Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá ceannairí áitiúla an Aontais Eorpaigh agus réigiún na Meánmhara dulta i gcomhar le chéile chun mná a chosaint agus chun dul i ngleic leis an radacú  

D’iarr príomh-mhéaraí agus príomhghobharnóirí ó réigiún na Meánmhara agus ón Aontas Eorpach ar rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bheith ag obair níos mó i gcomhar le chéile chun cuidiú le mná agus chun radacú an aosa óig a chosc. Sa dá shraith de thograí beartais, a ghlac an Comhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara (ARLEM) an 21 Feabhra, tá béim curtha ar fhreagrachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach as bonneagar oideachais agus sóisialta a sholáthar.

Maidir leis na tuarascálacha, "Mná a chumhachtú i réigiún na Meánmhara" agus "Ról na n-údarás fonáisiúnta i réigiún na Meánmhara sa chomhrac i gcoinne an radacaithe agus an antoisceachais fhoréignigh i measc an aosa óig", tá siad ar na moltaí is deireanaí de shraith moltaí a ghlac ARLEM faoi shaincheisteanna a bhfuil mórthábhacht leo i dtaca le forbairt inbhuanaithe i ndeisceart agus in oirthear na Meánmhara. Le blianta beaga anuas, ghlac ARLEM tograí freisin maidir leis an athrú aeráide, claochlú fuinnimh, bainistiú uisce agus bainistiú dramhaíola, cuir i gcás.

Ba chúis áthais do Karl-Heinz Lambertz, comhchathaoirleach ARLEM agus Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, an dá thuarascáil agus dúirt sé: "Cothaíonn an t-eisiamh sóisialta, an bhochtaineacht agus an t-imeallú, laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach, an radacú foréigneach. Is trí chomhar níos mó agus infheistíocht níos mó a dhéanamh agus tríothusan amháin, a bheimid ábalta poist a chruthú don aos óg, agus lánpháirtiú comhphobail a chur chun cinn, ach gan gníomhaíocht a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil ní éireoidh linn an méid sin a bhaint amach. Is den tábhacht é chomh maith go dtacóidh na ceannairí áitiúla uile atá bailithe anseo inniu – ó Mharacó go dtí an Ghearmáin, agus ó Éirinn go dtí an Albáin – go dtacóidh siad le cumhachtú na mban agus go gcáinfidh siad gach cineál mí-úsáide. Is gá mar sin go rachaidh níos mó ban le polaitíocht agus i mbun gnó agus go rachfar i mbun birt chun mná a chosaint. Ní mór an méadú ar dheiseanna oideachais do chách a bheith mar thúsphointe chuige sin."

Ghlac ARLEM moltaí freisin lena ndeimhnítear go bhfuil na ceannairí áitiúla dírithe ar na spriocanna a comhaontaíodh i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe – chun pobail áitiúla a dhéanamh níos cuimsithí, níos sábháilte, níos seasmhaí agus níos inbhuanaithe. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Uachtarán Lambertz: "Is bonn maith an méid sin le haghaidh comhar sna blianta amach romhainn agus tá ardán úsáideach againn chun déileáil leis an ábhar seo laistigh den Aontas don Réigiún Meánmhuirí. Chomh maith leis sin, tá sampla inspioráideach den chomhar againn le haithris a dhéanamh air: le dhá bhliain anuas, tá cathracha sa Libia ag teacht le chéile chun comhpháirtíochtaí a bhunú le cathracha san Eoraip."

Dúirt Mohamed Kamal El Daly – Gobharnóir Giza, óstach an chruinnithe, agus rapóirtéir ARLEM maidir leis an radacú –: "Tá an tslándáil fíor-riachtanach má táimid chun an radacú a chomhrac, ach tá níos mó ná slándáil de dhíth orainn. Cuidíonn poist go suntasach leis an imeascadh sóisialta, ach ní mór na hiarrachtaí le poist a chruthú a bheith fite fuaite le hathchóiriú an oideachais agus infheistíocht sna cineálacha áiteanna ar maith le fir agus mná óga iad a thaithí, amhail saoráidí spóirt, cultúrtha agus sóisialta. Ba cheart dúinn díriú, thar aon rud eile, ar cheantair leochaileacha, amhail réigiúin teorann agus pobail atá imeallaithe sna cathracha agus faoin tuath. Tá sé ríthábhachtach go dtuigfimis go bhfuil ról tábhachtach ag na mná chun an radacú a chosc."

Bhí an méid seo le rá ag Mohamed Boudra, comhchathaoirleach ARLEM agus Uachtarán Chomhlachas na Méaraí Maracacha: "Tá ionadaithe na gcathracha agus na réigiún anseo chun an comhar a mhéadú, ach tuigeann siad freisin go bhfuil gá le comhar níos dlúithe idir comhlachtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus fornáisiúnta má táthar chun forbairt rathúil a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá ARLEM an-sásta gur chruthaigh an tAontas don Réigiún Meánmhuirí ardán le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe, chun cuidiú a thabhairt an taithí a fuarthas ar bhainistiú an uirbithe thapa a chomhthiomsú. Ag an am céanna, ní mór dúinn a chinntiú go ndéanfar an bhearna idir na cathracha agus an tuath a chúngú, a oiread is féidir, mar ní bheidh aon fhorbairt inbhuanaithe againn mura ndéantar forbairt i ngach réigiún. Tá níos mó post agus córas riaracháin áitiúil níos éifeachtaí de dhíth orainn, agus cuideoidh tuarascálacha ARLEM, a eisíodh in 2018, maidir le beartais áitiúla chun fiontraíocht i measc an aosa óig agus dea-rialachas a chur chun cinn, cuideoidh siad chun an sprioc sin a bhaint amach. Tá sé feicthe againn i Maracó conas mar a chuidíonn iarracht mhór ar gach leibhéal den rialtas in earnáil amháin — amhail earnáil an fhuinnimh inathnuaite – le daoine amuigh faoin tuath. Is féidir le cathracha agus réigiúin cuidiú lena ngeilleagair féin trí dhul i mbun birt maidir leis an athrú aeráide, cuir i gcás. Tarlaíonn an fhorbairt inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal domhanda araon."

