An tSeirbhís Cartlainne; ról Choiste na Réigiún
Tá de chúram ar Sheirbhís Cartlainne Choiste na Réigiún acmhainní doiciméadacha an Choiste a eagrú, a chosaint, a bhainistiú, a thuairisciú agus a chaomhnú agus iad a chur ar fáil don phobal.
Tar éis iad a sheachadadh chuig an tSeirbhís Cartlainne ag na ranna tionscnaimh, déantar na cartlann a athphacáistiú, a scanadh agus a chur ar mhicrifís ionas go n-áiritheofar a gcaomhnú fisiciúil. Déantar tuairisc ar gach comhad ionas go bhféadfar uirlisí cuardaigh (fardail) a chruthú.
Dhá bhailiúchán cartlann
Tá na cartlanna in eagar i mBailiúchán Choiste na Réigiún, ina gcuimsítear doiciméid a eascraíonn as sainghníomhaíochtaí an Choiste, agus as i mBailiúchán an Uachtaráin, ina gcuimsítear na comhaid a chuireann oifig phríobháideach an Uachtaráin ar fáil ag deireadh gach téarma uachtaránachta (dhá bhliain ó 1994 go 2010, agus dhá bhliain go leith dá éis sin).
Déantar na doiciméid ón dá bhailiúchán a chomhadú i gcomhréir le leagan amach sonrach comhadúcháin agus fardail ar leith ann dóibh.
Rochtain ar na cartlanna stairiúla
I gcomhréir le dlí na hEorpa maidir le rochtain phoiblí ar chartlanna, féadfar Cartlanna an Choiste a cheadú gan srian 30 bliain ón tráth a cruthaíodh iad; déanfar iad a cheadú i gcómhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta; beidh rochtain gan srian i gcónaí ar dhoiciméid a gceadaítear rochtain ag an bpobal orthu sula dtéann an tréimhse 30 bliain in éag.
Tá an seomra comhairliúcháin ar fáil do thaighdeoiríach coinne a shocrú roimh ré agus é faoi réir riachtanais slándála, lena n-áirítear doiciméad céannachta a thaispeáint. Aon doiciméid a cheadáitear féadfar cóipeanna a fháil díobh saor in aisce.
Uaireanta
Luan-Déardaoin: 9 a.m.- 12.30 p.m. agus 2.30-5 p.m.
Dé hAoine: 9 a.m.- 12.30 p.m.
Dúnta: Um Cháisc (Déardaoin Mandála, Aoine an Chéasta, Luan Cásca), an 1 Bealtaine, an 9 Bealtaine, Féile na Deascabhála (Déardaoin agus Aoine), Luan Cincíse, an 21 Iúil, an 15 Lúnasa, an 1 agus 2 Samhain agus idir an Nollaig agus Lá Caille