uile agus na comhaltaí malartacha uile rannpháirteach ina ndírítear ar shaincheisteanna níos straitéisí agus lena n-áirítear rannpháirtíocht  ionadaithe agus páirtithe leasmhara Éireannacha eile atá ag obair san Aontas nó a bhfuil baint acu leis.

Bíonn an Toscaireacht gníomhach chun leasanna áitiúla agus réigiúnacha na hÉireann a chur chun cinn laistigh den tír agus i gcéin. Tháinig an Toscaireacht le chéile go rialta le Coiste an Oireachtais um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh agus rinne sí neart aighneachtaí agus cur i láthair maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus le rialachas inar léiríodh dearcadh áitiúil agus réigiúnach na hÉireann.

Téann an Toscaireacht agus a rúnaíocht i gcaidreamh go rialta le Ranna Rialtais ábhartha na hÉireann, le Buanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil agus le hoifigí agus le heagraíochtaí ionadaíocha eile de chuid na réigiún.

Uachtarán

Michael MURPHY
Michael MURPHY 
+353 52 6127862
michael.murphy@cllr.tipperarycoco.ieOrpen, 30 The Paddocks, Fethard Road
 Clonmel, Co. Tipperary
Éire-Ireland

Coordinators

  • Teresa LENNON
    Teresa LENNON 
    +32 22331122
    teresa.lennon@ireo.euHead of the Irish Regions European Office Rue Froissart 50 5th floor
    1040 Brussels
    Ireland
  • Mr. Tadgh BROWNE
    Mr. Tadgh BROWNE 
    Tadhg.browne@ireo.euIrish Regions European Office Rue Froissart 50
    1040 Brussels
    Ireland
Roinn :
 
Back to top