Líonraí  

Cuireann líonraí Choiste na Réigiún ar chumas réigiún agus cathracha cur le díospóireacht an Aontais Eorpaigh agus taithí agus dea-chleachtas a mhalartú i dtaca le beartais shonracha an Aontais.
Ábhar

​Ardán Faireacháin Choiste na Réigiún

Déanann Ardán Faireacháin an Choiste monatóireacht ar rannpháirtíocht údarás áitiúil agus réigiúnach sa Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch agus i straitéis fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh le haghaidh fás inbhuanaithe.

​​Misean

Monatóireacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht údarás réigiúnach agus áitiúil sa Seimeastar Eorpach agus i straitéis fhadtéarmach an Aontais le haghaidh fás inbhuanaithe.

Príomhghníomhaíochtaí:

  • Monatóireacht a dhéanamh ar dheiseanna agus dúshláin d'údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh i gceapadh agus cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh
  • Dul i gcomhairle lena chomhaltaí, go leictreonach nó trí imeachtaí a eagrú inar féidir le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a gcuid tuairimí agus ábhar imní a chur in iúl
  • Ionchur a sholáthar le haghaidh obair pholaitiúil agus reachtach Choiste na Réigiún faoin gcaoi ar féidir gné chríochach níos soiléire a thabhairt don Seimeastar Eorpach agus do straitéis fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh le haghaidh fás inbhuanaithe​

Léigh a thuilleadh​ 

An t-ardán ardleibhéil ilgheallsealbhóra um chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Leis an ardán ardleibhéil ilgheallsealbhóra um chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, tugtar le chéile geallsealbhóirí ó chathracha, réigiúin, an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, an earnáil phríobháideach agus chorparáideach i gcruinnithe rialta chun tacaíocht agus comhairle a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar leibhéal an Aontais. Is í Rúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh a chomhordaíonn an t-ardán agus tá 30 ball air, lena n-airítear Coiste Eorpach na Réigiún.

​Mission

Leis an ardán ardleibhéil ilgheallsealbhóra um chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, tugtar le chéile geallsealbhóirí ó chathracha, réigiúin, an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, an earnáil phríobháideach agus chorparáideach i gcruinnithe rialta chun tacaíocht agus comhairle a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar leibhéal an Aontais. Is í Rúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh a chomhordaíonn an t-ardán agus tá 30 ball air, lena n-airítear Coiste Eorpach na Réigiún.

Príomhghníomhaíochtaí:

  • tacaíocht agus comhairle a thabhairt don Choimisiún Eorpach agus do na geallsealbhóirí uile atá rannpháirteach i gcur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar leibhéal an Aontais
  • comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Choimisiún Eorpach i ndáil le himeachtaí de chuid an Choimisiúin a bhaineann le forbairt inbhuanaithe
  • cuidiú leis an bpróiseas ullmhúcháin le haghaidh duais bhliantúil don inbhuanaitheacht
  • fóram um malartú taithí agus dea-chleachtais a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ó earnáil go chéile agus ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach agus leibhéal an Aontais​

Léigh a thuilleadh 


Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht

​Bunaíodh an Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht chun an malartú faisnéise idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ar leibhéal an Aontais feadh an timthrialla beartais uile i dtaca le doiciméid éagsúla agus tograí reachtacha éagsúla a éascú. A luaithe a ghlacfar na doiciméid agus tograí sin beidh tionchar díreach acu ar na húdaráis sin agus ar na beartais a bhfuil siad freagrach astu.

I measc a chuid ball áirítear Parlaimintí agus Rialtais réigiún a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu, údaráis áitiúla agus réigiúnacha nach bhfuil cumhachtaí reachtacha acu agus comhlachais rialtais áitiúil san Aontas Eorpach. Tá sé ar oscailt freisin do thoscaireachtaí náisiúnta Choiste na Réigiún agus do sheomraí parlaimintí náisiúnta.

