Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Comhtháthú, iomaíochas, cóineasú: níos mó acmhainní agus níos mó infheistíocht réigiúnach don Eoraip á n-iarraidh ag Príomhaire na Portaingéile  

Ghlac Antonio Costa, Príomhaire na Portaingéile, páirt i gcomhphlé maidir le todhchaí na hEorpa leis na céadta ceannairí áitiúla agus réigiúnacha. Le linn na díospóireachta a tionóladh le Coiste Eorpach na Réigiún (CER), dúirt an Príomh-Aire nach mór don Eoraip dul ar mhalairt slí go tapa chun freagairt don iomaíocht dhomhanda atá ag méadú, trí dhul i ngleic le neamhréireachtaí réigiúnacha, trí ranníocaíochtaí na mBallstát do bhuiséad an Aontais Eorpaigh a mhéadú, agus tríd an infheistíocht réigiúnach a neartú agus trí dhul i mbun caibidlíocht le gach leibhéal rialtais.

Dúirt an Príomh-Aire nach mór don Aontas Eorpach tosaíocht a thabhairt don chomhtháthú sóisialta agus don chóineasú idir réigiúin agus cathracha. D’iarr an Príomh-Aire Costa, iarchomhalta de Choiste na Réigiún, go méadófaí buiséad an Aontais Eorpaigh agus nár leor 1 % den Ollioncam Náisiúnta chuige sin: "De thoradh go bhfuilimid ag plé le domhan domhandaithe tá breis comhtháthaithe agus geilleagar níos iomaíche de dhíth ar an Eoraip. Agus muid ag freagairt do na dúshláin nua, ní ceart dúinn dúshraitheanna ár nAontais a lagú, amhail an Comhbheartas Talmhaíochta nó an Beartas Comhtháthaithe. Táimid uaillmhianach agus tá na beartais leagtha amach againn. Má tá Aontas níos láidre uainn a bheidh níos athléimní i leith géarchéimeanna agus a bheidh níos ullmhaithe do dhúshláin nua, ní mór breis acmhainní a chur ar fáil don Aontas."

Agus é ag labhairt le linn díospóireacht a tionóladh sa suí iomlánach de Choiste na Réigiún, bhí Karl-Heinz Lambert ar aon fhocal leis an méid sin, nuair a dúirt sé: "Tá sé de chúram orainn an Eoraip a chur ar ais ar chonair an fháis eacnamaíoch chothroim. Is saintréithe de chuid an Aontais seo againne an comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach, ach tá breis infheistíocht réigiúnach agus tuaithe de dhíth orainn. Leis an gcéad bhuiséad AE eile múnlófar an bealach a ghabhfaidh an Eoraip anois, agus is ar an gcúis sin nach mór do na Ballstáit acmhainní airgeadais a gcuid réigiún agus cathracha a mhéadú, seachas a laghdú, chun poist a chruthú agus lánpháirtiú na hEorpa a dhoimhniú."

Ós rud é go bhfuil Coiste Eorpach na Réigiún in éineacht le comhlachais chríochacha ag troid ar son na hinfheistíochta réigiúnaí AE sa chéad bhuiséad eile tríd an #CohesionAlliance, rinne an Príomh-Aire Costa cás láidir ar son beartas comhtháthaithe láidir. "A bhuí leis an mbeartas comhtháthaithe, tá tionchar na hEorpa le tabhairt faoi deara ar gach sráidbhaile, gach cathair, gach baile agus gach sráid Eorpach," ar seisean. "Sin an chúis nár cheart an comhtháthú a bheith ina athróg um choigeartú sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile."

Le linn na díospóireachta, chuir comhaltaí de Choiste Eorpach na Réigiún – Tionól an Aontais Eorpaigh de cheannairí áitiúla agus réigiúnacha – a dtacaíocht in iúl maidir le fís an Phríomh-Aire. Dúirt siad gur aithin siad go raibh gá le geilleagar na hEorpa a athnuachan tríd an gcomhtháthú críochach, an bonneagar agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil a neartú. Chuige sin, ba gá don Aontas, dar leo go léir, níos mó airde a thabhairt ar ról agus tionchar na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, arb iad atá freagrach as na geilleagair réigiúnacha a thiomáint chun cinn, ach a bhfuil sé de chúram orthu freisin imní lucht vótála a chur in iúl agus pobail a thabhairt le chéile chun tacú le beartais an Aontais Eorpaigh.

Dúirt Príomhaire na Portaingéile freisin gur ábhar práinne é an tAontas Airgeadaíochta Eorpach a thabhairt chun críche: "Níl réiteach faighte againn ar laigí struchtúracha an limistéir euro fós. A fhad is nach bhfuil an tAontas Airgeadaíochta Eorpach tugtha chun críche, táimid i mbaol géarchéimeanna eile i gcónaí. Is ar an ábhar sin a bhí mé ag moladh buiséad don limistéar euro a chruthú bunaithe ar acmhainní dílse."

***

Nóta do na heagarthóirí:

Cuireann an díospóireacht leis an tionscnamh Ag machnamh ar an Eoraip de chuid an Choiste ar faoina scáth atá comhaltaí an Choiste ag reáchtáil na gcéadta díospóireachtaí ar fud na hEorpa. Tiomsófar an t-ábhar lena mbaineann i dtuarascáil a chuirfear faoi bhráid na Comhairle Eorpaí níos déanaí sa bhliain.

D'fhonn cás láidir a dhéanamh ar son beartas comhtháthaithe láidir le haghaidh gach réigiúin agus gach cathrach tar éis 2020, lainseáil an Coiste in éineacht le príomhchomhlachais chríochacha an Aontais Eorpaigh an #CohesionAlliance: gluaiseacht de chuid na cosmhuintire atá oscailte d’aon duine a chreideann gur gá leanúint de bheartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh a bheith ina cholún den Aontas sa todhchaí. Ó lainseáladh í i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, tá an Chomhghuaillíocht ag mealladh sínitheoirí nua gach lá fós, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, comhlachais ghnó, lucht acadúil, ceardchumainn agus meithleacha machnaimh.

Is féidir féachaint ar an díospóireacht arís ar EbS. grianghraif ar fáil le híoslódáil saor in aisce.

Déan teagmháil le:
Andrew Gardner

Teil. +32 473 843 981
andrew.gardner@cor.europa.eu

Roinn :