Nóta do na heagarthóirí

• Chuir Coiste Eorpach na Réigiún an Comhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara (ARLEM) ar bun in 2010 chun dearcadh áitiúil agus réigiúnach a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le réigiún na Meánmhara. Comhlánú atá ann ar na hiarrachtaí a dhéanann an tAontas Eorpach agus tíortha eile i réigiún na Meánmhara nach Ballstáit den Aontas iad cainéil agus leibhéil bhreise idirphlé agus comhair a chothú, lena n-áirítear an tAontas don Réigiún Meánmhuirí. I dtaca le toscaireacht an Aontais Eorpaigh in ARLEM, tá sí déanta suas de 32 chomhalta de Choiste Eorpach na Réigiún agus ochtar ionadaithe ó chomhlachais AE d’údaráis áitiúla.

• Is í Mary Freehill, comhalta de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a dhréachtaigh tuarascáil ARLEM "Mná a chumhachtú i réigiún na Meánmhara". Tá naoi moladh sa chonclúid ar an tuarascáil. Agus é tugtha faoi deara inti go bhfuil rialtais áitiúla agus réigiúnacha "sa líne thosaigh chun foréigean agus droch-chleachtais in aghaidh na mban a aithint agus a chomhrac", tá sé maíte sa tuarascáil go bhfuil "inniúlacht ar leith ag ceannairí áitiúla agus réigiúnacha" chun feachtais faisnéise poiblí a sheoladh chun feasacht a ardú maidir le foréigean baile agus gach cineál eile foréigin ar bhonn inscne, "gur féidir leis na ceannairí sin idirghabhálacha suntasacha praiticiúla a dhéanamh chun cur le rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothar áitiúil" agus go bhfuil "inniúlacht acu chun na constaicí atá roimh na mná ó thaobh rochtain chomhionann ar rialú agus úinéireacht talún agus rochtain ar mhaoiniú a aithint agus a chomhrac". Faoi láthair, áfach, tá sé luaite sa tuarascáil "go bhfágann bonneagar agus acmhainní atá easnamhach nach bhfuil ach seirbhísí easnamhacha agus cosaint atá go hiomlán neamhleordhóthanach ann do mhná leochaileacha".

• Tháinig ARLEM i gceann a chéile an 20-21 Feabhra in Giza na hÉigipte, ar chuireadh ó Ghobharnóir Giza, Mohamed Kamal El Daly. Roimh an gcruinniú a bhí acu le chéile, thug comhaltaí ARLEM cuairt ar thionscadal uirbeach in Giza.

• Ó bhí 2015 ann, chothaigh Coiste Eorpach na Réigiún dlúthchaidreamh le cathracha sa Libia, leis an aidhm seirbhísí poiblí sa Libia a fheabhsú agus cuidiú le cathracha sa Libia teacht isteach sa chomhphobal idirnáisiúnta. I mí Eanáir 2016, ar iarraidh ó chathracha sa Libia, d’aontaigh Coiste Eorpach na Réigiún comhpháirtíochtaí idir Libia agus cathracha san Aontas Eorpach a eagrú agus a éascú. Faoi Thionscnamh na Niocóise, a ainmníodh toisc gur comhaontaíodh ar an idé i bpríomhchathair na Cipire, tá tacaíocht d’údaráis áitiúla na Libia tugtha nó geallta ag cathracha agus réigiúnacha AE go nuige seo sna réimsí seo a leanas: bainistiú uisce, bainistiú dramhaíola, príomhchúram sláinte, riarachán poiblí, oiliúint teanga, buiséadú, iascach, póilíneacht agus frithradacú.

• In 2016, bhí Maracó ina óstach ar phríomhchruinniú bliantúil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide – Comhdháil na bPáirtithe (COP22). Ar imeall na comhdhála, phléigh ARLEM an fhorbairt inbhuanaithe agus béim ar leith á leagan aige ar ghníomhú ar son na haeráide, agus spreag sé na cathracha agus na réigiúin nach bhfuil san Aontas Eorpach le páirt a ghlacadh i gCúnant na Méaraí, ar tionscnamh é ina dtugann na sínitheoirí gealltanas dul níos faide ná spriocanna an AE maidir le laghdú astaíochtaí agus a fhaigheann, dá réir sin, tacaíocht theicniúil ón Aontas Eorpach. In 2017 d’fhág cumasc le Comhdháil Méaraí na Stát Aontaithe go dtabharfaí Cúnant Domhanda na Méaraí um Aeráid agus Fuinneamh feasta ar Chúnant na Méaraí. Tá Coiste Eorpach na Réigiún ina phatrún polaitiúil ar an gCúnant.

• Tá grianghraif le fáil ar Flickr. Gheofar faisnéis chúlra faoin Éigipt i staidéar a tháinig ó Pharlaimint na hEorpa le déanaí.

Teagmháil:
Andrew Gardner
Teil. +32 473 843 981
andrew.gardner@cor.europa.eu

Roinn :