​Misean

  • Údaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumasú le bheith gníomhach i dtaca le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta
  • Tacaíocht a thabhairt do réigiúin a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu trí REGPEX – folíonra den Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht atá ar oscailt do pharlaimintí agus rialtais réigiún a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu

Príomhghníomhaíochtaí:

  • Tacaíocht a thabhairt do pharlaimintí agus rialtais ó réigiúin a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu tríd an ardán sonrach REGPEX le linn thréimhse an Chórais Luathrabhaidh
  • Feasacht a mhúscailt i dtaobh chur chun feidhme praiticiúil phrionsabal na coimhdeachta agus malartú dea-chleachtais a éascú
  • Rapóirtéirí agus comhaltaí Choiste na Réigiún a choimeád ar an eolas faoi rannchuidiú a bhaineann le coimhdeacht agus comhréireacht a thagann ó líonra ionadaitheach d'údaráis áitiúla agus réigiúnacha
  • Beartais a aithint le haghaidh reachtóireacht níos fearr, gearradh siar ar an ró-mhaorlathas agus glacadh bheartais an Aontais Eorpaigh i measc shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a mhéadú
  • Idirphlé idirinstitiúideach maidir le coimhdeacht a éascú trí Chomhdháil dhébhliantúil um Choimhdeacht

Léigh a thuilleadh 


Grúpáil Eorpach um Chomhar Críche

Leis an nGrúpáil Eorpach um Chomhar Críche éascaítear an comhar trasteorann, trasnáisiúnta nó idir-réigiúnach trí aon eintiteas dlíthiúil amháin a chruthú.

​Misean

Cur ar chumas údarás réigiúnach agus áitiúil ó Bhallstáit éagsúla comhoibriú le chéile ar bhealach níos éifeachtaí, cuir i gcás, trí chead a thabhairt dóibh iarratas díreach a chur isteach ar chistí Eorpacha agus iad a bhainistiú agus struchtúr níos fearr a chur ar a gcomhar

Príomhghníomhaíochtaí:

  • Is é Coiste na Réigiún atá freagrach as clár oifigiúil AE na nGrúpálacha Eorpacha um Chomhar Críche (GECCanna)
  • Déanann Ardán GECC comhtháthú ar ionadaithe polaitiúla agus teicniúla na GECCanna uile atá ann cheana, ar na GECCanna atá á mbunú agus ar shaineolaithe
  • Is é is aidhm don Ardán malartú taithí ar an láthair a éascú, an GECC a chur chun cinn mar uirlis um chomhtháthú críochach agus feasacht a mhúscailt faoi thionscadail GECC, agus tacú le hobair comhairliúcháin an Choiste i dtaca le saincheisteanna trasteorann

Léigh a thuilleadh ​

Cúnant na Méaraí

Le Cúnant na Méaraí don Aeráid agus don Fhuinneamh tugtar le chéile údaráis áitiúla agus réigiúnacha atá tiomanta go deonach do spriocanna AE maidir le haeráid agus fuinneamh a chur chun feidhme ina gcríocha. Is iad na cathracha a mhúnlaigh an ghluaiseacht ón mbun aníos seo nach bhfuil a leithéid chéanna le fáil in aon áit eile, cathracha a bhfuil an fhís chéanna acu maidir le críocha athléimneacha, saor ó charbóin, ina mbeidh rochtain ag na saoránaigh ar fhuinneamh slán, inbhuanaithe agus ar phraghas réasúnta.

​Misean

Tacaíocht ón mbun aníos a thabhairt do chur chun feidhme Phacáiste Aeráide agus Fuinnimh an Aontais Eorpaigh, a ghlac na ceannairí stáit agus rialtais in 2008.

Key activities

  • Déanann ambasadóirí Chúnant na Méaraí de Choiste na Réigiún​– polaiteoirí tofa áitiúla agus réigiúnacha ar shínigh a gcuid réigiún agus cathracha an Cúnant – déanann siad ionadaíocht ar Choiste na Réigiún ag imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus spreagann siad bailte, cathracha agus réigiúin chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh.
  • Eolas agus dea-chleachtas a mhalartú, go háirithe a fhad a bhaineann le bearta i dtaca le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó a mhaoiniú

Léigh a thuilleadh 

Líonra na Mol Réigiúnach um Chur Chun Feidhme Bheartais an Aontais Eorpaigh a Athbhreithniú (RegHub) – Treoirthionscadal

​The Network shall provide feedback about the implementation of EU legislation at local and regional level. It is coordinated by the CoR. A pilot phase starts with 20 regions. Regions setup regional hubs to provide their practical experiences in implementing EU-policies.

