First Vice-President
Markku Markkula
(Páirtí an Phobail Eorpaigh)

Markku Markkula ina Chéad Leas-Uachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) tar éis dó a bheith ag fónamh mar Uachtarán ó mhí Feabhra 2015 go dtí mí Iúil 2017.

Tá sé ina chomhalta de Chomhairle Cathrach Espoo ó 1980 i leith, agus bhí sé ina Uachtarán uirthi sa tréimhse 1990-92 agus in 2010. Tá sé ina Chathaoirleach ar bhord na cathrach don tréimhse 2017-2021.

Bhí Markku ina chomhalta de Pharlaimint na Fionlainne (1995-2003) áit ar fhóin sé ar an gCoiste i leith na Todhchaí, i measc eile. Tá sé ag obair in Ollscoil Aalto agus é i mbun speisialtóireachta i mbeartas an Aontais Eorpaigh um thaighde, nuálaíocht agus oideachas. Roimhe sin bhí sé ina Stiúrthóir ar an Institiúid um Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil in Dipoli agus bhí sé ina Ard-Rúnaí ar an gCumann Idirnáisiúnta um Oideachas Leanúnach san Innealtóireacht (IACEE).

San Fhionlainn, bhí sé ina chomhalta de bhoird cuideachtaí agus comhlachais, ar nós Tekes, Gníomhaireacht Chistiúcháin na Fionlainne don Nuálaíocht agus don Teicneolaíocht. Mar aitheantas ar an méid atá bainte amach aige, toghadh é ina bhall de Halla na Laochra um Oideachas Aosach agus Oideachas Leantach in 2008.

Rugadh Markku Markkula in Kolari na Laplainne (an Fhionlainn) ar an 15 Iúil 1950. Tá sé pósta agus tá mac amháin agus beirt iníonacha aige

​​
Teagmháil leis an gComh-Aireacht +32 2 282 2314 president.cor@cor.europa.eu
Naisc eile
CV in DE / EN / FR

Latest news
My team

Cabinet contact +32 2 282 2314 president.cor@cor.europa.eu Rue Belliard 101, 1040 Brussels, Belgium
Speeches
News
 
​​​​​​​​​