Misean

Cuirfidh an Líonra aiseolas ar fáil maidir le cur chun feidhme reachtaíocht AE ar an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach. Tá sé á chomhordú ag Coiste na Réigiún. Tá céim phíolótach á cur ar bun ina bhfuil 20 réigiún rannpháirteach. Cuireann réigiúin moil réigiúnacha ar bun chun a dtaithí phraiticiúil i gcur chun feidhme beartas AE a roinnt.

Príomhghníomhaíochtaí:

  • Aiseolas tráthúil, córasach agus comhleanúnach a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme reachtaíocht AE ar an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach
  • Rannpháirtíocht níos fearr ar thaobh na ngníomhaithe ar an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach a chinntiú ag luathchéim sa phróiseas reachtaíochta AE trí phointe teagmhála dírí a chur ar fáil ar an leibhéal réigiúnach
  • Mol faisnéise a chur ar fáil sa réigiún maidir leis na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an Aontas Eorpach i réimse na rialála níos fearr (faisnéis faoi chomhairliúcháin phoiblí, pleananna cur chun feidhme, suíomhanna gréasáin, etc.).
  • Cur leis an mbéim atá ar fheabhsú na reachtaíochta AE atá ann cheana agus a cur i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach, trí chomhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil a chur chun cinn
  • Sásra buan chun an simpliú a chur chun cinn maille le foghlaim idir-réigiúnach, a chur ar fáil agus reachtaíocht AE á cur i bhfeidhm agus á forbairt ar bhonn níos mó

Léigh a thuilleadh 

Cathracha agus Réigiúin ar son na Lánpháirtíochta

Le Tionscnamh na gCathracha agus na Réigiún ar son na Lánpháirtíochta tugtar ardán polaitiúil do mhéaraí agus ceannairí réigiúnacha na hEorpa sa chaoi is gur féidir leo samplaí dearfacha a thaispeáint d'imircigh agus dídeanaithe á lánpháirtiú sa tsochaí, faisnéis ábhartha a roinnt, agus an éagsúlacht a chur chun cinn mar luach breise a thagann as cathracha cuimsitheacha agus a dhéanann deimhin den chomhtháthú sóisialta.

​Misean

  • tacú le himircigh agus dídeanaithe lánpháirtiú sa tsochaí
  • guth níos láidre a thabhairt do bhardais bheaga agus do chathracha agus réigiúin ar mheánmhéid, agus an comhar idir cheantair, chathracha agus réigiúin bheaga a chur chun cinn
  • cabhrú leis an dlúthpháirtíocht a mhíniú ar bhealach níos éifeachtaí agus bréagfhaisnéis sa réimse seo a chosc

Príomhghníomhaíochtaí

  • cruinnithe comhchéime polaitiúla agus comhdhálacha ardleibhéil a eagrú
  • tograí le haghaidh beartais lánpháirtíochta ar leibhéal an Aontais a fhorbairt agus a chur chun cinn
  • dea-thaithí agus dea-chleachtais a bhailiú (léarscáil idirghníomhach)
  • malartú dea-chleachtas a éascú
  • eolas faoin lánpháirtíocht (deiseanna ar mhaoiniú, imeachtaí, dea-chleachtas, etc.) a chur ar fáil agus a scaipeadh

Léigh a thuilleadh 

Na hilmheáin

10 years of crossborder cooperation ! EGTC platform anniversary

 

Tuilleadh físeán

  • 10 years of crossborder cooperation ! EGTC platform anniversary
    10 years of crossborder cooperation ! EGTC platform anniversary
Roinn :
 
Back to top